Is taistealaí den scoth é Pádraig Ó Maolchraoibhe mar tá suim aige sa duine daonna agus sa staid dhaonna – rud atá thar a bheith follasach sa chéad leabhar ón leabharbhách iomráiteach seo, Ar Chrios na Cruinne - Gael in Ecuadór.

Tá súil ghéar ag an tírghráthóir, teangaghráthóir seo – don áilleacht go háirithe. D'áilleacht an dúlra, áilleacht an fhiadhúlra. Agus ar ndóigh, d'áílleacht na mban. Ina leabhar taistil féin, Travels in Siberia, deir scríbhneoir an New Yorker Ian Frazier go raibh sé cinnte go bhfaca sé Miss Universe ag siúl thart leis ar an tsráid an chéad lá a chaith sé sa réigiún. Ach ansin chonaic sé Miss Universe eile an lá dár gcionn, agus an tráthnóna sin bhí sé timpeallaithe ag an iomad Miss Universe ag damhsa sa halla pobail.

Más fíor a léimid in Ar Chrios na Cruinne, tá Miss Universe i ndiaidh bogadh go Quito.  
Ach tá tabhairt faoi deara ann fosta maidir leis an éagothromas as siocair go bhfuil bá i dtólamh aige leis an té atá thíos – rud a spreag a shaothar saoil mar pholaiteoir is mar réabhlóidí.

TÍR DHRAOÍÚCHTÚIL: Vilcabamba, Ecuadór. Pic le Andrés Medina ar unsplash.com
4Gallery

TÍR DHRAOÍÚCHTÚIL: Vilcabamba, Ecuadór. Pic le Andrés Medina ar unsplash.com

Tá cur chuige agus cumas tuairisceoireachta aige a mbeifeá ag dúil leis ón iriseoir críochnaithe agus ar ndoigh, is saothar cumhachtach reportage é Ar Chrios na Cruinne.

Gan amhras, is mar mhúinteoir a d’fhág Pat a rian ar na mílte d’ógánaigh a fuair oideachas ag na Bráithre Críostaí in Iarthar Bhéal Feirste – agus go leor acu sin, thóg siad aicíd na dteangacha ón mhúinteoir groí. Chonaic mé sin i mo chlann féin agus fosta chonaic mé é agus mé ar mo thaisteal fein. Bhuail mé le Déan as Harvard i mbliana a thosaigh a fhoghlaim na Fraincise ag rannganna Pat agus b’amhlaidh an scéal ag a dheartháir atá anois ina aistritheoir ag Ceann Comhairle Pharlaimint na Fraince.

Mar ba é an rud is mó a theagasc Pat ina ranganna ná gur pas chun an domhain mhóir atá i bhfoghlaim na dteangacha. Sna seachtóidí agus cogaíocht ar na sráideanna sa chathair seo cois cuain, bhíodh déagóirí as Scoil Mhuire ag tabhairt cóipeanna de Paris Match abhaile leo chuig a gcuid tithe in eastáit Bhaile Andarsan. Ghríosaigh na pictiúirí daite, na fógraí faisin agus an teanga choimhthíoch spéis sa domhan mhór amuigh sin ag bun na spéire sna déagóirí céanna sin. Agus, ar ndóigh, ní raibh teastas Covid de dhíth ort an t-am sin le dul ag spaisteoireacht ar fud an domhain, ní raibh de dhíth ach fonn siúil agus luí isteach ar fhoghlaim teangacha.  

Bíonn sé furasta go leor ag tromlach na dturasóirí sult a bhaint as Eacuadór: na daoine cairdiúla (agus dóighiúla), na sléibhte maorga, na gleannta doimhne glasa áille, na haibhneacha ollmhóra tréana tuilteacha, na dufairí glasa, craobhacha, lán d’ainmhithe, d’éin, d’fheithidí anaithnide (fiú na cinn atá ag bualadh anois in éadan m’fhuinneoige lasta agus mé ag scríobh anseo i lár na nAindéas, i gciúnas na hoíche).

