Beidh imreoirí Laochra Loch Lao ag tabhairt faoi spórt eile - go sealadach! - ar an 25 Iúil nuair a ghlacfaidh an club páirt sa Chorn Domhanda Frithchiníochais i mBéal Feirste.

Tá an comórtas sacair á reáchtáil arís i mbliana i bPáirc Cheiltigh Dhún na nGall in Iarthar Bhéal Feirste, agus beidh 25 foireann ag glacadh páirte ann. Beidh foirne ag teacht le chéile ó thíortha ar nós na hOstaire agus na Portaingéile, agus deir Brian Mac an tSionnaigh, ball Laochra Loch Lao agus duine d'eagraithe an chomórtais, go bhfuil sé thar a bheith sásta go bhfuil an comórtas á reáchtáil arís. 

"Bunaíodh a Corn Domhanda chor a bheith fiche bliain ó shin," ar seisean. "Bhí daoine ón phobal taobh thiar den smaoineamh. Bhí muid ag iarraidh ag an am go mbeadh foirne ag teacht le chéile ó fud Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin, agus b'shin an dóigh a tharla sé. Tá muid ag dúil go mór le fáilte a chur roimh na foirne go léir."

2Gallery

Deir Brian go bhfuil an dlúthpháirtíocht agus an teacht le chéile mar dhlúthchuid den imeacht, agus beidh i gcónaí.

"Nuair a bunaíodh an t-imeacht, bhí nascanna ann le daoine a bhí ag obair sa Bhruach Thiar, agus i nGaza, agus tá na nascanna sin ann go fóill. 

"Deirtear gur pobal frithchiníoch muid. Ach is mór an difear idir sin a rá agus gníomh a dhéanamh leis sin a dhéanamh fíor. Agus mhothaigh muid i gcónaí go raibh an dualgas sin orainn mar phobal seasamh in éadan an chiníochais i gcónaí."

Ní hé an spórt amháin a bhéas mar chuid den imeacht, mar beidh cainteanna agus ceol ar siúl le linn na seachtaine chomh maith.

Is i bPáirc Cheiltigh Dhún na nGall a bheas na cluichí, agus molann Brian a gcuid tacaíochta le linn an chomórtais thar na mblianta.

"Bheadh sé iontach deacair an comórtas a reáchtáil gan tacaíocht an chlub sin. Chuir siad seomraí agus páirc ar fáil, chuir siad achan rud ar fáil le hairgead a thiomsú don lá."

Achan bhliain, piocann lucht an eagrúcháin carthanas ar leith le bheith ag tacú leis, agus i mbliana phioc siad carthanas a bhí ina chuidiú mór le linn na gcíréibeacha roinnt seachtainí ó shin.

"I mbliana tá muid ag tacú le DAR a thacaíonn le teifigh, inimircigh agus iarrthóirí tearmainn a tháinig go Béal Feirste. Rachaidh an t-airgead chucu sin.

"Bhain Laochra an comórtas anuraidh! Tá muid ag dúil leis i mbliana agus bíonn muid i gcónaí lárnach i bhfeachtais phobail, agus is iontach a bheith mar chuid de."