Tháinig Gaeilgeoir as Fear Manach, a bhfuil sean-nasc aige le Béal Feirste, sa tríú háit i gComórtas Scéalaíochta an Bhéarla thar ocht déag ag Fleadh Cheoil na hÉireann.

Bhí Ciarán Mag Uidhir, arb as Ros Liath i gContae Fhear Manach ó dhúchas dó, ag glacadh páirte sa chomórtas den chéad uair.

"B'shin an chéad uair domsa riamh páirt a ghlacadh sa Fhleadh. Tá mé ag teacht chuig an Fhleadh le blianta agus ag amharc ar chomórtais eile, ach ní fhaca mé an comórtas scéalaíochta riamh roimhe. 

"Níl bua an cheoil agam, ná bua an damhsa, ná bua na hamhránaíochta. Ní raibh fágtha ach an scéalaíocht. Ghlac mé páirt sa chomórtas agus d'éirigh liom an tríú háit ag Fleadh Cheoil na hÉireann a bhaint amach."

Bronnadh bonn cré-umha ar Chiarán, rud a thaitin leis. Ach ba thábhachtaí dó an t-ainm s'aige a bheith i leabhar na Fleidhe. 

"Rud atá deas faoin Fhleadh Cheoil ná nach bhfuil aon difear idir na boinn sna comórtais. Fiú ag na Fleadhanna Contae nó Cúige chomh maith.

"Is ionann an bonn ag Fleadh Fhear Manach, Fleadh Uladh agus Fleadh Cheoil na hÉireann. Is é an rud atá ann ná go bhfuil d'ainm feicthe sa leabhar, agus b'shin an sprioc a bhí agamsa nuair a bhí mé ag toiseacht amach."

Tá sean-nasc ag Ciarán le Béal Feirste, mar go raibh cónaí air sa chathair ar feadh na mblianta nuair a d'oibrigh sé mar chraoltóir raidió le Raidió Fáilte.

Síleann sé é a bheith suntasach ar fad an Fleadh a bheith i mBéal Feirste. 

"Bhí mé anseo ar an Luan agus ar an Mháirt. Tháinig mé ar ais Déardaoin agus d'fhan mé i mBéal Feirste ó shin. Tá sé dochreidte ar fad. Bhí líon na ndaoine dochreidte. Bhí an t-atmaisféar ar fheabhas."

Agus é ag súil le bonn óir a thabhairt leis ar an bhliain seo chugainn, chomh maith le páirt a ghlacadh i scéalaíocht na Gaeilge, mhol sé an tseachtain go hard na spéire as an mhaitheas a rinne sí don phobal. 

"Bhí sé gan cháin, i ndáiríre. Ádh mór orthu an bhliain seo chugainn mar beidh sé doiligh an bhliain seo a shárú."