Tá moladh ollmhór ag dul d’achan uile dhuine sa phobal s’againn atá ag déanamh a seacht ndícheall le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an ord nua atá ar an tsaol. Níl sé éasca, ach is spreagúil amach is amach an comhoibriú agus an cuidiú atá daoine ag tabhairt dá gcomharsana, dá gcairde agus dá gcomhghleacaithe.

I gcaitheamh na géarchéime seo, tá na húdaráis in Westminster ag méirínteacht is ag moilleadóireacht, agus tá sé sin ag imirt tionchair ar an rialtas abhus, ar an drochuair. Ach is údar mór misnigh dúinn féith na ceannasaíochta atá ag borradh i gcuislí na n-eagras pobail. Tá sé de chiall acusan céimeanna daingne a ghlacadh go pras le daoine a chosaint agus a choinneáil slán.

Tá scoileanna, grúpaí óige agus gnónna beaga ann a rinne an cinneadh deacair a ndoirse a dhruidim i bhfad sular tháinig treoir ón rialtas déanamh amhlaidh. Ar ndóigh, tá díomá ar dhaoine nach bhfuil seirbhísí ar leith ar fáil dúinn faoi láthair, ach tuigimid gur ar mhaithe linn atá na heagrais seo. Beimid buíoch as lá níos faide anonn.

Labhair mé le Ciarán Ó Brolcháin, iriseoir le NVTV agus fear atá sáite ina chlub áitiúil CLG, Gort na Móna. Bhí Aontroim le himirt in éadan Chiarraí i gcluiche cáilithe Roinn 2A na hiomána ar an 15 Márta i bPáirc an Chrócaigh, ach chuir an CLG gach imeacht dá gcuid ar fionraí ar fud na tíre ón 12 Márta ar aghaidh. Bhí busanna curtha in áirithe ag Gort na Móna agus iad ag dúil le slua mór daoine óga a thabhairt go Baile Átha Cliath chun tacú le foireann an chontae ar an lá mór. Ba amhlaidh an scéal i gclubanna eile.

Ach fiú sular tháinig an fógra oifigiúil ó Chumann Lúthchleas Gael, i gcomhar le Cumann Peile na mBan agus leis an Chumann Camógaíochta, bhí boird chontae agus cumainn aonair ag cur cluichí agus seisiúin traenála ar ceal.

Sular ghníomhaigh rialtas na sé chontae fichead ar an ábhar, nuair a bhí rialtas na Breataine ag beartú ligean do phinsinéirí bás a fháil d’fhonn imdhíonacht sa mhórphobal a bhunú, mar dhea, thuig Cumann Lúthchleas Gael agus na clubanna an géarghá a bhí le scaradh sóisialta agus le hullmhú chun ‘an cuar a leacú’. Bhí a fhios acu go dtiocfadh an t-am go mbeadh an tír buailte go dona ag Covid-19, ach go bhféadfaimis an donas a mhaolú.

Chuir siad gach cluiche agus gach seisiún traenála ar ceal ag gach aoisghrúpa. Dhruid siad áiseanna éagsúla, ionaid aclaíochta agus clubanna sóisialta ina measc. Agus ansin thosaigh na clubanna ag cur teachtaireachtaí amach go raibh siad réidh le cuidiú le duine ar bith ina gceantar a mbeadh cúnamh de dhíth orthu.

Tá neart grúpaí agus daoine aonair ag coinneáil súil ar a gcomharsana ag an am deacair seo. Tá siad ag déanamh siopadóireachta dóibh, ag ullmhú béilí, ag bailiú piollairí ón chógaslann, ag glacadh madaí amach ag siúl agus fiche rud eile.

Tá eagrais eile seachas Cumann Lúthchleas Gael ag dul don obair thábhachtach seo fosta, ach bhí CLG ar thús cadhnaíochta agus tá siad le moladh go mór as sin.

Tá CLG ar na heagrais shibhialta is mó agus is tábhachtaí i sochaí na tíre seo. Eagras é atá lán le saoránaigh – gnáthdhaoine a thuigeann a ndualgas i leith a gcomharsana.

Mar a dúirt Ciarán Ó Brolcháin, seo an meon atá ag teastáil má tá muid chun poblacht na suáilce a thógáil i ndáiríre, ní hamháin i gcásanna éigeandála ach sa ghnáthshaol freisin.