As siocair gurb í seo Bliain na Gaeilge ar Oileán Mhanann, tá imeachtaí ar siúl i rith na bliana le ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus ar an chultúr. Bhí imeacht mór ar an oileán i mí Iúil, Yn Chruinnaght, atá cosúil leis an Fhleadh Cheoil. Tháinig daoine le chéile ó na tíortha Ceilteacha, agus bhí ceiliúradh ar fud an oileáin.
Beidh cuid d'fhoireann Raidió Fáilte ag dul chuig an oileán mar chuid den 'Cooish Vooar,' Séimí Mac Aindreasa ina measc.
"Ciallaíonn 'Cooish' teacht le chéile. Seo rud a mhaireann ón Aoine 25 Meán Fómhair go dtí an Mháirt 29 Meán Fómhair," a deir sé.
"Tá nasc tógtha againn anseo sa raidió le muintir Culture Vannin agus gníomhaí eile teanga agus cultúir ar an oileán le ceithre bliana anuas mar chuid de Scéim Cholmcille."
Foras na Gaeilge a mhaoiníonn Scéim Miondeontas Colmcille, a thacaíonn le comhtionscadail idir ionaid chultúrtha sna tíortha Ceilteacha.
Arsa Séimí, "An coincheap a bhí againn ar dtús ná go leanfadh muid aistear Cholmcille ó Thír Chonaill go Doire, amach go hAlban agus ar aghaidh chuig Oileán Í.
"Mhothaigh muid go déanann siad ceiliúradh ar Lá Cholmcille ar Oileán Mhanann fosta, agus fuair muid amach go raibh Colmcille ansin."
Labhair foireann an raidió le bainisteoirí Scéim Miondeontas Colmcille, agus dheimhnigh muintir na scéime go mbeadh siad sásta glacadh le hiarratas chun togra a dhéanamh le hOileán Mhanann.
Craoladh beo ar an oileán anuraidh
Téann an staisiún uair sa bhliain anois, agus roinneann siad a gcuid teanga agus scéalta lena chéile.
"Bíonn comhdhálacha agus craoltaí seachtracha againn, sna canúintí difriúla. Cúpla uair anois, bhí clár trítheangach nó 'tríchanúinteach' againn. Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann.
"Is Gaeilge ar fad iad. Deir an trí áit gurb í an Ghaeilge atá acu. Ar an oileán, bheireann siad 'Erinish' agus 'Albanais' ar Ghaeilge na hAlban, agus bheir siad Gailck ar a gcanúint féin."
Beidh an fhoireann ag freastal ar an chéad cheoldráma riamh i nGaeilge Mhanann, 'Cailleach.' Rachaidh siad go ceolchoirm mhór Dé Domhnaigh, chomh maith le blaschúrsaí beaga i nGaeilge Mhanann. Ní strainséirí iad foireann an raidió don teanga, agus deir Séimí go dtéann tú i dtaithí ar an chanúint go gasta.
"Thig leat do chluas a dhíriú isteach ar an méid atá siad a rá, agus is féidir comhrá a bheith againn gan bhriseadh an Bhéarla. Tá sé speisialta nuair is féidir linn a rá go bhfuil muid i mbun fíorchomhrá, ní ag aistriú ó chanúint go canúint.
Beidh Séimí, Bainisteoir an Stáisiúin Cillian Breatnach, agus Craoltóir Deonach leis an Stáisiún Máire Ní Eafa ag dul ar an turas. Deir Séimí go bhfuil sé iontach go deo tábhachtach go gcothaíonn siad naisc leis na tíortha Ceilteacha eile.
"Mar shampla, nuair a bhí muid in Inbhir Nis bhí muid sa chultúrlann ansin, agus an chéad imeacht oifigiúil a bhí acu sa chéad chultúrlann in Albain ná craoladh seachtrach Raidió Fáilte.
"Tá an nasc idir an stáisiún agus na tíortha Ceilteacha iontach tábhachtach. Tá comhdháil déanta againn snaa trí réigiún anois - anseo, in Albain agus ar Oileán Mhanann. Mothaíonn muid i gcónaí go bhfuil naisc á láidriú againn."



