Cuireadh scoth an eolais i láthair mhúinteoirí roimh thús na scoilbhliana úire mar chuid den chomhdháil Teicneolas, a bhí ar siúl in Ollscoil Naomh Muire
Bhí ionadaithe ó Cúla4, cainéal teilifíse do pháistí de chuid TG4, agus ó Foghlaim TG4, ardán foghlama ar líne de chuid TG4, i láthair ag an ócáid, agus thug siad cainteanna do mhúinteoirí faoi thábhacht na n-áiseanna TG4 don fhoghlaim.
Dúirt Clíodhna Nic Gafraidh, Cúntóir Léirithe le Cúla4, go bhfuil siad ag iarraidh teachtaireacht láidir a chur amach faoin ábhar atá á dhéanamh acu.
"Tá muid ag iarraidh go mbeidh gach duine ar an eolas faoi na rudaí atá ar fáil ar shuíomhanna Cúla4 agus Foghlaim TG4.
"Dúirt chor a bheith gach duine de na múinteoirí go mbaineann siad úsáid as Cúla4 nó Foghlaim TG4."
Tá Jason Ó Nialláin ag obair mar Comhordaitheoir ar na Meáin Shóisialta le Foghlaim TG4, agus dúirt sé go bhfuil go leor acmhainní ar Foghlaim TG4 ar mhaith leo a chur i láthair na múinteoirí.
"Tá neart rudaí ag Foghlaim TG4 a bhaineann leis an mbunscoil agus leis an meánscoil, ach ag an am céanna, tá neart rudaí ar féidir linn a thaispeáint do na múinteoirí chomh maith.
Aontaíonn an bheirt go bhfuil an dá ardán ag obair chun leas a chéile, agus go mbíonn trasnaíocht sna cláir agus san ábhar a chuireann siad amach.
Arsa Clíodhna, "Díríonn muidne ar pháistí ó aois a náid go dhá bhliain déag d'aois. Is cainéal teilifíse muid ach tuigeann muid go mbíonn Cúla4 in úsáid in seomraí ranga ar fud na tíre.
"Cloiseann muid go minic go mbíonn Nuacht Cúla4 le húsáid sna seomraí ranga go mion minic. Bíonn sé sin ar siúl ón Mháirt go dtí an Aoine ag 1:30.
"Rinneadh go leor taighde leis an am sin a roghnú, agus bhí muid ag caint le múinteoirí faoin am is feiliúnaí dóibh, agus dúirt siad gurb é thart ar leath i ndiaidh a haon tar éis am lóin an t-am is fearr."
Cuireann Foghlaim TG4 físoideachas ar fáil d'fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal scoile, agus baineann siad úsáid as ábhar ó na hardáin eile de chuid TG4 leis an ábhar a sholáthar.
Arsa Jason, "B'fhéidir go mbeadh Nuacht Cúla4 le feiceáil ar ár suíomhanna chomh maith ach é a bheith roinnte i míreanna, agus bileog oibre leis."
Bíonn sé ag tarraingt óna chuid taithí féin mar mhúinteoir bunscoile le hacmhainní a chur le chéile. Agus tuigeann sé go mb'fhéidir go mbíonn sé dúshlánach do mhúinteoirí acmhainní i nGaeilge a fháil dá gcuid ranganna.
"Tá a fhios agam go mbíonn achmhainní oideachais ag teastáil go géar ó mhúinteoirí ó dheas, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de. Mar sin tá sé iontach tábhachtach go bhfuil daoine ar an eolas faoi Foghlaim TG4.
"Tá a fhios ag na daoine atá ag úsáid Foghlaim TG4 cé chomh maith is atá sé, ach níl a fhios ag múinteoirí eile go bhfuil sé ann. Agus b'fhéidir go bhfuil siad ag streachailt le Gaeilge a mhúineadh. Tá Foghlaim TG4 in ann na rudaí seo a éascú duit.
"Tá muid ag iarraidh spás a chur ar fáil do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim agus cibé cén Ghaeilge atá acu a mhúscailt."
Ba ghnách le Cúla4 a bheith mar chuid de sceideal iomlán TG4 ach thosaigh sé mar chainéal leis féin chor a bheith trí bliana ó shin. Anois má thugann tú cuairt ar Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann na Gaillimhe, tá comhartha Cúla4 ina sheasamh go bródúil in aice le TG4.
"Tá muid ag ceiliúradh trí bliana ar an aer i mbliana. Roimhe sin bhí Cúla4 mar chuid de sceideal TG4, ach bhí muid ag iarraidh go mbeadh spás sábháilte atá an-éasca le teacht air ar fáil dár lucht féachana.
Ar sise, "Bíonn lucht féachana againn ó gach tír timpeall an domhain. Bíonn muid ar an aer ar maidin ó a sé go dtí a hocht sa tráthnóna. Tá muid ag cruthú an spáis shábháilte sin trí Ghaeilge ach ar ndóighe ag díriú isteach ar an siamsaíocht.
"Is caineál uile-ardán muid. Cinnte bíonn muid ag díriú isteach ar ábhar don teilifís ach tá muid ar fáil ar YouTube agus ar na meáin shóisialta. Tá sé tábhachtach go bhfuil muid le feiceáil in aon áit a bhfuil ár lucht féachana."
Is iad na páistí is tábhachtaí do Cúla4, agus deir Clíodhna gurb orthusan a bhíonn siad ag smaointiú nuair a bhíonn siad ag déanamh na gclár agus an ábhair.
"Cuireann muid páistí i gcroílár aon rud a dhéanann muid i Cúla4. Rinneadh taighde in 2022 agus bhí muid ag iarraidh díriú isteach ar na téamaí a raibh suim ag daoine óga iontu. Teaghlaigh, peataí, scoil, caitheamh aimsire. Úsáideann muid na téamaí sin mar bhunchlocha don ábhar a bhíonn muid a chur ar fáil. "
Deir Jason nach gcuireann canúintí nó tíreolaíocht isteach ná amach orthu, agus go ndéanann siad iarracht freastal a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí ó achan chearn den tír.
"Tá muid ag iarraidh freastal ar chuile dhuine. Nuair a théann tú ar an suíomh, tá leibhéil ann don bhunscoil, mheánscoil, GCSE, Ardteistiméireacht agus A-Leibhéal. Tá muid ag iarraidh freastal ar chuile dhuine ó dheas agus ó thuaidh."




