Tá Hannah Ní Dhubhcháin, arb as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill di ó dhúchas, ach a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste le breis agus deich mbliain anuas, ag pilleadh ar an chathair i ndiaidh samhradh a chaitheamh sa bhaile.

Ach ní ag ligean a scíthe a bhí sí agus í ag cur faoi i Rann na Feirste arís, nó ag foghlaim litríocht Mhic Ghrianna nó ceol Chlann Mhic Ruairí.

Tá Hannah i ndiaidh an dara samhradh i ndiaidh a chéile a chaitheamh ag obair mar bhean tí do scoláirí Gaeltachta atá ag freastal ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste, ag tógáil ar thraidisiún atá sa chlann le beagnach céad bliain.

Tá clú agus cáil ar na mná tí ar fud na tíre seo. Ó bunaíodh coincheap na gcoláistí samhraidh, bhí ról lárnach acu agus ag a dteaghlaigh ag tabhairt aire dóibh siúd a thagann chun na Gaeltachta leis an Ghaeilge a fhoghlaim. 

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste
2Gallery

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Léiritheoir teilifíse atá in Hannah de ghnáth, agus tháinig na mílte scoláirí fríd dhoirse an tí thar na mblianta. Bhíodh a máthair, Caitlín, mar bhean tí roimpi, agus a máthair mhór, Nóra, roimpi sin. Nóra a thug an t-ainm don teach cáiliúil, Nóra Frainc Chonaill. Bhíodh ceangal ag an teach le Béal Feirste sula dtáinig Hannah mar bhean tí, mar gurb as Béal Feirste a hathair mór.

"Nuair a bhog mé go Béal Feirste, ba chuma cén choirnéal ar chas mé orthu, bhí aithne ag duine ar an teach, ormsa, ar Granny. Nó má dúirt mé le duine gurb as Rann na Feirste mé, déarfadh sé 'oh d'fhan mise i dteach Nóra Frainc Chonaill,' nó 'd'fhan mo mhac sa teach sin.'"

"Tá cuimhne agam ar scoláirí sa teach againne ó rugadh mise.

"Agus tá traidisiún scoláirí a bheith sa teach ó bhí 1934 ann. Bheadh sé deacair cúrsa a fheiceáil nach mbeadh scoláirí i dTeach NFC. Traidisiún atá ann nár mhaith liom a chailleadh."

Ní cinneadh éasca a bhí sa chinneadh do Hannah chun dualgais na mná tí a thabhairt uirthi féin. Cheannaigh sí féin agus a fear chéile, Caoimhín, teach i mBéal Feirste arú anuraidh agus bhí sí ag dul a bheith ar shiúl don samhradh ar fad dá nglacfadh sí leis an obair.

"Cinneadh iontach mór a bhí ann, caithfidh mé a rá. Bhí mé ar shiúl do dheireadh seachtaine leis na girseachaí ón bhaile. Agus tá duine de na cailíní ina bean tí agus bhí sí a rá go bhfuil sé iontach maith agus na deiseanna a fuair sí as. Bhí sí ábalta rudaí a dhéanamh leis an teach, agus páistí a thabhairt ar saoire agus rudaí mar sin. 

"Agus shíl mise go mb'fhéidir go raibh sí ag rá sin ar mhaithe lená rá ach dúirt sí gurb é an cinneadh ab fhearr a rinne sí riamh. Chuir mé scairt ar mo mháthair, agus dúirt mé léi gan cuidiú a fháil isteach agus go ndéanfainn féin é.

"Agus caithfidh mé a rá go bhfuil mo chroí istigh ann."

Ach ní hiad na samhraí amháin a oibríonn mná tí. Míníonn Hannah go dtagann daoine i rith na bliana, ar bhonn príobháideach ó am go chéile, agus go dtosaíonn na cúrsaí fán Cháisc gach bliain.

"Tosaíonn scoláirí ag teacht chugainn ón bhliain úr ar aghaidh," lean sí léi. "Tagann muintir na hollscoile um Cháisc.

"I mí na Bealtaine bíonn cúrsa bunscoile ann. Bíonn siad sin agat ón Luan go dtí an Aoine. Scaifte iontach óg atá iontu agus tagann na múinteoirí leofa.

