Thug an Reachtaire Gary Hastings, ar bronnadh Ard-Ollamh na Fleidhe air, caint ar an cheol traidisiúnta ar an dá thaobh den phobal anseo, dár teideal 'Traditional Music: Orange and Green."

Protastúnach de bhunadh Bhéal Feirste é Gary, ar tógadh é idir an Bhóthar Woodstock agus Bhóthar Chnoc an Fhéich. Níor bhuail sé le Caitliceach go dtí go raibh sé ar an ollscoil i gCúil Ráithín, áit ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge agus ar bhuail sé lena bhean chéile Caitríona, nach maireann.

Bhí suim as cuimse aige ariamh sa cheol agus ba ar an tsuim sin a tharraing sé le linn na cainte, i mBéarla, faoin nasc idir an dá thaobh agus na cosúlachtaí idir na stíleanna ceoil. 

"The two sides are exactly the same, but different!"

Rinne sé go leor tagartha le linn a chainte ar cheol na bhfear buí, agus thug sé an lucht féachana ar thuras staire, ó na laethanta roimh Phlandáil Uladh go dtí an lá atá inniu ann.

Sheinn sé cúpla port ar an fheadóg mhór, a bheadh á seinm de ghnáth ar an fhíf, agus mhínigh sé go raibh na poirt chéanna le fáil ar thaobh na gCaitliceach agus ar thaobh na bProtastúnach ó thuaidh. 

"There's a social, cohesive element to music that brings people together.

"Everybody in the north is political, because that's how we're reared. But for most of us it's subliminal.

"Music we call traditional, orange or green, is alive and well."

Ag caint leis i ndiaidh na himeachta, dúirt an tUasal Hastings go raibh an oiread cosúlachtaí sa cheol don dá thaobh ach nach raibh seans ag daoine óga blaiseadh a fháil ar an taobh eile.

"Na daoine a tógadh i mBéal Feirste, ní bheadh aon seans acu aon taithí a bheith acu ar an cheol eile seo."

Dúirt sé go raibh athrú mór i ndiaidh a theacht ar nósanna ceoil ár linne. Ba ghnách le hallaí damhsa agus imeachtaí a bheith sna cathracha agus sna bailte beaga ach ní ann daofa sin níos mó, arsa Gary.

"Rud áitiúil a bhí sa tseancheol agus rud a raibh pobal thart air. 

"Bíonn an ceol sa fón ag daoine anois agus na rudaí a bhfuil dúil acu iontu atá i gceist. Ní bhaineann sé sin le haon chultúr amháin ach amháin cultúr an idirlín."

Is láidre i bhfad an cultúr ceoil in Éirinn ná in áiteacha eile sa domhan, dar le Gary, ach go bhfuil athrú tagtha ar an dóigh a bhfoghlaimíonn an ghlúin óg. 

"Tá ceol in Éirinn go fóill, nach bhfuil i mórán áiteacha eile ar fud an domhain. Tig daoine go hÉireann go gcluinfidh siad an ceol seo.

"Nuair a bhí muid ag foghlaim sna seachtóidí, fuair muid amhráin ó na daoine a tháinig romhainn. Foghlaimíonn an mhuintir óig an lae inniu ar mhaithe le seisiúin mhóra."

Chuir sé béim ar thionchar na críochdheighilte ar an cheol. Ba ghnách le daoine i bhfad níos mó taistil a dhéanamh le hamhráin a sheinm agus seisiúin a bheith acu sula raibh an críochdheighilt ann, dar leis.

"Nuair a scríobhadh an líne sin, bhí daoine ag teacht agus ag imeacht agus aon tír amháin a bhí ann. 

Ar seisean, "Bhí spectrum d'fhéinaitheantas ann sular scríobhadh an líne. Ach nuair a tháinig an líne sin, scéal eile ar fad a bhí ann. Bhí na muintir sa chuid seo tíre ar son na tíre bhige seo, agus ag iarraidh á choinneáil le chéile agus na Caitlicigh a chur faoi chos. Bhí achan rud níos láidre ó thuaidh mar gheall air sin. Polaitíocht agus achan rud. Agus bhí tionchar mór aige sin ar an cheol."