TÁ múinteoirí agus scoláirí Naomh Labhaoise lán bróid i ndiaidh na dtorthaí Gaeilge GCSE, mar a d'éirigh leis an ochtar sa rang pas a fháil le gráid idir A*-C.

Dúirt Niamh Thompson, Ceann Roinn na Gaeilge sa scoil, go bhfuil sí féin agus múinteoir na roinne, Méabh Nic Amhlaoidh, iontach bródúil as na cailíní.

"Tá na huimhreacha ag éirí níos mó gach eile bliain. Ní raibh ach ochtar sa rang i mbliana, ach ar an bhliain seo chugainn beidh ochtar déag againn."

Arsa Méabh, "Tá mé iontach bródúil. Tá an teanga ag fás an t-am ar fad sa scoil. 

"Tá níos mó spéise ag páistí sa teanga ná mar a bhí riamh. Tá muidne iontach maith ag déanamh rudaí i nGaeilge sa scoil leis na páistí. Tá pobal againn anois sa scoil.

Deir Niamh go ndéanann siad iarracht pobal Gaeilge a chruthú sa scoil, agus an teanga  a dhéanamh ina teanga bheo do na scoláirí. 

"Téann muid chuig an Chultúrlann. Tá muid ag iarraidh dul ar thuras chun na Gaeltachta i mbliana, mar ní bhíonn an t-eispéireas sin ag na páistí i rith an tsamhraidh.

"Déanann muid nuachtlitir gach mí chomh maith. Tá Cumann Gaelach againn."

Deir Méabh go bhfuil sé go mór ina chuidiú go bhfuil borradh faoin teanga i mBéal Feirste, agus go gcuidíonn a leithéid de Kneecap leis an tsuim atá ag daoine sa Ghaeilge.

"Tá fás ar an teanga i mBéal Feirste, ní hamháin sna scoileanna. Tá cuid mhór daoine fásta ag teacht isteach 'na teanga."

Fuair Aoibheann Press naoi A* ina cuid GCSE. Rinne sí GCSE Gaeilge nuair a bhí sí sa tríú bhliain, mar go ndeachaigh sí go bunscoil lán-Ghaeilge, agus tá sí ag dul a dhéanamh Gaeilge don A-Leibhéal ar an bhliain seo chugainn.

"Tá mé iontach bródúil asam féin. Ba mhaith liom ceimic, bitheolaíocht, Gaeilge agus mata a dhéanamh don A-Leibhéal. Ba mhaith liom dul ar aghaidh go hOllscoil na Banríona agus céim sa leigheas a dhéanamh ansin."

Aoibhinn Press
2Gallery

Aoibhinn Press