"Tosaíonn cúrsaí an tsamhraidh ag tús mhí an Mheithimh, bíonn cúrsa coicíse ann ag an tús. Ansin cúpla cúrsa seachtain agus cúrsaí coicíse ann don chuid eile den samhradh. Tagann muintir Ollscoil na Banríona ag deireadh mhí Lúnasa, bíonn trí seachtaine acu agus bíonn sé sin ar an chúrsa deireanach."

Idir óg is aosta a thagann chun tí Nóra Frainc Chonaill, agus uaireanta níor leag siad cos sa Ghaeltacht, nó ar chúrsa Gaeltachta, riamh roimhe. Bíonn ról tábhachtach ag an bhean tí leis na daoine seo a chur ar a suaimhneas. 

"Tagann siad isteach Dé Domhnaigh de ghnáth agus súile móra orthu. Téann tú fríd na rialacha leofa. Caithfidh tú iad a dhéanamh compordach agus an rud is mó a deirim leo ná meas a bheith acu ormsa, orthu féin agus ar an teach. Má dhéanann siad sin beidh muid go breá.

FÁS AON LAE

"Tchíonn tú daoine difriúla ón lá a dtagann siad isteach go dtí an lá a n-imíonn siad. Tagann siad isteach agus iad iontach ciúin, gan focal acu, agus taobh istigh de chúpla lá bíonn siad ag caint, compordach agus craic acu."

Tá athrú mór tagtha ar an saol ó luath-laethanta an tí, nuair a bhí máthair mhór Hannah, Nóra, ag coinneáil na scoláirí. Ba ghnách le hobair an tsamhraidh a bheith mar phríomh-ioncam ag mná tithe, ach anois agus an domhan agus an saol athraithe go mór, bíonn poist laethúla ag cuid mhór de na mná. D'fhorbair an choláiste straitéis úr le freastal a dhéanamh air sin. 

"Thosaigh Coláiste Bhríde Rann na Feirste ar mhodh úr anuraidh. Cuireann muid lón leofa nuair a théann siad chun na coláiste ar maidin agus ní bhíonn siad ar ais sa teach go dtí cúig a chlog."

Ó thús na gcúrsaí go deireadh an tsamhraidh, ní minic a bhíonn bomaite ciúnais ag bean an tí. 

"Bíonn tú tuirseach. Ach cúrsaí an tsamhraidh, níl iontu ach deich seachtaine. Cuireann tú do chloigeann síos fá choinne deich seachtaine agus bíonn tú ag obair chun tosaigh ort féin, b'fhéidir prátaí a bheith réidh agat go luath sa lá nó an dinnéar a bheith déanta don lá arna amárach. Ach téann na deich seachtaine isteach chomh gasta sin."

BUACHAILLÍ OCRACHA

Bíonn buachaillí ag Hannah sa teach de ghnáth, agus sin mar a bhí sé chor a bheith achan bhliain, fiú nuair a bhí a máthair agus a máthair mhór mar mhná tí. Agus tagann costais mhóra le teach lán buachaillí a choinneáil don samhradh.

"Caitheann na tithe a bhfuil gasúir acu i bhfad níos mó airgid ar bhia, i mo bharúil.

"Bíonn aithne mhaith ar an teach seo fá choinne a chuid bia. Bíonn i gcónaí pota mór bruitíní agus muna mbíonn 'crumb' fágtha ann tá mise sásta, mar tá a fhios agam ansin go bhfuil siad ag ithe agus ag baint suilt as an bhia."

Ar sise, "Cuirimse dhá bhuilín amach ag achan dinnéar agus bíonn siad ag iarraidh orm an tríú builín a chur amach! Cheannaigh mé mála 5kg prátaí ar maidin agus ní bheidh pioc fágtha faoi dheireadh an lae. 

"Tá 78 dinnéar déanta agam ó thús na gcúrsaí i mbliana. Méadaigh sin faoin dhá chloigeann déag a bhíonn sa teach, sin 936 dinnéar!"

Cé go bhfuil grá aici do Bhéal Feirste, agus go bhfuil an chathair mar bhaile aici anois, ní shíleann Hannah go bhfuil sí ag dul a stopadh ar obair na mban tí go luath, leoga, tá buntáistí an dá thrá aici!

"Tá mo chroí istigh i mBéal Feirste agus mar a deirim go minic, I'm living a double life. Tá saol an mhadaidh bháin agam. Tá dhá áit agam. Thig liom a bheith sa bhaile i mBéal Feirste nó sa bhaile i Rann na Feirste."