Tá na blianta caite ag obair sa Ghaeloideachas ag Príomhoide Choláiste Feirste, Míchéal Mac Giolla Ghunna. Deir sé nach mbíonn bliain ar bith sa scoil nach mbíonn dúshlán le sárú, ach ní chailleann sé a mhisneach.
"Ní bhíonn sé furasta sa Ghaelscolaíocht. Bíonn go leor dúshlán ann i gcónaí. Tá mise sa scoil seo le ceithre bliain is fiche, agus ní raibh bliain ar bith nach raibh dúshláin romhainn.
"Tá foireann an-láidir againn, tá taithí againn. Tuigeann muid an rud atá muid á dhéanamh, agus níos mó ná rud ar bith eile, creideann muid go daingean sa rud atá muid a dhéanamh."
Deir Mac Giolla Ghunna gur ón bhun aníos a tógadh an scoil, agus go gcloíonn siad leis an mhana agus leis an mhian sin go fóill. Deir sé go dtéann sé go mór i bhfeidhm ar phobal na scoile.
"Chuir an pobal an Ghaelscolaíocht ar bun i mBéal Feirste, ach go háirithe pobal Bhóthar Seoighe a chuir Bunscoil Phobal Feirste ar bun. Ansin chonaic daoine an caighdeán oideachais agus na buanna uilig a bhain leis an Ghaelscolaíocht, agus cuireadh níos mó bunscoileanna ar bun, agus, sa deireadh Coláiste Feirste.
"Tuigeann an pobal agus tuigeann na tuismitheoirí an caighdeán oideachais atá ar fáil anseo. Ní hamháin na buntáistí a théann le hoideachas trí mheán na Gaeilge ach leis an chúram chomh maith.
"Tuigeann siad go dtabharfaidh muid aire mhaith do na páistí, go bhfaighidh siad cáilíochtaí.
"Ach níos mó ná rud ar bith eile an cineál dalta a thagann amach as an scoil agus a théann isteach sa phobal. Feiceann daoine an mianach agus na tréithe atá sna daoine sin agus ba mhaith leo sin do na páistí s'acu féin."
Tá easpa múinteoirí i measc na ndúshlán a bhíonn roimh an scoil. Deir an tUasal Mac Giolla Ghunna go mbíonn go leor múinteoirí ag teacht fríd a bhfuil ábhar ar nós stair nó Gaeilge acu, ach go mbíonn bearna ann sna hábhair ar nós an mhata, na teicneolaíochta nó an eacnamaíocht bhaile.
"Faoi láthair, is é earcú mhúinteoirí saineolais ar cheann de na dúshláin is mó atá againn. Tá an Ghaelscolaíocht ag fás go tapaidh agus níl na múinteoirí ag teacht fríd na coláistí faoi láthair.
"I mbliana, tá seisear múinteoirí déag againn atá sa chéad bhliain, sa dara bhliain nó sa tríú bhliain den ghairm s'acu. Léiríonn sin chomh tapaidh is atá muid ag fás, agus na múinteoirí atá de dhíth orainn, agus tá sé thar a bheith deacair teacht ar na múinteoirí sin.
Ghlac an scoil cinneadh roinnt blianta ó shin tacú le múinteoirí ar mhaith leo tabhairt faoi chéimeanna sna hábhair a bhfuil easpa múinteoirí iontu.
"In amanna ní bhíonn an saineolas atá de dhíth orainn acusan, mar sin caithfidh muidne iad a fhorbairt muid féin.
"Is múinteoirí iontacha iad. Tá siad paiseanta faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeloideachas ach b'fhéidir nach mbíonn an saineolas acu.
Ar seisean, "Mar shampla, mura mbíonn céim sa mhata ag múinteoir ach bíonn múinteoir mata de dhíth, cuireann muid an múinteoir fríd chéim sa mhata linn féin, agus íocann muid as sin.
"Le trí nó ceithre bliana anuas, is dócha gur chuir muid triúr nó ceathrar múinteoirí fríd chéimeanna, sa mhata go háirithe. Cúpla múinteoir eile ag dul do chúrsa sa teicneolaíocht. Ach glacann sé tamall leis sin a fhorbairt. Agus idir an dá linn bíonn sé dúshlánach."
Deir an tUasal Mac Giolla Ghunna go bhfuil gá ar leith le plean lucht oibre don earnáil Ghaelscolaíochta. Tá an Bille um Ghaeloideachais (Plean Lucht Oibre) faoi bhráid an Tionóil faoi láthair, urraithe ag Pat Sheehan.
"Gan phlean, níl sna gníomhartha eile ach smaointe beaga. Is féidir leis an Roinn sparánacht a chur ar fáil ach gan na píosaí uilig ní dhéanfaidh sé mórán difear.
"Fás na hearnála an fáth is mó d'easpa múinteoirí. Níor pleanáladh fá choinne múinteoirí saineolais. Caithfidh iniúchadh a dhéanamh ar an áit a mbeidh na bearnaí amach anseo agus plean a dhéanamh anois chun na bearnaí sin a líonadh."
