Fógraíodh buaiteoirí na nGradam Cumarsáide ag Oireachtas na Samhna ag ócáid gháifeachta agus ghalántachta in Óstán Ghleann an Iolair ar chéad oíche na féile.

Bhronn an tAire Forbartha, Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. na gradaim ar na buaiteoirí. Deir an tOireachtas go dtugann na gradaim "aitheantas don ardchaighdeán agus do sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain."

Rinneadh ceiliúradh ar láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, cruthaitheoirí, colúnaithe agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse as a gcuid oibre le dhá mhí dhéag anuas, agus bronnadh ceithre dhuais déag.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 ar an iriseoir Cathal Mac Coille, agus fógraíodh í Laura Ní Aoidhne mar Réalta Óg na Bliana, an t-aon ghradam amháin a bronnadh ar bhonn vóta poiblí.

Bronnadh Pearsa Teilifíse na Bliana ar Ghráinne Holland as Béal Feirste. Tá comhlacht léiriúcháin dá cuid féin ag Gráinne agus a fear chéile, Frainc, darb ainm Corca Media. Bíonn siad ag léiriú cláracha teilifíse, podchraoltaí agus cláir raidió.

Chuir Gráinne, Frainc agus a gcuid páistí Scoil Choille 2 i láthair do Chúla4, agus bronnadh an duais ar Ghráinne as an obair sin.

Rinne Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad.

"Tá earnáil na meán Gaeilge ag fás go tréan agus ag síor-shárú na n-iarrachtaí atá le sonrú i measc na meán go ginearálta, ní amháin sa tír seo ach go hidirnáisiúnta freisin," ar sise.

"Ní tharlódh a leithéid gan paisean, díograis agus uaillmhian na ndaoine ag gach aon leibhéal atá ag tiomáint na bhforbairtí agus ag cothú glún óg, stuama, cruthaitheacha, le teacht ina ndiaidh.

"Tréaslaím le buaiteoirí uile na hoíche anocht agus guím gach rath orthu siúd ar fad atá ag saothrú san earnáil – na craoltóirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, na colúnaithe agus na daoine cruthaitheacha eile – sa bhliain atá romhainn."

Liosta iomlán na mbuaiteoirí:

Scannán nó Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga - Mo Shaol Do Shaol, Macalla Teoranta

Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála - Ruaille Buaille, Highland Radio

Iriseoir na bliana -Darren Ó Dubhgáin, TG4 & Tuairisc.ie

Clár Teilifíse na Bliana -Amhráin do mo Mháthair, South Wind Blows

Pearsa Raidió na Bliana - Rossa Ó Sioradáin, Raidió na Life

Colúnaí na Bliana - Alex Hijmans, Tuairisc.ie

Craoltóir Solabhartha na Bliana - Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4

Sraith Teilifíse na Bliana - Ceartas Crua, Midas Productions

Sraith Raidió na Bliana - Oileánach, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pearsa Teilifíse na Bliana - Gráinne Holland

Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail - TradSoc Takeover, Flirt FM 101.3

Cruthaitheoir Gaeilge na Bliana - Cúán de Búrca

Réalta Óg na Bliana -Laura Ní Aoidhne

Buaicghradam - Cathal Mac Coille