Tá curtha lena n-aschur ag an Andersonstown News/North Belfast News agus belfastmedia.com le seachtainí anuas ó earcaíodh iriseoir úr Gaeilge.
Is as Port na Binne Uaine i gContae Dhoire ó dhúchas d’Aodhán Ó Baoill agus tá cónaí air i mBéal Feirste le roinnt blianta. Thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge ag ceithre bliana déag d’aois i gColáiste Loreto i gCúil Raithin, agus chaith sé tamall i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. Rinne sé staidéar ar an Ghaeilge in Ollscoil na Banríona, agus ar chéim Mháistreachta san Aistriúchán agus san Ateangaireacht in Ollscoil Uladh.
Sular thosaigh sé leis an Andytown News, d’oibrigh Aodhán in earnáil na teilifíse Gaeilge, go príomha ar chláir faisnéise don teilifís, don raidió agus d’ardáin dhigiteacha. Scríobh sé do roinnt foilseachán Gaeilge ar líne agus as líne, agus ainmníodh é do ‘Cholúnaí na Bliana,’ ag na Gradaim Chumarsáide ag Oireachtas na Samhna 2025.
Ag caint leis faoina phost nua, dúirt Aodhán go bhfuil áthas air a bheith ag obair do nuachtán atá ar an fhód le blianta agus a bhfuil ard-mheas air, agus dúirt sé go bhfuil sé ag dúil le clúdach a dhéanamh ar athbheochan na Gaeilge sa chathair.
"Tá mé ar bís chun tús a chur le mo ról úr," ar seisean. "Bhí an Andersonstown News mar ghuth bródúil do mhuintir Iarthar Bhéal Feirste riamh. Tá ról lárnach ag an iriseoireacht i ndaonlathas ar bith, agus tá sé rí-thábhachtach na ceisteanna crua a chur agus scéalta a chlúdach nach gcluinfí murach an iriseoireacht. Is amhlaidh an scéal do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin, agus tá mé ag dúil go mór le scéalta a chlúdach atá tábhachtach daofa.
"Is am thar a bheith suntasach é le bheith i do Ghaeilgeoir i mBéal Feirste, cathair atá chun tosaigh in athbheochan na Gaeilge le blianta beaga anuas. Léirigh rath Oireachtas na Samhna anuraidh agus Fleadh Cheoil na hÉireann i mbliana gurb i mBéal Feirste atá na scéalta Gaeilge is mó sa tír.
"Tá mé ag dúil le hobair Choimisinéir na Gaeilge a chlúdach mar a dhéanann sé réidh lena chaighdeán dea-chleachtais a fhoilsiú i dtreo dheireadh na bliana. Tá sé ar intinn agam fosta fás na Gaelscolaíochta sa chathair a chlúdach, agus stádas na teanga inár n-ollscoileanna.
"Tá mé iontach buíoch de Choimisiún na Méan as a dtacaíocht leanúnach fá choinne iriseoireacht cheannródaíoch i nGaeilge."
Dúirt Máirtín Ó Muilleoir, stiúrthóir feidhmiúcháin le Tuairiscigh Béal Feirste – Report for Belfast CIC, gur ardú meanman a bhí i gceapadh Aodháin Uí Bhaoill do ghluaiseacht na Gaeilge sa chathair.
“Bhí Iarthar Bhéal Feirste i gcónaí ar thús cadhnaíochta maidir leis na meáin chumarsáide Gaeilge – ag dul siar go dtí 1984 leis an nuachtán laethúil Lá agus an stáisiún raidió pobail ceannródaíoch Ráidió Fáilte – mar sin is cuí go bhfuil muid ag tabhairt faoi chur chuige nua arís leis an chlúdach Gaeilge is cuimsithí d’aon nuachtán áitiúil in Éirinn,” a dúirt sé.
“Is iriseoir paiseanta é Aodhán a bhfuil a chéim tuillte aige cheana féin ag clúdach phobal bríomhar na Gaeilge i mBéal Feirste, agus tá a ionchur amhail an traidisiún is fearr na gcainteoirí Gaeilge sin ar Bhóthar Seoighe – Seán agus Máire Mac Seáin, Séamus Mac Seáin agus Seán Mac Aindreasa – a bhí i láthair ag tús an Andersonstown News sna 1970idí. Tá mé ag dúil le go bhfasfaidh sé agus go dtabharfaidh sé éagsúlacht dár gclúdach Gaeilge ilárdáin sna míonna amach romhainn. Tá moladh mór ag dul do Choimisiún na Meán as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú ar an tionscadal seo.”
Má tá scéal agat d'Aodhán, gabh i dteagmháil ar ríomhphost a.obaoill@belfastmedia.com, nó ar dheasc na nuachta Andersonstown News 028 90 619000.




