Bhí seomra lán go béal i Staid Dexcom i nGaillimh Dé Luain, mar a seoladh sceideal lán scéalta, guthanna agus aicsean beo de chuid TG4.

Cuirfidh muintir an tuaiscirt an-suim sa chlár 'Glúin an tSosa Cogaidh,' a chuireann cúigear ón ghlúin a rugadh sa tuaisceart idir an sos cogaidh 1994 agus Comhaontú Aoine an Chéasta 1998 faoi chaibidil.

Beidh suim ar leith ag lucht féachana an tuaiscirt fosta sa chlár 'Réalt na Mara FC,' ina n-inseofar scéal fhoireann peile óige ar a raibh imreoirí Protastúnacha agus Caitliceacha ag imirt taobh le taobh tráth, sular athraigh na Trioblóidí a bpobal go deo. 

Pilleann an tsraith dhrámaíochta mhóréilimh 'Crá,' do shéasúr úr. Cuirfear an saol nua atá ag an ábhar bleachtaire, Conall Ó Súilleabháin, trína chéile sa dara sraith nuair a chloiseann sé go bhfuil coirpeach tar éis éalú ón phríosún. Níl aon dul as, caithfidh sé filleadh ar Carraig na nGall. 

Tá Cormac Ó hEadhra mar láithreoir ar shraith úr cúrsaí reatha, dírithe ar dhaoine óga, 'Mo Thír, Mo Thuairim.' Cuirfear tuairimí daoine óga i gceartlár na gcomhráite is mó a tharraingíonn cainte in Éirinn. Beidh idir thithíocht, intleacht shaorga agus na meáin shóisialta agus cúrsaí andúile, cearrbhachais agus polaitíochta faoi chaibidil. 

Tá an ceol ar cheann de na hábhair is mó éileamh ar ardáin TG4, agus ní bheidh easpa cláracha sa chatagóir sin i mbliana. Na hamhráin a bhain le hÉirí Amach na mbliana 1798 a bheidh faoi chaibidil sa chlár 'Ceol 1798,' agus beidh Doireann Ní Ghlacáin ar ais le sraith nua de 'Curfá.'

Ag caint léi faoin sceideal úr, dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, go raibh sí sásta agus bródúil go gcuirfear 'Súil Eile' TG4 chun cinn sa sceideal úr, agus gur deis mhór í ceiliúradh tríocha bliain ó bunaíodh TG4 machnamh a dhéanamh ar an nasc leis an lucht féachana.

"Is deis a bheidh in ócáid mhór Oíche Shamhna na bliana seo, agus muid ag comóradh 30 bliain ó bunaíodh TG4, machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcothaímid ceangal leis an lucht féachana agus ar an gcaoi a bhfreagraímid don mhéid a bhfuiltear ag súil uainn.

"Choimisiúnaigh TG4 Bricolage i mbliana chun tabhairt faoi thaighde a thabharfadh tuiscint níos fearr dúinn ar riachtanais agus ar nósanna féachana i ré an rogha don lucht féachána. De réir an taighde sin, tá an lucht féachana mórtasach as clársceideal TG4."

Ar sise, "Tá an-áthas orm an leagan amach nua atá ar sceideal TG4 a fhógairt inniu, ar sceideal é a shásaíonn na riachtanais sin fad a leantar den ábhar sainiúil sin a spreagann mórtas agus a chothaíonn ceangal lenár lucht féachana a chruthú."

Cuirfear tús le craoladh sceideal an Fhómhair 2026 ar TG4 agus ar na hardáin dhigiteacha ó mhí Mheán Fómhair.