Nuair a scairt siad orm ó NASA shíl mé go mbainfeadh sé le fógra éigin a dhéanamh. Ag an am sin, thig liom a rá (agus ní bheadh sé ceart ag duine ar bith mórchúis a chur i mo leith) go raibh mise, David Robert Jones (cé go raibh sé faoi ainm eile) i mo racréalta cáiliúil, go raibh clú orm ar fud an domhain agus go raibh mé molta go forleathan. Chomh maith leis sin, i measc mo chuid amhrán bhí méid nach beag a raibh baint éigin acu leis an spás agus le ficsean eolaíochta, amhráin a dtiocfadh leo bheith fóirsteanach don iliomad tionscnamh a bhíonn ag NASA. 

An rud ba lú a raibh mé ag súil leis ná tairiscint le bheith páirteach i dTionscadal Trialach na Choíche-Tíre mar ní raibh faic cluinste agam faoina leithéid riamh. Cad é mar a bheadh? Togra rúnda atá ann, agus tá sé riachtanach go raibh sé mar sin, go fóill beag ar aon nós. Ar dtús, dhiúltaigh mé. Bhí mé beo leis na daoine a raibh grá agam dóibh thart orm agus bhí mé i dtréimhse rathúil ó thaobh mo chuid ceoil de, mé ar tí diosca nua a sheoladh. Bhí an tsláinte go maith agam fosta fiú má bhí mé ag tarraingt ar an seachtó bliain. Ní raibh mé ag iarraidh an stíl mhaireachtála a bhí agam a athrú.

Ach comhtharlúint! Seachtain i ndiaidh dom an tairiscint a fháil, fuair mé diagnóis go raibh mo phróstatach ata. Ní rud ar bith tromchúiseach a bhí i gceist ann féin ach chuir an tinneas sin i gcuimhne dom go raibh mé ag dul isteach i dtréimhse eile de mo shaol, agus chomh maith leis sin nach dtiocfadh leis an tréimhse sin a bheith iontach fada – bhuel, ní chomh fada agus a ba mhian liomsa ar aon nós. Bhí dúil mhór agam sa tsaol i dtólamh. B’aoibhinn liom a bheith beo.

Ar an ábhar sin, thug mé freagra dearfach do na daoine a bhí i mbun togra TTCT NASA i ndiaidh dom a bheith idir dhá chomhairle tamall maith fada. Ón bhomaite sin ar aghaidh láimhseáil siad gach rud le cruinneas agus le stuaim. Sa bhliain 2016 lig muid orainn eadrainn uilig go bhfuair mise bás de dheasca ailse ae agus i ngan fhios do dhuine ar bith tugadh anseo mé. Níor scaipeadh ráfla ar bith go raibh mé go fóill beo, mar a rinneadh roinnt mhaith blianta roimhe sin i gcás racréalta eile san fhinscéal ba mhó a scaipeadh faoi Elvis Presley. 

De réir an mhéid a dúirt na daoine a bhí i gceannas ar an togra liom, is d’aon ghuth a roghnaigh siad mise le páirt a ghlacadh sa tionscadal. Ar lámh amháin, bhí siad den bharúil go mbeadh sé deacair theacht ar dhuine ar bith le níos mó tallainne le hionadaíocht a dhéanamh ar an chine dhaonna ag an phointe sin; ar an lámh eile chuir siad luach ard ar mo scéimh shomhúnlaithe, iontach. Ní focail s’agamsa iad seo ach focail na mbainisteoirí nuair a chruinnigh muid le chéile le go dtabharfadh siad eolas dom faoin togra agus faoin tairiscint. I ndiaidh dom na mínithe a chluinstin chuir mé ceist orthu an raibh Lou Reid, amhránaí iontach clúiteach eile de mo ghlúinse a fuair bás roimh ‘bhás’ s’agamsa, ina measc siúd a roghnaíodh fosta. Ach dúirt siad liom nach raibh, go bhfuair seisean bás ar an ghnáthdhóigh agus nach raibh an togra tosaithe fiú amháin ag an am sin.

Ba thrua liom nach raibh. Fuair amhránaí cáiliúil eile darbh ainm Leonard Cohen bás ina dhiaidh sin, deich mí sular tháinig mise anseo, agus smaoinigh mé go bhféadfadh sé go raibh seisean ina measc siúd a roghnaíodh agus go mb’fhéidir gur thoiligh sé. Ach níor éirigh liom a fháil amach agus ní raibh sé de mhisneach agam fiafraí mar nuair a d’fhiosraigh mé faoi Lou Reid, chonacthas dom go raibh siad míshuaimhneach leis an cheist.

Níl a fhios agam cad é a dhéanfaidh mé i mo shaol as seo amach, ach tá dóchas agam go n-éireoidh liom sa todhchaí rud éigin a chur i gcrích a gcuirfidh duine éigin luach air. 

