Tá iriseoir Gaeilge a bhfuil ardmheas air ag dul ar scor, i ndiaidh breis agus tríocha bliain a chaitheamh ag obair san earnáil.

Scríobh Robert McMillen a chéad alt don Irish News sa bhliain 1984, nuair a bhí sé ag obair mar leabharlannaí sa Leabharlann Lár i mBéal Feirste. Bhí cara leis i ndiaidh alt i nGaeilge a scríobh don pháipéar, agus spreag sé sin Robert chun an rud céanna a dhéanamh.

"Arsa mise liom féin thiocfadh liom sin a dhéanamh mar thugann siad fiche punt dó! Scríobh mise alt ar stair na Nollag agus fuair mé fiche punt as sin agus dúirt mé liom féin taitníonn sé go mór liom so lean mé orm ag scríobh do nuachtán a bhí ann ag an am, Anois."

De réir a chéile, thosaigh Robert ag déanamh níos mó iriseoireachta. Chuir Raidió na Gaeltachta scairt air sna nóchaidí nuair a bhí Droim Crí ag dul ar aghaidh, chomh maith le Bóthar Ormeau agus Siopaí Árd Eoin. Ba ghnách leis agallaimh a dhéanamh faoi na scéalta ón Leabharlann féin, áit a raibh sé ag obair go fóill. 

Bhíodh sé le cluinstin go minic ar Blas ar BBC Gaeilge ag plé cúrsaí ealaíne. Bhí sé ag éirí ní ba ghnóthaí agus ní ba ghnóthaí, idir iriseoireacht scríofa, raidió agus teilifíse, agus chinn sé dul amach leis féin mar iriseoir. 

"Bhí cead agam trí bliana saor a ghlacadh ón leabharlann, agus an jab ansin fá mo choinne i ndiaidh na trí bliana.

Ar seisean, "Bhí mé ag déanamh an oiread sin iriseoireachta, d'fhan mé liom féin agus d'fhág mé an leabharlann i mo dhiaidh sna nóchaidí."

Chaith sé seal ag obair ar bhonn páirtaimseartha don Andersonstown News.

"Bhí neart oibre iriseoireachta amuigh ansin. Sin an fáth a ndearna mé an cinneadh dul i mbun saoririseoireachta. Fuair mé post lánaimseartha leis an Irish News i 1999, agus tá mé ansin ó shin i leith."

Deir Robert go bhfuil tábhacht ollmhór le hiriseoireacht i ndaonlathas, agus cuimhníonn sé ar roinnt eachtraí móra le linn a ghairme. 

"Mar chuid den obair a rinne mé le Raidió na Gaeltachta bhí mé ar Bhóthar Ormeau nuair a bhí na racáin ar siúl. 

"Nuair a maraíodh Billy Wright, maraíodh deichniúr Caitliceach an mhí ina dhiaidh sin. B'éigean dom dul chuig fáire le breathnú air sin, mar shampla. So mothaím go bhfuil iriseoirí ina bhfinnéithe, cineál, ar a bhfuil ag titim amach anseo."

Cé go bhfuil sé i ndiaidh na mblianta a chaitheamh ag clúdach roinnt de na scéalta is mó agus is tromchúisí sa tuaisceart, cuimhníonn Robert ar scéalta níos éadroma a chlúdach chomh maith, i Londain agus agallaimh a dhéanamh le leithéidí Tom Hanks. Tá sé den bharúil go bhfuil tábhacht ar leith leis na healaíona agus gur féidir le hiriseoirí ról a imirt i gcur chun cinn na hearnála sin chomh maith.

"Mothaím go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na healaíona agus gur rud fíorthábhachtach riachtanach iad don duine.

Ar seisean, "Mura raibh ceol ann, mura raibh drámaí ann, mura raibh scríbhneoireacht ann, mura raibh scannáin mhaithe ann, bheadh mo shaol millteanach leadránach, agus thiocfadh lagbhrí ar dhaoine. Mar sin de, sílim go bhfuil sé tábhachtach ní hamháin go mbímid ag plé le cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí reatha ach leis na healaíona chomh maith. Bhí sé d'ádh ormsa go raibh mé ábalta an dá thrá sin a fhreastal."

D'fhoghlaim Robert go leor dá chuid Gaeilge sa Chumann Chluain Árd, áit ar bhuail sé lena leithéidí Albert Fry agus Máirtín Mac Grianna. Leag sé cos ann den chéad uair i 1969, agus tá sé go fóill mór leis na daoine ar bhuail sé leo. Bhí an áit mar a bheadh tobar na Gaeilge ann, go háirithe leis na naisc a bhí aige le Rann na Feirste. Chinn Robert agus a chuid chairde lá amháin gan Béarla ar bith a labhairt le chéile agus tá siad mar sin ó shin.

