[audio mp3="https://belfastmedia.com/wp-content/uploads/2020/04/200418-Fíorú-na-mianta-beaga1.mp3"][/audio]

Cnag ar an nasc thuas le héisteacht le Gráinne

Chuir bean ón Chomhar Creidmheasa scairt orm maidin Dé Luain ar leath i ndiaidh a naoi cúpla seachtain ó shin. ‘An am maith é seo le do ghnóthaí a phlé?’ ar sí.

‘An dtig liom scairt a chur ar ais ort?’ arsa mise. ‘Tá mé suas go dtí an dá ascaill i bplúr!’

‘Tá go maith,’ ar sí ag gáire.

GRÁINNE NÍ GHILÍN
2Gallery

GRÁINNE NÍ GHILÍN

Is ag déanamh pancóg a bhí mé. Anois, de ghnáth, an chéad rud maidin Dé Luain bheinn ag dul i ngleic le píosa aistriúcháin nó ag déanamh eagarthóireachta ar théacs scoile. Ach ina ionad sin, seo mé i mbun bácála.

Bhí pancóga galánta agam in Goa roinnt blianta ó shin. Bhí banana measctha isteach go dlúth leis an fhuaidreamh (batter) agus gheall mé dom féin go mbainfinn triail as iad a dhéanamh a luaithe is a bhainfinn an baile amach. Ach níor bhac mé leis ar chor ar bith. Ní raibh am agam leis an mheá agus an babhla bácála agus an greadtóir (whisk) a thochailt amach as an áit is dorcha agus is faide siar sa chófra. Ní thiocfadh liom bheith gaibhte ach oiread ag glanadh suas i mo dhiaidh féin.

LIOSTAÍ MIANTA


Ach le roinnt seachtainí anuas, agus bunaithe ar chomhráite a bhí agam le cairde agus gaolta, is léir go bhfuil cuid mhór againn ag tabhairt aghaidh ar ár liostaí mianta agus ag fíorú na mianta sin, ceann ar cheann.

Ní cuairt ar Machu Picchu i bPeiriú ná léim bunjee ó dhroichead ard san Afraic Theas atá i gceist leis na mianta seo – sin rud do lá níos faide anonn. Táimid ag díriú anois ar na rudaí beaga, simplí a thig linn a dhéanamh thart fán teach. Mar shampla, ar na jabanna atá curtha i gcrích ag cairde liom ar na mallaibh tá an lomaire féir a dheisiú, cniotáil a fhoghlaim, oideas mhamó do bhuilín aráin a thriail, an cabhsa taobh amuigh den teach a ghlanadh le píobán cumhachta, na fiailí sa ghairdín a bhaint, glasraí a chur, leabhar atá le taobh na leapan le cúpla mí anuas a chríochnú agus Gàidhlig na hAlban a fhoghlaim ar Duolingo. An rud is fearr faoi seo uilig go bhfuil gach duine ag baint sásamh agus pléisiúr mór as.

Táimid ag filleadh ar na rudaí bunúsacha a thugann cothú coirp agus anama dúinn, na rudaí is dual dúinn. Ealaín, ceol, léitheoireacht agus ceardaíocht. Bácáil, cócaráil, DIY agus aclaíocht. Agus tá neart tacaíochta ar fáil dúinn, nó tá eagrais éagsúla ag leasú na seirbhísí a chuireann siad ar fáil ionas gur féidir linn sult a bhaint astu sa bhaile.

Tá an Ceathrú Póilí, an siopa leabhar sa Chultúrlann, ag glacadh le horduithe ar líne i gcónaí agus ag cur leabhar sa phost chuig custaiméirí (www.an4poili.com). Tá deis agat mar sin cóip a fháil den leabhar ‘Dílis’ leis an údar Fheirsteach Réaltán Ní Leannáin a bheidh á phlé ar Zoom ag Club Leabhar an Chonartha ar an 28ú Aibreán (tá na sonraí le fáil ar mheáin shóisialta Chonradh na Gaeilge).

LAOI AN LAE


Níor stad an Chultúrlann de bheith ag cur na n-ealaíon ar fáil don phobal ach oiread. Tá a leathanach Facebook á fhorbairt acu le cúpla seachtain anuas mar ardán. Bíonn Laoi an Lae ann le ceoltóirí áitiúla agus tá ceolchoirm beartaithe faoi choinne Fhéile na Bealtaine a bheidh ar siúl ar líne i mbliana.

Is breá le achan pháiste Gaelach sa tír leabhair Mháire Zepf agus tá físeáin déanta ag an údar iomráiteach dá sraith leabhar faoi Ríta, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag an tSnáthaid Mhór, comhlacht atá lonnaithe sa Chultúrlann. I measc imeachtaí eile na Cultúrlainne do dhaoine óga tá Airneál na nÓg ina mbíonn amhránaíocht, ceol uirlise agus scéalaíocht, agus Comórtas Gearrscéalta do pháistí bunscoile agus do dhaltaí meánscoile. Tá ráchairt an-mhór ar na ceachtanna ealaíne agus ceardaíochta a dhéanann Drithle Adams fosta. Cuireann sise béim ar leith ar úsáid a bhaint as rudaí atá ina luí thart fán teach agus ar ligean don chruthaitheacht bláthú.

https://www.facebook.com/AnChulturlann/videos/2757093731069787/

Níl an tréimhse seo éasca ar chuid mhór againn, go háirithe ag na heochairoibrithe inár measc, ag daoine atá tinn, ag teaghlaigh ar cailleadh daoine muinteartha leo. Ach má tá an t-ádh ort, má tá am ar fáil duit agus má tá an tsláinte go maith agat, tapaigh an deis seo agus fíoraigh do mhianta.