Aimsir Holi, féile Hiondúch na ndathanna, i mí Mhárta a bhí ann agus mé ag taisteal ar thraein go Dharamsala. As sin, bhí mé le tacsaí a fháil go McLeod Ganj, áit a mbíodh an Dalai Lama lonnaithe agus é ar deoraíocht san Ind. Bhí an treoraí Búdaíoch ag teagasc ar feadh na seachtaine sa bhaile beag sna sléibhte agus thriail mé ar an áit siocair gur mhaith liom ábhar a bhailiú faoi choinne sraith chláracha faisnéise raidió a bhí idir lámha agam agus de thairbhe gur mhaith liom an deis a thapú an fear mór a chluinstin.
 
Chuaigh mé corr bealaigh gan choinne, áfach, agus bhí mé cúpla lá mall ag baint ceann scríbe amach. Rud nár thuig mé agus mé ag búcáil an ticéad traenach go mbeadh orm aistriú ó thraein amháin go traein eile i lár na hoíche agus go mbeadh fanacht roinnt uaireanta an chloig i gceist i stáisiún iargúlta. Ar chúis éigin tháinig sceon ionam nuair a mhínigh an cigire traenach an clár ama dom. B’fhéidir gurbh easpa taithí ar an tír ba chúis leis sin agus nach raibh aon údar imní ann le fírinne, ach bhraith mé i mo chroí istigh nach mbeadh sé sábháilte tuirlingt den traein ar a trí ar maidin agus bheith ag crochadh thart oíche féile go ngealódh an lá agus go dtiocfadh an dara traein.
 
Bhí teaghlach in aice liom a chuir suim i mo chás, muintir Sharma. Daoine flaithiúla, croíúla iad. Thug siad cuireadh dom theacht abhaile leo chun an tí s’acu féin. Mar sin, seachas dul go Dharamsala an lá sin, d’fhan mé 13 uair an chloig eile ar an traein, más buan mo chuimhne, agus thug mé aghaidh ar chathair Jammu, 200 km ar shiúl ó thearmann na dTibéideach i stát Himachal Pradesh.
 
D’fhoghlaim mé cuid mhór le linn an dtrí lá a chaith mé tigh Sharma, go háirithe faoi shochaí na hIndia agus faoi chultúr na Hiondúch. Bhí seisear sa teach, beirt tuismitheoirí, mac agus a bhean agus tachrán s’acu, agus iníon a bhí ar comhaois liom féin, muid beirt go mall sna fichidí ag an am. Chuir muid beirt, mise agus iníon, spéis mhór i saol a chéile ó tharla an oiread sin éagosúlachtaí a bheith ann. Ní raibh neamhspleáchas sóisialta aici mar a bhí agam féin. Dá mbeadh sí ag dul chun na pictiúrlainne, mar shampla, bheadh a deartháir nó a hathair léi. Is iad a tuismitheoirí a shocródh cá huair a phósfadh sí agus cén duine lena ndéanfaí an cleamhnas. Ní bheadh sí le fáil in am ar bith ag taisteal ar thraein trastíre ina haonar. Bhí cosúlachtaí ann fosta. Ba mhúinteoir ise agus bhí seal caite agam féin leis an cheird chéanna i ngaelscoileanna i mBéal Feirste.
 
Nach mór an onóir gur chuir muintir Sharma muinín ionam mar strainséir agus gur fháiltigh siad isteach ina dteach féin mé. D’ith mé béilí leo agus san oíche chodail mé leo i seomra na mban. D’inis an t-athair seanscéalta dom faoi na déithe Hiondúcha. Chaith mé éadaí traidisiúnta na hiníne agus muid ag dul ar cuairt ar na háiteanna suntasacha i gcathair Jammu, ina measc teampall Hiondúch Raghunath, ar maraíodh deichniúr ann an bhliain roimhe sin in ionsaí seicteach lámhaigh agus gránáidí. Is cuimhin liom piléir do ghunnaí a bheith ar taispeáint go hoscailte i bhfuinneoga siopaí – cógais agus armlón a bheith le ceannach sa siopa céanna faoi aon díon amháin.
 
Ar chúis éigin tá mé ag smaointiú go mór ar mhuintir Sharma na laethanta seo. Ar a bhflaithiúlacht. Ar an dóigh ar tháinig siad i dtarrtháil orm in am an ghátair. Ar an daonnacht a d’aithin muid ina chéile cé gur bhain muid le cultúir atá iontach difriúil lena chéile ar go leor bealaí. Ba thurasóir mise an t-am sin. Ní raibh brú ar bith orm tabhairt faoin aistear ar a raibh mé, murab ionann agus daoine atá ag teitheadh as Kabul an tseachtain seo. Tá súil agam go gcasfar orthu daoine ar nós mhuintir Sharma a thabharfas fóirithint dóibh agus a bheas mar sholas sa dorchadas dóibh.