BA chóir do níos mó scoileanna Gaeilge a chur ar fáil mar ábhar scoile dá gcuid daltaí, a deir Gael Linn i ndiaidh na dtorthaí maithe Gaeilge ag GCSE.
D'fháiltigh Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Polasaí Oideachais leis an eagraíocht, roimh na torthaí, agus dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil fáil ag achan dalta ar an Ghaeilge a fhoghlaim más mian leo.
"Tá cuma iontach dearfach ar chúrsaí le cúpla seachtain anuas. Tá an rata pas is airde ag an Ghaeilge i measc na dteangacha GCSE uilig, agus tá an ceathrú ráta pas is airde ag an Ghaeilge i measc na n-ábhar GCSE uilig.
"Tá ardú tuisceana agus feasachta ann maidir leis an teanga mar ábhar scoile le roinnt blianta anuas. Tá cuma ar an scéal go bhfuil earnáil an Bhéarla agus earnáil na Gaelscolaíochta ag obair i gcomhthreoir le chéile, agus is mór dúinn a bheith ar son an dá rud sin."
Deir sé, áfach, nach bhfuil an oiread scoileanna ag tairiscint na Gaeilge mar ábhar ná ba cheart daofa a bheith.
"Níl an chuma ar an scéal go bhfuil ardú ag teacht ar líon na scoileanna atá ag tabhairt na Gaeilge ag GCSE agus A-Leibhéal, agus ní mór dúinn dul i ngleic leis sin más mian linn ardú suntasach a fheiceáil bliain i ndiaidh bliana ag GCSE, AS agus A2."
Deir an tUasal Mac Eochaidh go bhfuil daltaí go fóill ag cailleadh amach mura mbíonn na deiseanna acu Gaeilge a dhéanamh ar scoil.
"Ach tá daltaí go fóill ag titim fríd an chóras nuair nach féidir leo GCSE a dhéanamh ar scoil s'acu féin agus suim acu GCSE a dhéanamh. Tá sé an-tábhachtach gur féidir le hachan dalta Gaeilge a dhéanamh ar scoil, mar ábhar scoile, más mian leo."



