Dúirt Seán Ó hEacháin, Ceannaire Eochairchéime ag leibhéal GCSE i gColáiste Feirste, go bhfuil an scoil fíorshásta le hobair agus le hiarracht na ndaltaí mar a fuair siad a dtorthaí GCSE. 

"Léiríonn laethanta mar seo an díograis agus an obair a chuir na daltaí isteach i rith na bliana, an tacaíocht a thug an scoil daofa, agus ar ndóighe, na teaghlaigh agus na múinteoirí agus achan duine a bhain leo.

"Tá go leor daltaí anseo agus iad breá sásta, agus is iontach sin a fheiceáil. Ar ndóighe, beidh roinnt daoine míshásta leis na torthaí a fuair siad, ach tá muidne iontach maith ag plé leis na daltaí sin."

Ag caint leis faoi roghanna eile do dhaltaí nach bhfuair na torthaí a raibh siad ag dúil leo, dúirt an tUasal Ó Eacháin go bhfuil an scoil breá ábalta cuidiú leo.

"Cuireann muid an-tábhacht leis na scrúduithe, ar ndóighe, ach tá muid iontach cineálta agus pragmatach leis na daltaí faoi na roghanna s'acu. Tá muid iontach oscailte faoi na daltaí a thugann muid ar ais ar scoil.

"Ní bhaineann muid úsáid as na scrúduithe seo le holc a chur ar na daltaí nó le lipéad a chur orthu. Tacaíonn muid leo an oiread agus is féidir."

Ag moladh na ndaltaí, dúirt an tUasal Ó hEacháin gur chóir go mbeadh siad bródúil as a gcuid iarrachtaí le linn na bliana, agus gur deis cheiliúrtha atá i lá na dtorthaí.

"Mar mhúinteoirí agus mar scoláirí, éiríonn muid gafa ó lá go lá leis an obair laethúil. Tá sé deas, mar sin, ar laethanta mar seo, seasamh siar agus go dtagann achan duine le chéile. Is miongháirí agus gáirí a fheicim sa seomra anseo inniu. Tá sé deas a bheith ábalta amharc ar thorthaí na hoibre."

Mhol Príomhoide na Scoile, Mícheál Mac Giolla Ghunna, an timpeallacht dhearfach a chruthaíonn an Gaeloideachas, mar spás foghlama agus mar spás d'fhorbairt phearsanta.

"Cruthaíonn an Gaeloideachas timpeallacht an-chumhachtach don fhoghlaim agus don fhorbairt phearsanta fosta.

"Feiceann muid na páistí beaga ag teacht isteach ag aois a haon déag agus ag fás go tapaidh agus ag éirí níos muiníní, níos fiosraí faoin saol, ag cothú tuairimí láidre, agus ag díriú isteach ar an staidéar. 

Ag caint ar na dúshláin a bhíonn roimh scoileanna lán-Ghaeilge, dúirt an tUasal Mac Giolla Ghunna go bhfuil sé tábhachtach nach gcailleann siad misneach agus uchtach.

"Cuirtear go leor dúshlán romhainn i gcónaí. Ní raibh an Ghaelscolaíocht furasta riamh, agus níl go fóill, ach tá muid an-láidir. Tá muid an-tiomanta. Creideann muid sa rud atá muid a dhéanamh mar feiceann muid an difear a dhéanann sé i saol ár ndaoine óga. Agus ar ndóigh saol an phobail mháguaird. Tá na hiardháltaí s'againne ag imirt tionchair iontach ar chathair Bhéal Feirste."

Dúirt sé go mbeadh fáilte roimh achan dalta ar ais ar scoil don Ard-Leibhéal, agus go bhfuil bealaí eile ann leis an ghairm bheatha ar mhaith leo a bheith acu a bhaint amach.

"Thug muid gealltanas sa chéad bhliain go dtabharfaimis aire mhaith do na páistí seo go ceann seacht mbliana. Tá muid i ndiaidh cúig bliana a chríochnú leo, tá dhá bhliain eile le dul.

"Tá réimse leathan de chúrsaí againn idir chúrsaí A-Leibhéil agus Phrintíseachtaí. Beidh áit ann d'achan eile duine na haidhmeanna s'acu a bhaint amach."

Dúirt dalta an choláiste, Odhrán Mac Philib, go bhfuil sé ag iarraidh teacht ar ais agus A-Leibhéal a dhéanamh sa scoil.

"Tá mé an-bhródúil as mo chuid GCSE agus an-sásta leis na torthaí. Fuair mé pas in achan rud seachas TFC, agus fuair mé A sa Ghaeilge agus sa Staidéar Spóirt."

"Déanfaidh mé A-Leibhéal ar an bhliain seo chugainn agus ba mhaith liom dul chun na coláiste ina dhiaidh sin."

Tá dalta eile, Laura de Brún, ag dul a thabhairt faoi chúrsa gruagaireachta le Gaelchúrsaí, an ghairmcholáiste ar Bhóthar na bhFál.

"D'éirigh go maith liom. Tá mé sásta. Shíl mé go mb'fhéidir go n-éireoinn níos fearr liom, ach tá sé seo maith go leor. Bhí mé iontach neirbhíseach ar maidin ach iontach sásta leis na torthaí."