Tá dhá ghrúpa pobail as Iarthar Bhéal Feirste ainmnithe ar an ghearrliosta do ghradam mór de chuid Ghlór na nGael.
Rachaidh ionadaithe ó Fhís an Phobail agus ó Ghlór na Móna go Gaillimh ag an deireadh seachtaine chun a gcuid oibre a chur i láthair os comhair moltóirí agus an deis acu suas go €20,000 a bhaint.
Tá Glór na Móna ar an ghearrliosta sa chatagóir 'An Óige' dá sheirbhísí óige trí Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, Cumann Óige Uachtar Chluanaí agus Sólás na nÓg.
Tá Fís an Phobail ar an ghearrliosta sa chatagóir 'An Teaghlach' fá choinne a gcuid tacaíochta agus imeachtaí do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge.
Deir Bríd Nig Aoidh, Oifigeach For-Rochtana Pobail do Laochra Loch Lao ó Fhís an Phobail, gur mór an pléisiúr a bheith ainmnithe sa chatagóir.
"Tá muid ar bís an deis seo a fháil chun cur síos a dhéanamh ar an saghas oibre a dhéanann muid agus an dóigh a bhfreastalaíonn muid ar an phobal.
"Tá muid iontach bródúil as an fhéilire sheachtainiúil atá againn lán de sheirbhísí teaghlaigh."
Dúirt sí go bhfuil siad ag dúil le cluinstin faoi dhea-obair na ngrúpaí eile atá sa chatagóir leo.
"Tá mé cinnte cinnte go mbeidh muid ábalta foghlaim óna chéile. Tá muid ag dúil go mór le cluinstin ó na heagraíochtaí eile Gaeilge ar fud na tíre."
Tá duaischiste de €83,000 i gceist, agus €20,000 ag dul don bhuaiteoir foriomlán agus €10,000 don dara háit, €3,000 do bhuaiteoir gach catagóire agus trí dhuais thánaisteacha de €1,000 i ngach catagóir. Bronnfar deich nduais speisialta de €500 ar ghrúpaí a léirigh, dar leis na moltóirí, dul chun cinn as cuimse nó a rinne éacht faoi leith le linn na bliana ach nach bhfuair áit ar an ghearrliosta.
Deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael, gur léiriú iad líon na n-iontrálacha agus caighdeán na dtionscadal ar an obair éagsúil agus fiúntach atá ar bun ag pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Beidh deis againn na héachtaí sin a cheiliúradh, smaointe a roinnt agus aitheantas ceart a thabhairt do na daoine atá ag obair go díograiseach ar son na Gaeilge ina bpobail féin. Tá muid ag súil go mór le lá spreagúil, bríomhar agus ceiliúrtha i nGaillimh.”