Lean Pat a shoiscéal féin – thaisteal se i bhfad is i gcéin agus ar a chamchuairt, d’fhoghlaim sé suas le 30 teanga – 15 a deir se féin – agus é ina mháistir ar sheachtar nó ar ochtar acu – cé go n-abrann sé féin gur cúig theanga atá ar a thoil aige oiread agus go dtig leis agallamh a dhéanamh iontu. Seo fianaise óna bhéal féin: "Cuireann éagsúlacht na gciníocha daonna lúcháir chroí orm agus, creidim agus dearbhaím go bhfuil gach teanga ar domhan dóighiúil. Tá sé ráite agam – ar an taifead, mar a deirtear – go bhfuil mise buíoch as Báibil."

Buíochas mór le Dia go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na tenagacha luachmhara sin mar gan sin ní bheadh an tseoid seo, Ar Chrois na Cruinne, againn inniu le pléisiúr a bhaint as. Seo leabhar cuimsitheach a ligeann dúinn taisteal ar bhrat draíochta Pat chuig tír ghleoite a mhná céile Martita, Ecuadór.

Chuaigh Pat go hEcuadór an chéad uair in 2003, go luath i ndiaidh bhás a chéile Pádraigín i dtaisme bhóthair in iarthar Bhéal Feirste. Agus is ansin a bhuail sé le Martita – máthair cúntóir Spáinnse a d'fhostaigh sé ag Scoil Mhuire – gur thosaigh sé aistear eile saoil. El mundo es un pañuelo, mar deir na Spáinnigh, níl sa domhan ach ciarsúr. 

AN DARA PRÍOMHCHATHAIR IS AIRDE AR DOMHAN: Quito, Ecuadór
4Gallery

AN DARA PRÍOMHCHATHAIR IS AIRDE AR DOMHAN: Quito, Ecuadór

D’fhear a d’fhás aníos i dteach nach raibh leictreachas ann, féadaim a rá gur shoilsigh an léann agus an léitheoireacht a shaol. Gan amhras, is andúileach leabhar é. Tá sé amuigh ar athair Pháid gur dhúirt aon uair amháin go raibh beirt mhac acu, "duine amháin tá barraíocht dúile sa deoch aige agus an mac eile, barraíocht dúile sa pholaitíocht aige".

Ba deas ráite é agus ar ndóigh, i gcás anróiteach na hÉireann, is cúpla iad an pholaitíocht agus an léitheoireacht.

Cuirfidh mé le ráiteas an athar: an áit is contúirtí sa Cheathrú Póilí ná an spás idir Pádraig Ó Maolchraoibhe agus leabhar a bhfuil a shúil aige air.

Ós fear mór leabhar é, tuigeann sé cad tá de dhíth ar an léitheoir atá ag teacht chuig sceal Ecuadór don chéad uair: blaiseadh de na hiontais atá sa tír sin, agus ní beag na hiontais sin, mar atá cósta draíochtúil an Aigéin Chiúin, clós súgartha Darwin Na Galapogos, na Aindéis arda mhistéireacha, iontais Amazonía a bhainfeadh an t-amharc as an tsúil agat, tír an chócó agus na mbananaí, ollchathair Quitó, dúchasaigh na dufaire – éagsúlacht cultúir is radharc. Agus cé a b’fhearr mar threoraí ná fear Chamlocha ­– ceantar a bhfuil a shaibhreas féin cultúir agus áilleachta aige. 

Is fear é Pádraig a bhfuil meas againn uile air. Thuill sé an meas sin as an obair a rinne sé mar Ghaeilgeoir. Cuir ceist air fán tréimhse a chaith sé ag teagasc sa chéad mheánscoil phíolótach i mBéal Feirste! Mar pholaiteoir – bíodh leabhar eile aige faoin am a chaith sé mar chomhairleoir i Lios na gCearrbhach (Dia idir sinn is gach olc) nuair a b’eigean dó a bhealach a throid suas príomhshráid Hillsborough lena shuíochán a ghlacadh i seomra na comhairle – agus urraim againn dó as a bhfuil déanta aige mar ambasadóir oifigiúil ar son Phoblacht Éireann chuig Tír na mBascach. Spreag sé muid, sheas sé linn, shaibhrigh sé ár saol agus chuir sé oideachas ar go leor againn – mar chara agus mar oide. Agus anois ag a thaobh tá a leannán Martita atá ag ceiliúradh mhuintir Ecuadór lena ceol binn agus, bíodh sé le rá, lena dearcadh láidir réabhlóideach – rud atá curtha in iúl gan dul ar chúl sceiche san aiste ar chúrsaí a tíre ag deireadh an leabhair seo. 

