Bhí Bláthnaid Ní Mhaoilmheanna i gcuimhne bhaill Laochra Loch Lao Dé Sathairn mar a reáchtáladh an chéad 'Lá na Laochra - in ómós do Bhláthnaid' ag Spórtlann na hÉireann.
Bhí foireann déag i láthair ó fud fad na cathrach; Laochra Loch Lao, Naomh Pól, Naomh Éanna, Gort na Móna, Na Piarsaigh, CLG Cairdinéal Uí Dhómhnaill, CLG Mícheál Mhic Dhaíbheid, Gaeil Chollainn, Naomh Bríd, Naomh Gall agus Ceathrú Aodha Dhuibh.
Reáchtáladh cluichí iomaíocha do na páistí a bhí i láthair, agus tugadh lón d'achan imreoir. Rinneadh BBQ do na daoine fásta agus bhí lá spraoi sa halla spóirt, le preabchaisleáin agus le himeachtaí eile.
Go dtí seo, tá níos mó ná £1500 bailithe, idir an leathanach JustGiving agus airgead crua, don charthanas Brainwaves NI.
Dúirt Damien McCallin, Bainisteoir Forbartha Cumann agus Cluichí le Laochra Loch Lao, go bhfuil laethanta mar seo ríthábhachtach d'fhorbairt scileanna na n-imreoirí óga.
"Roinn muid an pháirc ina ceithre pháirc. Staid Semple, Páirc Mhic Ásmaint, Páirc Markievicz agus Páirc Parnell.
"Ní comórtas atá i gceist anseo ach deis do pháistí a gcuid scileanna a fhorbairt. Tá seacht bhabhta ann, faigheann achan fhoireann seal in éadan a chéile.
"Ní dhíríonn muid ar an chomórtas féin ach ar an méid is mó teagmhála a fháil do na páistí."
Mhol sé na foirne a tháinig go Spórtlann na hÉireann le páirt a ghlacadh sa lá speisialta seo, agus dúirt sé go raibh sé tábhachtach gur chothaigh na Laochra nasc leis na foirne eile sa chathair.
"Tá an t-ádh dearg orainn i mBéal Feirste go bhfuil an oiread foirne thart orainn agus ní gá do na foirne seo taisteal i bhfad.
"Amach anseo beidh orainn taisteal lasmuigh den chathair, ach is iontach go bhfuil laethanta mar seo ann do pháistí faoi aois faoi láthair."



