Bhí torthaí na hoibre cruaidh le feiceáil i gColáiste Feirste mar a d'oscail daltaí a gcuid torthaí Ard-Leibhéil. Bhí daltaí ag fáil torthaí AS agus A2 sa scoil.
Tá sé ar intinn ag Aoife Nic Cuinneagáin dul go hOllscoil Uladh le cúrsa san innealtóireacht mheicniúil a dhéanamh, agus tá sí breá sásta go mbeidh sí ag tabhairt faoin chúrsa.
"Rinne mé an Ghaeilge, mata agus bitheolaíocht, agus fuair mé A, C, C.
"Bhí mé trína chéile ar maidin! Bhí mé ag caoineadh fiú nuair nach raibh mo chuid torthaí agam go fóill. Bhí mé in achan áit, ní raibh mé go maith.
"Shíl mé inné nach mbeinn ábalta dul amach mar bheinn rómheallta ach is cinnte go mbeidh mé amuigh anocht ag ceiliúradh."
Áine Nic Anmhanaígh, Cormac Buckley agus máthair Áine, Sharon
Bhí Áine Nic Anmhanaígh ag tabhairt faoi scrúduithe AS, agus ba mhaith léi a theacht ar ais go Coláiste Feirste ar an bhliain seo chugainn le A2 a dhéanamh, sula gcuirfidh sí isteach ar chúrsa múinteoireachta i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.
"Rinne mé an Ghaeilge, staidéir spóirt, tíreolaíocht agus eolaíocht beatha agus sláinte don AS-Leibhéal. Fuair mé trí A agus B amháin.
"Bhí mé iontach neirbhíseach ach iontach sásta nuair a d'oscail mé na torthaí agus nuair a fuair mé amach go raibh trí A agus B agam."
Deir Domhnall Ó Néill, Leas-Phríomhoide Fhoghlaim agus Teagaisc i gColáiste Feirste, go bhfuil an scoil iontach bródúil as a gcuid páistí arís eile i mbliana.
"Arís i mbliana tá muid iontach bródúil as na scoláirí. D'éirigh thar barr le go leor acu. Tá díomá ar chúpla duine anseo is ansiúd ach is dócha nuair a amharcann siad ar na torthaí a fuair siad tchífidh siad go bhfuil go leor doirse oscailte.
"Uaireanta bíonn siad ag dúil le rud ar leith. Bíonn cor sa chinniúint ar an lá seo agus ansin críochnaíonn siad san áit ar chóir dóibh a bheith."
Ag caint leis faoi na daltaí nach bhfuair na torthaí a raibh siad ag dúil leo, dúirt Domhnall gur thosaigh an próiseas sin i bhfad roimh an lá mór féin.
"Tosaíonn an próiseas sin i bhfad roimh lá na dtorthaí. Chothaigh muid caidreamh leis na daltaí agus na tuismitheoirí ar feadh seacht mbliana.
"Nuair a léiríonn tú tuiscint agus nuair a labhrann tú le daoine, creideann siad iontu féin, agus creideann siad sna múinteoirí a chuidíonn leo mar gheall ar an dea-chaidreamh sin, agus mar gheall ar an chomhoibriú trí-bhealach sin idir an scoil, an teaghlach agus an dalta."
Ar seisean, "Bíonn muid ag brath ar na caidrimh sin in achan rud a dhéanann muid ach go háirithe ar laethanta mar seo."
Dúirt sé go raibh an scoil ábalta dúshláin ar leith á shárú agus gur gcuirtear an-bhéim i gcónaí ar na rudaí seach-churaclaim a thagann le bheith i do dhalta Gaelscoile.
"Ar ndóighe tá dúshláin ar leith romhainn mar Ghaelcholáiste nach mbíonn roimh na scoileanna Béarla.
"Ach tá daoine sa phobal ag amharc orainn agus tuigeann siad go dtig le dalta teacht go Coláiste Feirste, torthaí iontacha a bhaint amach agus todhchaí a chinntiú dóibh féin.
"Ach chomh maith leis sin rud éigin sa bhreis a fháil leis an teanga agus leis an phobal, agus na caidrimh sin a chothú atá chomh luachmhar, nó b'fhéidir níos luachmhaire arís, ná na torthaí a fuair siad."


