Ba é an file agus rapadóir Pádaí de Cléir a chuir an lasair liteartha sa bharrach ag ceiliúradh Imram, 'Tionscadal Bhéal Feirste' in Áras Mhic Reachtain aréir.
Ag cur saothair nua-chumtha i láthair, thug an Cléireach léargas dúinn ar an chathair úr agus ar a chúlra conspóideach - ag tagairt don 'tabula rasa' (mar dhea) a bhí ann roimh an phlandáil.
Fuair an Glider, an Odaisé agus Músaem an Titanic a 15 soicind sa spotsholas ina spraoi-thiomáint trasna an chathair chráite.
HÚRRÁ: Pádaí de Cléir
I measc na dtaibhreoir eile bhí Gráinne Holland agus a bhanna — ardmharcanna don leagan Gaeilge (le Seán Ó Muireagáin) de 'Have I Told You Lately' le Van the Man — an t-ollamh Art Hughes, Séan réamhluaite Ó Muireagáin le gearrscéal scafárach ar mháthair chruálach agus a níon, agus, ag pilleadh abhaile go caithréimeach Réaltán Ní Leannáin.
GRÁINNE SA GHLÓIR: Cheol Gráinne Holland (lár báire) a hamhrán féinchumtha 'Béal Feirste'
Ina gearrscéal gonta, chuir Réaltán síos go ceanúil ar réimeas na sagart a rinne léirscrios ar chailíní scoileanna faoin gcúram in Iathar Bhéal Feirste. Agus rith an ama, na mná rialta ag sodar ina ndiaidh. Daille agus diabhlaíocht - dís domhaite.
Is gá an seit-chóiriú a luadh fosta, pictiúirí nua de Bhéal Feirste le Colm Mac Aindreasa, foclaí na ndán ar an scáileán mhór (rud a d'éascaigh ár dtuiscint ar na dántá) agus buaileadh bos don ghrianghraf den Maidstone agus Gráinne ag ceol The Foggy Dew Gaeilge, An Drúcht Geal Ceo (aistriúchán le Séamus Ó Grianna, ceol le Carl Hardebeck as Bóthar na bhFál).
Leagan Sheáin Uí Mhuireagáin de ‘Have I Told You Lately’ le Seán Ó Muireagáin á cheol ag Gráinne Holland le linn Tionscadal Bhéal Feirste de chuid @ImramFeile aréir in Áras Mhic Reachtain. 🙌👏❤️ pic.twitter.com/NJilvxgLG1
— Máirtín Ó Muilleoir (@newbelfast) April 4, 2026
Ár moladh go deo le Liam Carson agus le Majella Ní Chríocháin as IMRAM, a thug coimisiúin do na scríbhneoirí dá saothair nua - go maire a dtionscadail uaillmhianacha uile go cionn I bhfad.
.