MO CHEOL SIBH: Martita agus Pádraig taobh le dealbh den cheoltóir clúiteach ón Ecuadór Santos Nicolás Fiallos Medrano (a rugadh i 1919 agus atá beo leis - tá an céadatán is airde ar domhan de dhaoine thar 100 in Ecuadór)
4Gallery

MO CHEOL SIBH: Martita agus Pádraig taobh le dealbh den cheoltóir clúiteach ón Ecuadór Santos Nicolás Fiallos Medrano (a rugadh i 1919 agus atá beo leis - tá an céadatán is airde ar domhan de dhaoine thar 100 in Ecuadór)

Is mó arís an meas againn air anois as an leabhar liriciúil, dea-scríofa, aislingeach seo a fhágáil againn. Ní de réir an fhéilire a chuireann sé síos ar a thurais iomadúla ar Ecuadór – tá sé mar a bheadh Tardis Dr Cé ann, agus é ag preabadh ó 2003 go 2017 agus ar ais go 2008 le go bhfeicimid iomlán na tíre glórmhaire seo. Is tearc duine inár measc a rachas go hEcuadór ach tá an tír sin i Meiriceá Theas tugtha, amhail Mohammad agus an Sliabh, chuig pobal na Gaeilge ag Pádraig.

Nach spreagúil, beoga an pictiúr ildaite a tharraingíonn sé den tír sin ar chósta an Aigéin Chiúin.
 
Tá cur sios ar bhia a chuirfeas goile ort:
"Anseo, níl deifir ar dhuine ar bith, ná cur isteach ón tsaol mhór taobh amuigh. Tá an bia (gioca, banana, oráiste, mangó, papá, chirimoya, guayaba – an oiread sin torthaí, cuid acu nach bhfuil Gaeilge ná Béarla orthu) sláintiúil agus áitiúil. Ar ndóigh tá mairteoil, caoireoil, muiceoil, sicín agus cuy (muc ghuine) acu fosta agus ón Aigéan Ciúin, cloicheáin agus túna, go háirithe. Ó na haibhneacha is na lochanna áitiúla, bric agus tilapia. Tá quinoa ó na sléibhte agus rís ón talamh íseal thrópaiceach i dtreo an chósta. Béile a thaitníonn liom féin go speisialta ná repe (anraith déanta as gnáthbhananaí sula mbíonn siad aibí, le cáis agus uibheacha crua grátáilte agus...mar phríomhchúrsa, rís agus cloicheáin, le buidéal mór de bheoir Pilsner – ar a laghad ceann amháin!)"
 
Tá cur síos ar an tírdhreach pléascach is ar an tír aoibhinn, ghleoite:
"Bíonn sé furasta go leor ag tromlach na dturasóirí sult a bhaint as Eacuadór: na daoine cairdiúla (agus dóighiúla), na sléibhte maorga, na gleannta doimhne glasa áille, na haibhneacha ollmhóra tréana tuilteacha, na dufairí glasa, craobhacha, lán d’ainmhithe, d’éin, d’fheithidí anaithnide (fiú na cinn atá ag bualadh anois in éadan m’fhuinneoige lasta agus mé ag scríobh anseo i lár na nAindéas, i gciúnas na hoíche). Agus cósta fada fada an Aigéin Chiúin ó theorainn na Colóime ó thuaidh go teorainn Pheiriú ó dheas. In áiteanna tá uiscí na mara seo chomh ciúin agus a chonaic Vasco Núñez de Balboa iad nuair a dúirt sé (deirtear!) “O mar qué pacíficas son tus aguas” (a fharraige, chomh ciúin agus atá do chuid uiscí!) agus é ag tabhairt ainm leis na focail sin, ar an aigéan is mó ar an phláinéad seo againne."

