Tá fear óg as Tuaisceart Bhéal Feirste ag tabhairt faoi chéim stairiúil mar a thugann sé faoin chomhchéim úr sa Dlí agus Gaeilge ar Ollscoil na Banríona. 

Manas Ó Murchú, a d'fhreastail ar Choláiste Naomh Maolmhaodhóg i dtuaisceart na cathrach, i ndiaidh a chuid torthaí Ard-Leibhéil a fháil agus tá sé anois ag iarraidh tabhairt faoin chéad chéim eile. 

"Fuair mé dhá A*, A agus B. Rinne mé Gaeilge, scannánaíocht, mata agus polaitíocht.

"Ba mhaith liom dul chun Gaeilge agus Dlí a dhéanamh in Ollscoil na Banríona. Ar ndóighe is bliain stairiúil í seo don chúrsa, mar seo í an chéad bhliain a chuirfear ar fáil é ar an ollscoil sin."

Ag caint leis faoi thábhacht na céime úire, dúirt Manas go bhfuil ré úr i ndán don ollscoil agus do phobal na hollscoile.

"Sílim go bhfuil sé ina thús úr d'achan duine san ollscoil. Tá an Ghaeilge ag dul chun cinn in achan ghné den tsochaí. Sa scannánaíocht, sa dlí, sa pholaitíocht.

"Tá bród an domhain orm go mbeidh mise ar dhuine de na daoine a bheas á cur chun cinn in Ollscoil na Banríona.

"Is cuid mhór de shaol na hollscoile í an Ghaeilge anois, agus sílim leis an chúrsa úr seo go mbeidh sí níos mó arís."

Cé nach n-ólann sé, tá Manas agus a chuid cairde ag dul a bheith ag ceiliúradh oíche go maidin anocht!

"Ní ólaim, ach ní bheidh tú ábalta mé a choinneáil amach as an teach tábhairne anocht ar scór ar bith!"