Tá plé á dhéanamh ar fhoirgnimh úra nó Gaelscoileanna úra a oscailt i mBéal Feirste le fada an lá. Dar le Mac Giolla Ghunna, tá na huimhreacha ann le dhá nó trí scoil eile a oscailt, ar a laghad. Deir sé go bhfuil easpa spáis ar cheann de na fadhbanna is mó atá ag Coláiste Feirste faoi láthair.
"Ar ndóighe, feiceann go leor daoine go bhfuil muid ag dul thar maoil, nach bhfuil go leor spáis sa scoil. Bíonn muid i gcónaí ag cuartú seomraí breise.
"Níor dhiúltaigh muid roimh dhalta ar bith atá ag iarraidh teacht anseo ón bhunscoil, mar sin tá muid ag cur thar maoil. Tá muid i bhfad thar míle dalta le cúpla bliain anuas. Níl an spás againn ach do shé céad, seacht gcéad, ocht gcéad dalta.
"Ba chóir go mbeadh ar a laghad dhá iar-bhunscoil nó trí iar-bhunscoil i mBéal Feirste. Tá na huimhreacha ann. Ach glacfaidh sin blianta fada.
"Is scoil í Coláiste Feirste, ach cuirtear orainne earnáil a fhorbairt chomh maith. Earnáil iar-bhunscolaíochta lán Ghaeilge.
"Titeann sé orainne amharc i ndiaidh na ndaltaí s'againne agus pleanáil do na daltaí a bhéas ag teacht fríd."
Tuairiscíodh san Andersonstown News i rith an tsamhraidh gur ceapadh ailtire le hathfhorbairt Choláiste Feirste a fhiosrú, agus go mbeadh sé “exploring the transformation” de sheancholáiste Corpus Christi mar shuíomh úr don scoil. Deir an tUasal Mac Giolla Ghunna nach bhfuil rud ar bith deimhnithe faoi sin go fóill.
"Tá An Roinn Oideachais ag déanamh plean féidearthachta faoi sin agus tiocfaidh siad ar ais i gceann bliana le cinneadh faoi.
"Tá muidne ag plé na ceiste seo le sé nó seacht mbliana leis an Roinn. Bhí a fhios acu go mbeadh géarchéim ann. Tá siad ag plé cóiríocht bhreise ó shin, ach go fóill níl socrú buan déanta, go háirithe maidir le Tuaisceart Bhéal Feirste."
Bíonn daltaí na scoile ag oibriú le Gaelchúrsaí, gairmcholáiste ar Bhóthar na bhFál. Mhol Mac Giolla Ghunna an comhoibriú a dhéanann an scoil le Gaelchúrsaí. Dúirt sé gur baineadh roinnt ábhar den scoil agus go gcuidíonn Gaelchúrsaí le cúrsaí gairmeacha a chur ar fáil.
"Faoi láthair, tá muidne ábalta sé ábhar is fiche a chur ar fáil ag GCSE, ach baineadh roinnt ábhar dínn ag iar-16. Tá muid ag plé le CCEA agus an Roinn Oideachais ar an dóigh ar féidir linn na bearnaí sin a dhruidim.
"Ba chóir go mbeadh rochtain ag na daltaí s'againne ar chúrsaí gairmeacha nach bhfuil ar fáil faoi láthair. Oibríonn muid go dlúth le Gaelchúrsaí, a chuireann cúrsaí gairmeacha ar fáil dár ndaltaí. Cé go mbíonn na dúshláin ann, tagann muid ar réiteacha."
Tá ionad láidir ag Coláiste Feirste do scoláirí a bhfuil riachtanas speisialta orthu agus a bhfuil sainchúram de dhíth orthu. Tugtar 'An Nead' ar an chuid sin, agus dar leis an phríomhoide, tá sé de dhualgas ar an scoil soláthar a dhéanamh ar gach páiste.
"Ghlac Bord na nGobhnóirí cinneadh in 2008 Ionad Tacaíochta Foghlama a chur ar bun. D'fhostaigh siad Comhordaitheoir agus triúr múinteoirí le bheith ag obair ansin.
"Faoi láthair tá ceithre sheomra ar leith againn do dhaltaí a bhfuil riachtanas cumarsáide orthu, go príomha, uathachas. Tá ceathrar múinteoirí, cúntóirí ranga agus seomraí ar leith againn.
"Creideann muidne go daingean, má tá muid ábalta aire mhaith agus oideachas maith a sholáthar do dhaltaí nach bhfuil riachtanas orthu, is amhlaidh go mbeidh an soláthar mar an gcéanna do dhaltaí eile. Is ionann oideachas maith do riachtanais agus oideachas maith do gach duine."
Is léir go dtarraingíonn Mac Giolla Ghunna ar fhís mhuintir Bhóthar Seoighe, agus go dtéann sé sin i bhfeidhm ar an stíl oideachais atá sé ag iarraidh a chothú sa scoil.
"Tá muid ag iarraidh pobal a fhorbairt anseo. Sin an fhís a bhí ag muintir Bhóthar Seoighe agus sin an fhís atá againne."
"Tá muid ag iarraidh pobal na Gaeilge a chruthú i mBéal Feirste, níl muid ag iarraidh go mbeidh scoth na Gaeilge ag dream beag saineolaithe amháin. Agus baineann sé sin le gach rud a mbeadh de dhíth ar phobal."




