TÁ teaghlaigh agus páistí as Líonra Pleanála Teanga Iarthar Bhéal Feirste ag teacht le chéile ar thuras campála ag deireadh mhí Lúnasa.

Is mar chuid den tionscadal, 'Ag Tógáil Clainne le Gaeilge,' a rachaidh sé theaghlach déag go Tearmann Dúlra Droim nDámh i gCarn Tóchair, taobh amuigh de Mhachaire Ratha. Bronnadh stádas oifigiúil pleanála teanga ar Iarthar Bhéal Feirste agus ar Charn Tóchair in 2018. 

Is í Sorcha Ní Chathmhaoil, Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh le Fís an Phobail, atá ag eagrú an turais, i gcomhoibriú le Joe Ó Dochartaigh ó An Carn.

"Seo í an ceathrú bliain s'againne. Bíonn an-éileamh ar an turas, agus bhí orainn liosta feithimh a chur i bhfeidhm i mbliana. Beidh caoga is a dó duine san iomlán ann.

"Deir go leor tuismitheoirí gurb é seo buaicphointe na bliana ó thaobh na n-imeachtaí de."

Beidh deireadh seachtaine lán-imeachtaí i ndán do na teaghlaigh, agus caithfidh siad am luachmhar le chéile amuigh faoin spéir.

"Déanfaidh muid siúlóid, tóraíocht taisce, boghdóireacht agus go leor imeachtaí eile. Beidh lá spóirt againn chomh maith. Bíonn am scéalaíochta ann chomh maith, déanfaidh mise sin leis na páistí.

"Beidh bia ar fáil ó An Croí, an caifé i gCarn Tóchair. Déanfaidh siad BBQ dúinn ar an oíche sin agus bricfeasta deas te an mhaidin dar gcionn."

Teaghlaigh ar an turas anuraidh
2Gallery

Teaghlaigh ar an turas anuraidh

Cé go gcuireann Fís an Phobail fáilte mhór roimh achan duine chuig a gcuid imeachtaí le linn na bliana, bíodh Gaeilge acu nó nach mbíodh, is imeacht do Ghaeilgeoirí amháin é seo, rud atá thar a bheith tábhachtach a deir Sorcha.

"Is imeacht é seo chun Gaeilge a chur chun cinn. Deis í seo an Ghaeilge a labhairt mar theaghlaigh i spás sóisialta, agus a labhairt go nádúrtha. 

"Sílim gurb é an rud is fearr faoi ná go dtarlaíonn sé ar an deireadh seachtaine dheireanach den tsamhradh. Is ceiliúradh dheireadh an tsamhraidh é leis na teaghlaigh ar fad sula dtéann achan duine ar ais ar scoil."

Cuirfear pubaill ar fáil d'achan duine, agus deir Sorcha go bhfuil sé tábhachtach gan aon bhrú a chur ar theaghlaigh chun rud ar bith a cheannach, agus gur deis faoisimh í seo daofa. 

"Níor mhaith linn go mbeadh duine ar bith ag ceannach rud ar bith don turas seo. Beidh achan rud socraithe do na teaghlaigh.

Ar sise, "Beidh na pubaill in airde nuair a thiocfas siad. Beidh bia réidh. Beidh fáil ag tuismitheoirí ar theach an fheighlí má bhíonn siad ag iarraidh buidéil a mbabaithe a théamh. Tá muid ag iarraidh an faoiseamh sin a thabhairt do theaghlaigh chomh maith."

Mhol Sorcha go mór an nasc atá ag Líonra Iarthar Bhéal Feirste le Líonra Charn Tóchair, agus dúirt sí go bhfuil go leor oibre déanta acu lena chéile roimhe seo, agus gur mhaith leis an dá líonra tógáil ar an dea-chaidreamh.

Ar sise, "Tá muid ag nascadh leis an líonra pleanála teanga eile atá sa tuaisceart, An Carn. Tuigfidh teaghlaigh agus tuismitheoirí nach mol beag in Iarthar Bhéal Feirste muid ach gur mar chuid de phobal ollmhór muid.

"An pobal a thabhairt le chéile. An pobal a spreagadh. Agus an spás sin a thaispeáint do na tuismitheoirí go cinnte, go bhfuil pobal bríomhar, beo sóisialta againn. Agus go bhfuil muid ag cothú an phobail sin."