Pilleann Oireachtas na Samhna an tseachtain seo agus beidh na Feirstigh i lár an aonaigh arís.

Is féile ealaíne agus cultúir í Oireachtas na Samhna, a thugann na mílte Gaeilgeoirí ó fud an domhain le chéile. Bíonn comórtais cheoil, amhránaíochta agus damhsa ar siúl ó thús go deireadh na féile, chomh maith le seoltaí leabhair, scannáin agus tuilleadh.

Beidh lucht na féile ag dul ó dheas arís go Cill Airne go dtí an t-Óstán Gleneagle, áit a mbíonn sí go minic, i ndiaidh di a bheith i mBéal Feirste anuraidh. Beidh féile na bliana seo ar siúl idir an 28 Deireadh Fómhair agus 1 Samhain.

Beidh Róise Ní Mhurchú san iomaíocht arís i mbliana sa chomórtas cáilithe ar an tsean-nós faoi 35. Is as Doire di ach tá sí ag cur fúithi i mBéal Feirste le roinnt mhaith blianta, agus bíonn sí ag teagasc ceoil ar fud na cathrach. 

"Dom féin, tá Oireachtas na Samhna ar cheann de na féilte is mó. Ó thaobh 
na hamhránaíochta de tá an oiread béime uirthi," ar sise.

"Is breá liom a bheith san iomaíocht achan bhliain, agus is cineál sprioc domsa é amhráin nua a fhoghlaim agus a bheith ag cleachtadh na n-amhrán.

"Bíonn ort amhrán mall a rá, agus má fhaigheann tú athghlaoch abrainn tú a mhalairt, amhrán gasta. 

"Ní fhaigheann ach méid áirithe athghlaoch, de ghnáth bíonn thart fá 30 sa chomórtas. Tá an oiread ceoltóirí ar ardchaighdeán agus bíonn sé go hiontach."

Tá seanbhaint ag Róise leis an Oireachtas. Tháinig sí sa dara háit sa chomórtas chéanna in 2023, agus bhí sí ainmnithe anuraidh do Réalta Óg na Bliana ag na Gradaim Chumarsáide.

"Tá cúpla comórtas faoi aois bainte agam, ach le fírinne tá mé féin ag dúil go mór le bualadh le daoine agus a bheith ag ceol. Sin é an rud is tábhachtaí dom.

"Bíonn craic againn i gcónaí ag Oireachtas na Samhna!"

Ní féile ceoil amháin í an tOireachtas, agus beidh Feirsteach eile Seán Mac Corraidh ag seoladh leabhair faoi shaothar Shéamuis Uí Ghrianna Dé Sathairn an Oireachtais. 

Ar ndóighe, tá cúpla Feirsteach ainmnithe sna Gradaim Chumarsáide, ina measc Mary Claire Nic Uilliam, Séimi Mac Aindreasa agus Conor Torbóid. Tá go leor clár agus comhlachtaí as Béal Feirste ainmnithe sna catagóirí eile fosta. 

Beidh Raidió Fáilte, TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón fhéile, agus beidh go leor pléphainéal ar cheisteanna áirithe a bhaineann le pobal; na Gaeilge, ina measc tithíocht, todhchaí na Gaeltachta agus cúrsaí foclóra.