Bhí baill den Mheitheal Meantóireachta os comhair na nDragún Dé hAoine mar chuid de "Dragon's Den" an tionscadail. 

Is clár cumasaithe í an Mheitheal Meantóireachta atá dírithe ar ghníomhaithe teanga agus ar dhaoine a oibríonn san earnáil phobail Ghaeilge.

Cuireann an cúrsa meascán de mhodúlacha praiticiúla agus teoiriciúla ar fáil, agus foghlaimíonn rannpháirtithe ó dhaoine mór le rá i saol na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin. 

Bhí ar na grúpaí ar fad teacht aníos le smaoineamh gnó don tasc is déanaí seo, agus é a chur i láthair os comhair painéil moltóirí, Connla McCann ó Aisling Events, Ciarán Mac Giolla Bhéin ón Mheitheal Meantóireachta, agus Eibhlín Nic Cormaic a bhí ar an tionscadal anuraidh.

Bhí baint ag Anna-Marie McGuinness leis an ghrúpa a bhain, agus í ag comhoibriú le Maithín Ó hÁgáin agus Bríd Nig Aoidh.

"Ag dul tríd an phróiseas leis an Dragons' Den, bhí cúpla ról difriúil agam," arsa Anna-Marie. "D'oibrigh mise ar na meáin shóisialta agus ar an mhargaíocht."

"Tháinig muid aníos le Danu Faisean. Bandia sa mhiotas a bhí inti. Agus an smaoineamh a bhí againn na éadaí a dhearadh agus a dhíol agus cibé brabús a rinne muid a chur ar ais sa Mheitheal. 

"Thiocfadh seo a úsáid chun níos mó seisiún a chur ar fáil agus níos mó daoine óga a chlárú don togra."

Tá seisiún amháin fágtha ag grúpa na bliana seo agus beidh bronnadh ann daofa ag deireadh an phróisis. Dúirt Anna-Marie go raibh sé thar a bheith luachmhar ar fad mar eispéireas.

"Mholfainn an Mheitheal go hard na spéire," ar sise. "Duine ar bith a fhaigheann an deis chun an Mheitheal a dhéanamh, deán é."