Is tuairisceoir oilte é. Cuireann sé sinn i lár an aonaigh lena chín lae ar thír mheallacach:
"Ach leis an áilleacht a nocht solas an lae, fiú do shúile nach bhfuair codladh na hoíche, léim mo chroí le háthas. Sléibhte arda glasa agus cruthanna nach bhfaca mé áit ar bith eile ar an domhan – fiú in Eacuadór! Éadach sróil glas a bhí os comhair mo shul, é cnaptha, roctha ar bhealach dochreidte. Na creathanna talún is na bolcáin a scanraigh agus a mharaigh dúchasaigh na nAindéas le 10,000 bliain anuas, d’fhág siad radharcanna acu nach bhfuil a sárú le fáil. An gliondar a chuir sé orm eas uisce a fheiceáil ag titim le haill agus grian na maidine ag déanamh tuair cheatha as an cheo thart air!" 

Is iomaí gné spéisiúil den leabhar seo a d'fhéadfainn a lua – cinnte chuir mé suim mhór sna sleachta fá theangacha is fán pholaitíocht — ach ba é an sliocht is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an turas báid 14 uair an chloig a rinne Pádraig agus Martita síos Abhainn fhada an Napo. Tá mar bheadh tacsaí dubh ann ag dul síos Bóthar na bhFál ach an bóthar sin ag síneadh chomh fada le Corcaigh ar feadh a bhfuil de chraic, de chomhrá agus, leoga, mar faighimid spléachadh ar shaol an ghnáthphaisinéir, de bhuairimh an tsaoil ann. Ní gá a rá go stopann an bád gach uair a chngatar ar an fhuinneog — rud a mbeadh Pádraig cleachtaithe leis agus é ina chónaí sa Pholl Ghlas. 

Ós é Pádraig Ó Maolchraoibhe an t-údár, ní chuirfidh sé iontas ort a chluinstin go bhfuil an greann go smior sa scéal seo. Is maith liom go háirithe an cur síos ar an lá a chaith sé ag obair le meitheal – minga mar a deir muintir Ecuadóir – ag deisiú an bhóthair. Lena gcothú ar feadh an lae, bhí braon den phoitín áitiúil go tráthrialta.  

"Nuair a d’fhág an trucailín abhaile mé i lár an tráthnóna, bhí mé lán de chroí is d’aigne. Mhínigh mé do Martita cé chomh hiontach is a bhí lucht minga, gur seo an chéad uair a bhuail mé leis an Eacuadórach cheart, an chosmhuintir, na Dúchasaigh. Ansin, ar chúis éigin, luigh mé síos ar an urlár sa tseomra folctha agus ní raibh Martita bhocht ábalta mé a bhogadh ná tabhairt orm bogadh go ceann cuid mhaith uaireanta an chloig. Rud éigin a d’ith mé, b’fhéidir...  Agus mar bharr ar an donas, deir Martita nár mhair an obair a rinne muid trí mhí! Nuair a tháinig séasúr na fearthainne... Ach tá a fhios agam gur áibhéil í sin. Rud éigin a d’ith sise, b’fhéidir."

Agus uncail de chuid Martita a mbuaileann sé leis, fear atá thar a bheith críonna agus dea-chomhairle i gcónaí aige don Éireannach: "Itheann sé a lán gairleoige (amh!), mar sin de is fearr éisteacht lena chuid comhairle agus tú giota beag uaidh."

Is leabhar luachmhar amach é seo. I ndúlaíocht an gheimhridh, cuirfidh sé na Trópaicí in bhur stóca Nollag. Bainigí sult as. 

Ar Chrios na Cruinne - Gael In Ecuadór. Pádraig Ó Maolchraoibhe. Coiscéim a d'fhoilsigh. Ar fáil ó An Ceathrú Póilí.