Bhí foireann Oifig an Choimisinéara Gaeilge uilig amuigh ar an bhóthar ar ball agus iad ag freastal ar dhá chomhdháil éagsúil.

D'fhreastal an Coimisinéir é féin, Pól Deeds, ar an chruinniú bliantúil de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh. Ba é seo an chéad uair don Uasal Deeds a bheith ag freastal ar imeacht de chuid an Chumainn.

"Is grúpa tacaíochta é seo do na Coimisinéirí Teanga. Roinneann siad saineolas agus taithí s'acu lena chéile, agus tá siad ann le bheith mar thaca do na Coimisinéirí.

"Má tá Coimisinéir i dtír nó i ndlínse amháin ag plé le fadhbanna ar leith go leanúnach, is féidir leo dul chuig na Coimisinéirí eile ar an chumann le comhairle a fháil go bunúsach. Mar sin is cumann tacaíochta é thar rud ar bith eile."

Níl ballraíocht iomlán ag an Uasal Deeds ná ag Lee Reynolds, An Coimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Briotanach Ultach. Tá siad ina mbreathnóirí, mar gheall ar struchtúr an dá oifig agus ar an chumhacht atá ag an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire iad a stiúradh má fheidhmíonn siad le chéile, rud a deir Deeds "nach dtarlóidh."

Deir an tUasal Deeds go raibh sé ag dúil le comhbhá ó choimisinéirí eile mar go raibh sé soiléir leo faoi na bearnaí sa reachtaíocht. Ach a mhalairt a tharla!

"Is cosúil go bhfuil a leithéid de laigí ar fud an domhain. Níl teimpléad amháin ann atá foirfe. 

"Tá an Bhreatain Bheag mar an 'gold-standard,' agus tá siad iontach láidir, ach i ndlínsí eile sa Chosaiv agus i gCeanada, tá na fadhbanna céanna acu is atá againne. 

"Bhí daoine ag teacht agus ag léiriú dlúthpháirtíochta agus ag rá ag an am chéanna go bhfuil muid ag déanamh go maith agus go dtig linn cur leis an reachtaíocht amach anseo."

Bhí sé ar an ardán leis an Choimisinéir Teanga ó dheas, Séamas Ó Concheanainn, agus Osian Llywelyn ó Oifig an Choimisinéara sa Bhreatain Bheag, agus mhínigh sé an reachtaíocht úr ó thuaidh. 

"Labhair mé féin cuid mhór faoin reachtaíocht agus faoin tábhacht a bhaineann leis an straitéis don Ghaeilge. Tá sé sin ina chuid thábhachtach den struchtúr atá de dhíth leis an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn."

Deir sé gur fhoghlaim sé go leor ó Choimisinéirí Teanga de chuid Cheanada, áit a bhfuil coimisinéirí éagsúla do na mionteangacha éagsúla sa tír. 

Arsa Deeds, "Tá cuid mhór cosúlachtaí in áiteacha cosúil le New Brunswick agus Tuaisceart Éireann, sa dóigh is go mbíonn an Fhraincis agus an t-idirphlé idir an Fhraincis agus an Béarla go fóill ina cheist pholaitiúil ansin."

Deir sé gur chuir duine acu i gcuimhne dó go bhfuil sé tábhachtach go gcuimhníonn rialtas nach "rud breise é cosaint do mhionteangacha," ach gur "gealltanas daonlathach é."

Ar seisean, "Dúirt an Coimisinéir ó Ontario fosta gur 'bealach éifeachtach amháin chun iontaofacht a thógáil úsáideoirí seirbhíse agus údaráis phoiblí ná meas a léiriú do na húsáideoirí seirbhíse sin.' Agus is rud é sin a bheidh mé a rá nuair a bheidh mé ag caint leis na húdaráis sin."