"Thug an Ghaeilge saibhreas iontach domh, gan a bheith ag caint ar chúrsaí oibre fiú, leis na cairde atá agam anois. 

"Ba i nGaeilge a bhí an chéad alt a scríobh mé, agus tá mé ag déanamh rudaí i nGaeilge ó shin i leith.

"Leoga, rith mé an chéad mharatón i mBéal Feirste agus b'shin é an chéad rud a rinne mé don raidió i nGaeilge chomh maith, píosa do chlár ar an BBC. Ag an am sin, bhí cúig bhomaite déag de chraoltóireacht Ghaeilge sa tseachtain, agus amharc anois."

Tá aithne mhaith ar Robert mar gheall ar The Bluffer's Guide to Irish a fhoilsíonn sé san Irish News gach seachtain. Tugann sé leideanna d'fhoghlaimeoirí Gaeilge fríd ailt dhátheangacha a scríobh, le foclóirín ag an deireadh. Tá ná céadta scríofa aige thar na mblianta, ach deir sé go seasann colún amháin amach thar cholún ar bith eile. 

"Bhí muid ag tarraingt ar an Dara Lá Déag, agus dúirt mé liom féin, 'cad faoi a scríobhfaidh mé?'"

Chinn sé foclóir éigin a chur le chéile d'fhir bhuí, dá mbeadh siad ag iarraidh Gaeilge a labhairt, agus scríobh sé alt faoi bhannaí, fhir buí agus mháirseálacha.

"An lá ina dhiaidh sin, fuair mé scairt ó fhear a bhí ina bhall de na hoird dhílse. Dúirt sé gur thaitin na leathanaigh go mór leis, agus go raibh cúigear nó seisear i lóiste s'aigesan a raibh an-suim acu sa Ghaeilge."

Mhol Robert dó tuilleadh taighde a dhéanamh ar logainmneacha, ó bhí na Hallaí Oráiste suite in áiteacha a raibh logainmneacha suimiúla leo. 

"Léiríonn sé sin nach bhfuil an naimhdeas don Ghaeilge chomh mór agus a shíleann daoine, fiú sna háiteacha nach mbeifeá ag dúil leis."

Ar seisean, "Ní fhaighim mórán aischothú, ach nuair a bhuailim le daoine bíonn siad ag caint faoi. Baintear úsáid as in ranganna Gaeilge, i gciorcail chomhrá. Baintear úsáid as, agus baineann daoine idir shult agus thairbhe as ó thosaigh sé, sílim, fiche is a seacht bliain ó shin."

Tá athruithe móra tagtha ar dhomhan na hiriseoireachta ó thosaigh Robert ag obair ann, a deir sé. Nuair a thosaigh sé san Irish News bheadh daichead iriseoir san oifig, ach anois bíonn beirt nó triúr nó go mbíonn daoine ag obair ón bhaile den chuid is mó. 

"Is é an luas is tábhachtaí na laethanta seo. Níl an t-am ag daoine anois staidéar a dhéanamh, rud atá fíor le fada an lá.

"Is breá liom na meáin shóisialta. Leanaim daoine a bhfuil meas agam orthu, ach tá an oiread sin bréaga amuigh ansin gur doiligh don ghnáthdhuine fios a bheith acu cad é atá fíor."

Ní hé go mbeidh stop le Robert agus é ar scor! Tá go leor pleananna aige, agus tá sé ar intinn aige dul ag taisteal agus am a chaitheamh ag spaisteoireacht i gceann de na tíortha is ansa leis, an Spáinn. Ba mhaith leis dul chuig imeacht ar leith, chomh maith. 

"Ba mhaith liom cuireadh a fháil chuig an Oulu Irish Festival, atá ar an fhéile Éireannach is faide ó thuaidh ar domhan, san Fhionlainn, ar an taobh eile den Chiorcal Arctach."

"De réir gach cosúlachta beidh mé chomh gnóthach agus mé ar scor agus a bhí mé, ach beidh mé ábalta na scéalta a leanaimse a roghnú."

Agus ní imeoidh sé óna dhúchas choíche. Sin iad scileanna an iriseora agus an mana a chloíonn sé leis i gcónaí.

Ar seisean, "Caithfidh tú an fód a sheasamh. Caithfidh tú an rud ceart a dhéanamh agus an fhírinne mar a fheictear duit a chur chun cinn oiread agus is féidir."