DE ghnáth ag an am seo bliana, tosaím ag ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar an India. Tá breis is scór cuairt tugtha agam ar an tír iontach, ilghnéitheach sin ó bhí 2002 ann. Bhí mé i dtuaisceart na tíre i mí Eanáir i mbliana agus tharla cúpla rud suntasach le linn dom bheith ann.

Sa chéad dul síos, 14 bliana i ndiaidh gur gealladh é, d’aontaigh na páirtithe polaitíochta acht Gaeilge a thabhairt isteach mar ghné de Chomhaontú na Ré Nua. Thuig mé go mbeadh tionchar aige sin ar mo shaol féin agus ar phobal na Gaeilge. Níor thuig mé, áfach, cé chomh mór a bheadh impleachtaí an dara scéil ar shaol gach duine againn faoi víreas nua a bhí tolgtha ag daoine sa tSín. Níor chuir mé mórán suime ann. Tháinig a leithéid chun cinn roimhe, idir ulpóg éanúil, ulpóg mhucúil, SARS agus MERS. I m’intinn féin, bhain siad le tíortha agus le daoine i bhfad i gcéin, chan linne in Éirinn chomh mór sin. Ach amharc anois orainn.
 

Go drogallach, ghlac mé leis níos luaithe i mbliana nach mbeadh aon turas agam an geimhreadh seo agus go mbeinn ag caitheamh dúlaíocht mhí Eanáir sa bhaile. Ach leis an scéala an tseachtain seo go bhfuiltear tosaithe ar vacsaín Pfizer agus BioNTech a thabhairt do dhaoine anseo, tá turais thar sáile ina fhéidearthacht arís ag go leor againn nár bhac lena leithéid i mbliana.
 
Níl Frithvacsíneach mé – tá snáthaidí éagsúla faighte agam thar na blianta – ach caithfidh mé a rá gur ábhar imní dom a ghasta a faomhadh an ceann seo. De ghnáth, glacann sé tuairim is deich mbliana de thrialacha agus tástálacha sula dtugtar cead vacsaín a chur ar an mhargadh. Ní fios cad iad na héifeachtaí ar shláinte daoine a bheidh ag an tsnáthaid seo san fhadtéarma. An míniú atá ag na saineolaithe ar an fháth a rabhthas in ann é a chur tríd an chóras chomh scioptha sin ná gur caitheadh i bhfad níos mó acmhainní air taobh istigh d’achar gairid ná mar a chaithfí de ghnáth. Tuigim, ach tá mé ceisteach go fóill.
 
Tá tionscal na cógaisíochta ar na tionscail is rathúla dá bhfuil ann. Bhí ioncam $1.25 trilliún ag na comhlachtaí in 2019 agus bhí Pfizer ar bharr an liosta le hioncam $52 billiún, beagnach. Bím ag tochas mo chinn, ag meabhrú cé a gheobhaidh brabús as an vacsaín seo agus cén ghaolmhaireacht, más ann di, atá idir iad agus na brabúsaithe de Thóraithe atá sa rialtas faoi láthair.
 
Ar an láimh eile, smaoiním ar na saineolaithe uilig atá i ndiaidh a fhógairt go bhfuil siad sásta go bhfuil an vacsaín sábháilte. Meabhraím ar na daoine uilig a mbeidh cathaoireacha folmha acu ag dinnéar na Nollag i mbliana siocair gur sciob Covid a ngaolta. Tagann na hoibrithe NHS atá tuirseach traochta chun cuimhne. Cuimhním ar na seantuismitheoirí a chaill amach ar chlocha míle tábhachtacha a ngarpháistí. Ar mo chomharsa, fear sna hochtóidí, a chuir litir lámhscríofa isteach ar an doras an tseachtain seo caite ag iarraidh orm scairt a chur air agus seal cuideachta a dhéanamh leis. Caithfidh go bhfuil an t-uaigneas ag géarú air.
Go fóill, níl m’intinn socair ar fhreagra na ceiste an nglacfainn féin an tsnáthaid, ach tuigim go maith don te a bheadh ag brath air lena saol a fheabhsú.