Foilseoidh an tUasal Deeds a chaighdeáin i dtreo dheireadh na bliana seo, agus cé gur dhúirt sé nach féidir leis mórán a rá fúthu go fóill, d'fhoghlaim sé roinnt rudaí a bhéas á gcur i bhfeidhm aige ina chaighdeáin féin. 

"Fuair mé cuid mhór comhairle ó na coimisinéirí ar labhair mé leo ó thaobh próisis ghearáin, ó thaobh faireacháin agus próiseas monatóireachta, agus ó thaobh an ghaol atá ag Coimisinéirí Teanga ar fud an domhain leis na Rialtais sna tíortha sin. 

Le linn don Choimisinéir a bheith i nGaillimh, bhí Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Idirchaidrimh Earnála le hOifig an Choimisinéara, ag an chomhdháil EuroCALL in Ollscoil Uladh. 

Dúirt sí go raibh iontas ar a raibh i láthair ó achan chearn den domhan go raibh cuid daoine "in éadan an dara teanga a theagasc."

"Bhí daoine ag teacht chugainne agus ag léiriú an chomhbhá nach bhfuair Pól!" ar sise, "Bhí siad ag cur suime in obair s'againne agus ag guí rath orainn, agus bhí na cainteanna féin iontach suimiúil ó thaobh na teicneolaíochta don Ghaeilge."

Bhí Fionnuala Nic Thom ó Oifig an Choimisinéara ag comhdháil in Ollscoil Uladh
2Gallery

Bhí Fionnuala Nic Thom ó Oifig an Choimisinéara ag comhdháil in Ollscoil Uladh

"Tá cuid mhaith ar fáil i nGaeilge nach bhfuil muid ar an eolas faoi fiú ó thaobh na teicneolaíochta de. Cuireadh roinnt rudaí faoinár mbráid faoi theicneolaíocht a thiocfadh leis an saol oibre agus seirbhísí poiblí a dhéanamh i bhfad níos fusa do phobal na Gaeilge."

Sheas teachtaireacht mhór amach d'Fhionnuala ón Dr Neasa Ní Chiaráin le abair.ie, gur chóir infheistíocht a dhéanamh san Intleacht Shaorga sa dóigh is go bhfuil sé múnlaithe d'fhorbairt agus do theagasc theanga na tíre sin. 

Ar sise, "Más rud é go bhfuil teicneolaíocht á forbairt don Ghaeilge, ba chóir go mbeadh Gaeilgeoirí á forbairt. Daoine a bhfuil fios acu ar struchtúr na teanga, ar chanúintí, a thuigeann an teanga. Is iadsan na daoine gur chóir go mbeadh an fhorbairt seo á déanamh acu, seachas aistriúchán a dhéanamh ar rud éigin atá ar fáil do theanga eile cheana féin. 

"Tá muid iontach óg ó thaobh na teicneolaíochta sin, déarfainn go mbeidh muid ag mealladh daoine óga úra chuici, rud atá de dhíth le go dtig leis an Ghaeilge maireachtáil sa domhan mhór teicneolaíochta seo.

Dala theachtaireachtaí a fuair Pól Deeds ag Comhdháil na gCoimisinéirí, dúirt Fionnuala nach mór a bheith cúramach faoi ról na hIntleachta Shaorga, agus nár chóir í a bheith in úsáid in áit fhórsa oibre.

Deir an tUasal Deeds gur mhaith leis tógáil ar na gaolta atá forbartha aige anois le comhghleacaithe ar fud an domhain. 

"Bhuail mé leis an oiread sin daoine a bhí iontach tacúil agus cuidiúil. Caithfidh muid an dea-thoil sin a úsáid agus na gaolta sin a chothú. Tagann saineolas eile leis na comhráití sin ar fad. 

"Ba mhaith liom fosta an t-eolas uilig a fuair mé ag an chomhdháil a úsáid do dhréachtú na gcaighdeán agus do dhréachtú agus d'fhorbairt na bpróiseas monatóireachta agus gearán."