Pléadh an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus an tionchar atá aici ar an Ghaeilge i bpainéal cainte mar chuid d'Fhéile an Phobail. 

Thug Caoimhe Ní Choinn, arb as Béal Feirste di, caint dar teideal, 'Dátheangach nó Dá Theach? The Irish Language and the Housing Crisis in Gaeltacht Areas,' le linn Fhéile an Phobail. 

Ba ar thorthaí staidéir ollscoile a rinne Caoimhe le linn di a bheith ina hiníon léinn in Ollscoil Uladh, a bhí an chaint seo bunaithe.

"Rinne mé an taighde seo mar chuid de thionscadal ollscoile. Agus ansin d'iarr ball de CATU orm é a thabhairt, agus thug mé an chaint seo den chéad uair taobh amuigh de theach Chaitríona."

Díbríodh teaghlach Caitriona McCrudden as a dteach ar Shráid Clovelly ní ba luaithe i mbliana. 

Dhírigh an chaint ar an nasc idir easpa tithíochta sa Ghaeltacht agus meath na teanga sna ceantair sin. Rinne Caoimhe tagairt do bharúil theangeolaí John MacInness, a dúirt go dtarlaíonn meath miontheanga, 'sa chistin agus sa seomra leapa, na háiteacha príobháideacha seo.'

"Tá muid ag caint cuid mhór faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mé ar an ollscoil bhíodh díospóireachtaí againn air sin, agus léigh mé cuid mhór alt faoi.

"Mhothaigh mé go raibh cuid mhór airde ar an teoiric, agus ar theoiric an mheatha sin, agus ní raibh daoine ag caint ar na cúiseanna agus ar ná fáthanna a raibh daoine ag fágáil na Gaeltachta nó nach raibh siad ábalta páistí a thógáil le Gaeilge."

Léiríonn suirbhéanna go bhfuil níos lú daoine ná riamh ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht. Thug Caoimhe sampla ó shuirbhé a rinne an Chomhairle Contae i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Léirigh an suirbhé gur tháinig laghdú 8.3% ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil.

"Bhí suirbhé déanta ag grúpa darb ainm Tuismitheoirí na Gaeltachta agus dar leo, níl ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge. Ach caithfidh muid an cheist a chur: cén fáth?

"De réir an taighde seo, mhothaigh mé nach raibh daoine á dhéanamh sin toisc nach raibh siad ábalta fanacht sa Ghaeltacht. Tá daoine óga ag imeacht, tá daoine ann ar mhaith leo a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht ach ní féidir leo teach a thógáil ná teach a cheannach. Agus ní féidir leo teach a fháil ar cíos fadtéarmach fiú."

Cuireadh cuid mhór béime le linn na cainte ar thionchar Airbnb ar thithíocht sa Ghaeltacht, agus dúirt Caoimhe go raibh méadú 110.6% ar líon na dtithe ar Airbnb idir 2019 agus 2025, agus dar le Caoimhe tá an tithíocht agus an teanga fite fuaite lena chéile, agus tá siad chun leas a chéile chomh maith. 

"Tá éilimh shoiléire ag grúpaí ar nós Bánú, CATU agus Tinteán. Ba mhaith leo cosc ar áiteacha ar cíos go gearrthéarmach. Ba mhaith leo go mbeidh daoine ábalta tithe a thógáil agus go mbeidh níos mó tithe ar fáil ar cíos go fadtéarmach."