Beidh ceiliúradh speisialta ar siúl nó séidfear ann anáil úr spleodrach an cheoil agus na beatha ar an Aifreann Gaeilge is sine ar oileán na hÉireann, taobh amuigh de Ghaeltachtaí dúchasacha na hÉireann. Tá Gaeilgeoirí ag triall ar an Aifreann Gaeilge a bhíonn ar siúl achan mhaidin Domhnaigh i dTeach Pobail Naomh Muire ó bhí 1965 ann.

Ar an 5 Samhain, ar a 5.00 tráthnóna, beidh ócáid ar leith ar siúl. Beidh cór Ghlinntí Aontroma, ceolfhoireann Aifreann Feirste agus an t-aonréadaí Méabh Nic Mhaoláin ag cur i láthair cheol Aifreann Feirste, arna céadchumadh ag Patrick Davey in 2003. Beidh an tAifreann speisialta seo á cheiliúradh ag an Easpag Dónall Mac Eoin agus comhcheiliúraithe eile leis, ina measc an tAth. Tim Bartlett, an sagart paróiste agus na sagairt a bhíonn ag ceiliúradh an Aifrinn Ghaeilge gach Domhnach ar a seal.

Ba é an Moinsíneoir Seosamh Mac Uidhir a léigh an chéad Aifreann Gaeilge sa séipéal céanna, ar an Domhnach, an 7 Márta, 1965 i ndiaidh don Eaglais Chaitliceach moltaí Dara Comhairle na Vatacáine a chur i bhfeidhm agus ba í an deis a tháinig leis sin 'teanga na ndaoine' a úsáid san Aifreann in áit na Laidine. 

Ar chlé, Patrick Davey, cumadóir cheol Aifreann Feirste. Ar dheis: An tAth. Tim Bartlett, sagart paróiste Naomh Muire, Lána an tSéipéil.
3Gallery

Ar chlé, Patrick Davey, cumadóir cheol Aifreann Feirste. Ar dheis: An tAth. Tim Bartlett, sagart paróiste Naomh Muire, Lána an tSéipéil.

Tá Pobal an Aifrinn, paróiste Naomh Muire – an eaglais Chaiticleach is sine i mBéal Feirste a bhfuil stair ríshainiúil ag baint léi – ag cur fáilte chroíúil roimh achan duine chuig ócáid mhórcheiliúrtha ár bpobail, Aifreann in onóir Naoimh uile na hÉireann agus nach tráthúil agus oiriúnach gur i dTeach Pobail Naomh Muire atá sé. Greanta i gcloch ar urlár an phóirse ann tá an bhliain 1783, agus ba le linn thréimhse na bPéindlíthe a osclaíodh séipéal Naomh Muire ar an Domhnach, an 30 Bealtaine 1784. Roimhe sin bhíodh Aifreann á léamh ag Sceach na mBráthar, sa cheantar ar a dtugtar an Sruthán Milis. Léití Aifreann fosta i dteach John Kennedy ar Shráid an Chaisleáin agus tá cuntas ar an Aifreann a bhíodh á cheiliúradh go rúnda i dteach a raibh bealach isteach an-chaol ann, Squeeze Gut Lane! Ba é caibinéad John Kennedy (ar a mbíonn an Taibearnacal suite anois i séipéal Naomh Muire) a bhí mar altóir nuair a ceiliúradh an tAifreann i dteach John Kennedy le linn thréimhse na bPéindlíthe.

Más tráthúil an suíomh, is cinnte gur tráthúil fosta an ceol. Ba é an spreagadh a bhí ann don cheoltóir agus cumadóir áitiúil clúiteach, Patrick Davey, a chum Aifreann Feirste thiar in 2002, ná téama Charraig an Aifrinn agus na bPéindlíthe. Leis sin roghnaíodh focail an Aifrinn a bhaineann leis an dúlra le brí fholaithe Aifreann na bPéindlíthe a léiriú. Cór ceithre pháirt Ghlinntí Aontroma atá á chanadh agus ceolfhoireann 16 huirlis ar fad ag seinm, agus gnéithe den cheol clasaiceach is traidisiúnta fite fuaite i saothar Patrick Davey. Cuireadh Aifreann Feirste i láthair phobal an Aifrinn Naomh Muire den chéad uair sa séipéal céanna fiche bliain ó shin, ar an Domhnach, an 18 Bealtaine, 2003. Ba é Éamonn Ó Faogáin, nach maireann, a bhí mar aonréadaí ar an lá sin agus arís ar an 17 Márta 2004 nuair a craoladh Aifreann Feirste beo ó stiúideó RTÉ i mBaile Átha Cliath. 

Méabh Nic Mhaoláin, aonréadaí sopráin Aifreann Feirste ar an 5 Samhain 2023
3Gallery

Méabh Nic Mhaoláin, aonréadaí sopráin Aifreann Feirste ar an 5 Samhain 2023


 
Dóibh siúd nach féidir leo freastal beidh deis amharc ar an sruthú beo a dhéanfar ag an nasc seo a leanas: https://www.churchservices.tv/stmbelfast