Bhí iriseoir óg atá ag cur fúithi i mBéal Feirste i measc na mbuaiteoirí ag Comórtais Liteartha an Oireachtais i gCill Airne.
Bhain Storm Eaton-Kilgallen, a oibríonn do Seachtain agus a bhíonn ag craoladh le Raidió Fáilte, an chéad áit sa chomórtas 'Iriseoireacht faoi Tríocha' fá choinne a píosa "Maratón, Máistreacht Nó Muirín: An Leor na Spriocanna Sin Bhaint Amach, Mura Roinntear Ar Líne Iad?"
Is Carmanach ó dhúchas í Storm, agus tá sí faoi bhláth i ndomhan na meán Gaeilge le blianta beaga anuas. Ainmníodh í fá choinne Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2024.
Tá catagóirí éagsúla sna Comórtais Liteartha, idir dhrámaí, fhilíocht agus scríbhneoireacht próis. Chuir Storm isteach ar an chatagóir 'iriseoireacht faoi 30,' atá urraithe ag an iris Nós.
"Chuireas isteach air sin cúpla mí ó shin," arsa Storm "rinne mé glan dearmad gur chuireas isteach air!
"Scríobhas féin píosa thart ar mhíle focal agus d'amharc painéal moltóireachta air. Ní raibh a fhios acu cé a scríobh agus roghnaigh siad a mbuaiteoirí bunaithe ar an mhéid a léigh siad."
Bhí píosa Storm bunaithe ar TikTok a chonaic sí faoi mhianta Glúin Z na laetha seo, agus thug sé go leor ábhar machnaimh agus taighde di.
"Rud as an ghnáth a bhí ann domsa i gcomparáid leis an ghnáthrud a dhéanaim!" ar sise.
"Chonaic mé TikTok ar na mallaibh agus dúirt sé, 'más rud é gur duine sna fichidí thú, caithfidh tú ceann amháin a roghnú agus é a bhaint amach,' ar sise. "Bhíos ag déanamh mó mhachnamh, an fíor sin? Mar níl aon rud den triúr sin déanta agam! B'fhéidir go ndéanfaidh mé máistreacht ag pointe éigin nó beidh páistí agam, ach ní dóigh liom go bhfuil maratón ar na cártaí.
"Bhíos ag smaoineamh an bhfuil spriocanna s'againn théis athrú le blianta anuas mar gheall ar - mar shampla - an ghéarchéim tithíochta? An bhfuil sé níos fusa do dhaoine leathmharatón a rith ná mar atá sé morgáiste a fháil nó teach a cheannach?
Ar sise, "Bhíos ag smaoineamh air sin agus shocraigh mé taighde a dhéanamh. Tá duine as gach deichniúr in Éirinn cláraithe do Parkrun na laethanta seo, agus bhíos ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh an bhfuil níos mó speise ag daoine sna rudaí sin anois nó na bhfuil spriocanna ag athrú mar gheall go bhfuil gach rud deacair na laethanta seo?
D'amharc Storm ar nósanna dhaoine rudaí a phostáil ar líne agus nósanna staidéir chomh maith, agus dúirt sí gur "tráchtaireacht shóisialta" a bhí sa phíosa thar aon rud eile.
"De ghnáth i mo chuid iriseoireachta bímse ag cur agallaimh ar dhaoine agus ag plé le saineolaithe, ach an uair seo scríobh mé ó mo chroí agus ó na rudaí a bhí feicthe agamsa. Bhí ana-chuid taighde ag baint leis."
Ní raibh cead ag iarrthóirí na píosaí a fhoilsiú sular cuireadh isteach sa chomórtas iad, ach beidh píosa Storm á fhoilsiú ar Nós.ie gan mhoill.




