Tá an fhéie litríóchta Gaeilge IMRAM ag teacht chuig An Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál Dé hAoine 3 Bealtaine le 'Siúracha na Gealaí Caillte - The Diane Di Prima Project'

Ócáid dhraíochta atá sa seó seo ina samhlaítear comhra fíleata idir an file radacach Diane di Prima agus Dairena Ní Chinnéide le ceol nua-chumtha ag Nick Roth, agus píosaí á gcasadh ag Olesya Zdorovetska.

Le cois beidh íomhánna áille á dteilgeadh ag Margaret Lonergan.

Guth radacach i nuafhilíocht Mheiriceá a bhí ag Diane di Prima, glór cumhachtach feimineach nuair ba iad na fir is mó a labhair ar son ghlúin na bhfilí Beat.

Lámhleabhar na hagóidíochta frithchultúrtha a bhí sa leabhar aici 'Revolutionary Letters' (1971) a léiríonn samhlaíocht útóipeach agus aird á tarraingt aici ar an éiceolaíocht. Sa dán eipiciúil Loba, ar tour-de-force é, tarraingíonn sí ar go leor miotas chun spiorad an fhaolchú mar bhandia a chruthú le cantaireacht orthaí.

Ticeid ar fáil ar £12 don seó amháin, nó £30, a chlúdaíonn an seó agus béile dhá chúrsa ó Bhia Loch Lao thíos staighre sa Chultúrlann. Ticéid anseo.