Tá iarmhúinteoir Choláiste Feirste i ndiaidh tús a chur le ranganna Gaeilge sa Nua-Shéalainn, nó Aotearoa mar a thugann bundúchasaigh na tíre uirthi.
Is as Cill Chua i gContae an Dúin í Ciar Nic Riocáird, agus sular bhog sí go dtí an Nua-Shéalainn anuraidh, theagasc sí i gColáiste Feirste ar Bhóthar na bhFál.
Bhog Ciar agus a leathchúpla Síofra, go Queenstown - nó Tāhuna - ar an oileán theas sa tír.
"Is áit iontach ghnóthach í. Bíonn daoine ag teacht anseo chun rudaí spraíúla a dhéanamh cosúil le bungee jumping, rothaíocht sléibhe nó sciáil," ar sise.
"Tá cumann peile anseo darb ainm Queenstown Gaels, agus bhí an t-ádh orm go raibh an pobal sin anseo nuair a tháinig mise agus mo dheirfiúr. Chuidigh siad go mór linn."
Bhuail Ciar le daoine eile a raibh Gaeilge acu sa chumann peile, rud a chuidigh go mór léi socrú agus a bheith ar a suaimhneas.
"Nuair a fuair daoine amach gur múinteoir Gaelscoile a bhíodh ionam sa bhaile, bhí suim acu an teanga a fhoghlaim. Sílim go bhfuil bród ar dhaoine an teanga a úsáid," ar sise.
Chláraigh dáréag don chéad téarma, agus Éireannaigh amháin atá iontu, ach dúirt Ciar go mbeadh sí ag súil go dtiocfadh daoine ó thíortha éagsúla amach anseo.
An rang i mbun oibre
"Ní raibh seans ag roinnt daoine sna ranganna Gaeilge a fhoghlaim ariamh. Mar sin is iontach an deis sin a thabhairt dóibh. Agus ansin tá daoine a bhfuil cuid Ghaeilge acu nach bhfuil ag iarraidh í cailleadh."
"Seo an chéad seisiún as ocht seisiún a dhéanfaidh muid san iomlán," ar sise.
"Tá an t-ádh orm gur múinteoir mé anseo agus go bhfuil an scoil iontach flaithiúil. Thug siad cead dom mo sheomra féin sa scoil a úsáid do na ranganna."
Ní hamháin gur cuireadh tús le haistear foghlama do dháréag, ach chuidigh sé le Ciar í féin chun cumhaidh an bhaile a shárú.
"Seo an chéad cheacht Gaeilge a bhí ann ó bhí mise anseo cibé. Sílim go mbíonn na ranganna iontach tábhachtach chun daoine a thabhairt le chéile."
"Bhí mé sáite sa teanga sa bhaile. Nuair a tháinig anseo ar dtús bhí cumhaidh i ndiaidh mo bhaile orm. Mhothaigh mé gur gearradh na fréamhacha s'agamsa. Bhí mé ag streachailt go mór le socrú anseo. Ansin thosaigh mé ar thraenáil peile agus mhothaigh mé go raibh mé ag bualadh le mo phobal féin arís.
"Pobal, bród agus ceangal le do fhréamhacha. Sin iad na rudaí is tábhachtaí sna ranganna."