Ós rud é go gcaithfear an togra seo a choinneáil faoi rún, bhí orm go leor a fhulaingt sna blianta deireanacha seo, ón am a thoiligh mé a bheith páirteach, mar gheall ar an chosc, ar an smacht agus ar an strus. Ar ndóigh, an dialann seo a bhfuil mé tosaithe ar a scríobh anois, tá sin crosta orm fosta agus is cinnte nuair a bheidh síscríofa agam go ndéanfaidh mé na leathanaigh sa leabhar nótaí a scrios, ar eagla na heagla. An t-uaigneas an pionós is crua againn. Tá an caidreamh atá againn le daoine anseo iontach teoranta. Táimid beo, go dtí seo ar aon nós, i mbolgán ina bhfuil seachtar, iad uilig roghnaithe don tionscadal.

Ní thig linn, ar chúis ar bith,dul thar theorainn an limistéir aon chiliméadar cearnach a bhaineann le gach bolgán ar leith. Iontais an domhain agus na tubaistí a bhfuiltear ar a míle dícheall ag streachailt ina gcoinne, feicimidne sin uilig gach aon lá ar scáileán na teilifíse agus an ríomhaire, ach ní fheicimid aghaidh ar aghaidh ach na comhghleacaithe atá againn inár mbolgán féin, na heolaithe ón tionscadal, corrdhochtúir agus corrshíceolaí. An caidreamh atá againn leis an dara grúpa seo, níl sé ar dóigh ar bith domhain. Tá sé iontach proifisiúnta. 

Ní mórán iad, ach chum mé roinnt amhrán ó tháinig mé anseo. Athraíonn an chruthaitheacht i gcónaí, de réir saol, crá croí agus dóchas an chruthaitheora, ach thug mo thréimhse chónaithe anseo mé go háiteanna nach dtiocfadh liom a shamhlú go deo ó thaobh amhráin a chumadh. Ar an taobh eile den scéal, ní thig liom, mar ba ghnách liom, obair ullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh ceolchoirme. Bhí seans agam cúpla uair ceol beo a dhéanamh i seomra beag anseo, ach ní thiocfadh liom a bheith agam mar lucht éisteachta ach comhaltaí eile an bholgáin, pobal tearc i gcomparáid leis an lucht leanúna díograiseach a bhí agam lá den tsaol. Sílim, mar sin féin, go bhfuil meas acu ar mo chuid amhrán.

I measc na seisear comhaltaí atá agam sa bholgán tá duine amháin a bhfuil dúil mhór aige san fhilíocht, agus dúirt sé liom gur scríobh file ó réigiún beag éigin nach bhfuil cuimhne agam air, ar an dóigh chéanna ar thosaigh an stair do chuid de na daoine nuair a céasadh Íosa Críost ar an chros, agus do chuid eile nuair a scairt Lenin, ‘An chumhacht uilig don tSóivéid!’, gur thosaigh an stair dósan nuair a ghearr mise mo chuid gruaige. 

Níl a fhios agam cad é a dhéanfaidh mé i mo shaol as seo amach, ach tá dóchas agam go n-éireoidh liom sa todhchaí rud éigin a chur i gcrích a gcuirfidh duine éigin luach air. An rud is dóichí b’fhéidir, nuair a thosaíonn siad, de réir a chéile, ag tabhairt an togra seo amach faoi sholas an lae – agus ní thig linn a fhios a bheith againn go fóill cá huair sin – go mbeidh seans agam caidreamh a bheith agam le níos mó daoine, agus go mbeidh seans agam fosta canadh os comhair lucht éisteachta níos fairsinge. 

Leis an domhan uilig a rialú agus, dá mb’fhéidir é, a tharrtháil ón scrios, tugadh an chumhacht go léir don CDR(Cumhacht Dhomhanda Ríomhairithe) na tionscadail uilig cosúil leis an cheann s’againne a stiúradh. Mar thoradh air sin beidh an TTCT in ann na céimeanna pleanáilte go léir a fhorbairt níos gasta agus le héifeacht iomlán. 
Idir an dá linn, tá sé fíor nach bhfuil mé chomh saor ná chomh sona i mo chónaí anseo agus a bhí mé roimhe, ach caithfidh mé a admháil gur chuir an bás eagla orm agus is í an eagla sin an rud a ba mhó a thug orm theacht anseo.

De réir a ndúirt siad liom, beidh mé ábalta leanúint ar aghaidh beo dhá chéad bliain eile, go dtí go mbeidh mé beagnach 300 bliain d’aois. Beidh mé beo, ó thaobh ama de ar aon nós, ar a laghad deich n-uaire an méid de shaol a tugadh do Brian Jones, Janus Joplin, Jimi Hendrix, Jim Morrison, Ian Curtis, Kurt Cobain, Amy Winehouse agus cuid mhaith racréaltaí clúiteacha eile. Seans go mbeidh sé rófhada agus go mbeidh mé ag iarraidh bás a fháil roimhe sin, ach san am i láthair tá gach rud ag dul go measartha maith agus níl aiféala orm.

Juan Luis Zabala
3Gallery

Juan Luis Zabala

Aistrithe ag Pádraig Ó Maolchraoibhe ó Bhascais go Gaeilge. Buíochas leis an Chultúrlann as a cuidiú. 

Culturlann Logo.jpg
3Gallery

Culturlann Logo.jpg