Tá scoláirí Gaeilge in Ollscoil na Ríona ag baint suilt as tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht mar chuid dá gcéim. 

Is i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste, atá na scoláirí ag staidéar le linn a dtréimhse. Mar aon le heispéireas Gaeltachta ar bith, fanann siad le muintir na háite agus cuireann siad aithne mhaith ar an cheantar. 

Tá Mollie Ní Néill ina bliain dheireanach ar an chúrsa Gaeilge san ollscoil, agus deir sí go bhfuil sí ag baint an-sult as an eispéireas Gaeltachta.

"Bhí mé anseo anuraidh chomh maith, bíonn muid ag dul chuig ranganna gach lá ó 10.30 go 3.30, agus is linne an chuid eile den lá ina dhiaidh sin."

Bíonn roinnt ábhar faoi chaibidil sna ranganna, agus deir Mollie go gcuidíonn sé go mór lena cuid scileanna gramadaí.

"Sa chéad rang ar maidin, pléann muid stair an cheantair agus rudaí faoi Rann na Feiste. Ansin bíonn rang saibhris againn, agus bíonn rang ar an ghramadach againn sa tráthnóna. Bímse féin ag streachailt leis an ghramadach mar sin is maith liom an rang sin. 

"Cuidíonn sé leis an staidéar go mór. Déanann muid aiste taighde ar an am a chaith muid anseo mar chuid den chúrsa."

Tá Mollie ag stopadh i dTeach Gresham, teach a bhfuil ardchlú air i Rann na Feirste, agus ag bogadh ar aghaidh go Teach Anne-Marie ag deireadh na seachtaine. Tá dáréag ag fanacht sa teach san iomlán.

Mar a thosaíonn comhchéimeanna úra i mbliana ar Ollscoil na Ríona, Gaeilge agus Dlí agus Gaeilge le Staidéar na Meán, is cosúil go bhfuil uimhreacha na hollscoile sláintiúil ó thaobh na teanga de. 

"Tá scaifte níos mó anseo i mbliana ná a bhí anuraidh. Tá seasca is a dó duine anseo i mbliana. 

"Bhí a lán daoine ag dul do chomhchéimeanna agus ag déanamh bliana sa Spáinn nó sa Fhrainc. Anois tá siad ar ais agus tá siad sa rang s'againne."

Deir Mollie go bhfuil na Gaeltachtaí iontach tábhachtach ar fad do shláinte na teanga, agus gur féidir caidreamh maith láidir a thógáil le muintir na háite. Dar léi, is í an chaint an dóigh is fearr í le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. 

"Sílim go bhfuil na turais seo ríthábhactach. Bíonn muid ag caint i nGaeilge in achan áit anseo, sna siopanna agus sna tithe tábhairne. Feabhsaíonn tú do chuid Gaeilge leis an chaint is mó, i mo bharúil. 

"Chaith roinnt de mo chairde sa rang an samhradh sa Ghaeltacht ag obair mar cheannairí. Mar sin, tá aithne acu ar chuid mhaith de na daoine anseo.

"Tá a lán Gaeltachtaí atá i mbaol, mar sin tá sé iontach tábhachtach go ndéanann daoine iarracht Gaeilge a labhairt nuair a bhíonn siad sna Gaeltachtaí."