Bhí seomra lán go béal inniu i nGael-Ionad Mhic Goill ar Bhóthar na Carraige Báine, áit ar seoladh go hoifigiúil an feachtas 'Tógáil Croí 500' de chuid Ghlór na Móna. 

Tá pleananna ag an ionad pobail le foirgneamh úr a thógáil, Croí na Carraige.

Bhí an craoltóir agus an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin mar bhean tí na cainte, agus bhí plé bríomhar aici le Fearghal Mac Ionnrachtaigh, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bronagh Fusco agus Orliath Mhic Leannáin. 

Ag caint leis le linn an phléphainéil, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, go raibh Glór na Móna i ndiaidh a theacht ar thuras fada ó bunaíodh é agus go bhfuil áiseanna úra de dhíth. 

"Thosaigh muid amach le sprioc réasúnta teoranta fiche bliain ó shin," ar seisean. "Tháinig muidne fríd an chóras Gaeloideachais anseo i mBéal Feirste ach bhí muid ag iarraidh níos mó a chur ar fáil taobh amuigh de gheataí na scoile.

"Agus nuair a thosaigh Glór na Móna bhí muid i scioból in aice leis an Ghaelscoil. Ansin in áit eile ar chúl Raffos. Ach tá an chuid is fearr tuillte againn agus i dteideal againn. Agus tá súil againn sin a bheith againn san ionad úr."

Dúirt Orliath Mhic Leannáin, Stiúrthóir Fhóram na nÓg, go raibh siad ag tógáil ar obair na ndaoine eile a tháinig rompu, rud a d'aontaigh Bronagh Fusco ó Chonradh na Gaeilge leis. 

Arsa Orliath, "Tá muid inár seasamh ar ghuaillí fathaigh. Nuair a thosaigh mé ag obair le Fóram na nÓg ní raibh ach trí chumann óige ann, ach tá tríocha is a naoi cumann óige ar fáil anois."

Arsa Bronagh, "Tá muid ábalta, mar shampla, cúram leanaí i nGaeilge a bheith againn. Tá Laochra Loch Lao againn. Feiceann muid fás millteanach ar na páistí s'againne. Agus níor tharla sin de thaisme. Rinneadh na rudaí sin a chothú anseo i nGlór na Móna agus in áiteacha eile."

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin go raibh an pobal uilig ag obair go dlúth agus ag deonú go fial don tionscadal. 

"Is comhiarracht thiomanta pobail í seo. Agus tá an cur chuige agus an t-aistear chomh tábhachtach leis an sprioc."

Ag caint leis i ndiaidh na himeachta, mhínigh Stiúrthóir Feidhmeannach Ghlór na Móna, an Dr Fearghal Mac Ionnrachtaigh, go raibh sprioc acu ionad a thógáil a bhí pobalbhunaithe. 

"Tá muid ag obair le cúig bhliain anuas ar thógáil Croí na Carraige, le síneadh a chur leis an fhoirgneamh atá againn cheana féin. Foirgneamh ilchúspóireach óige, pobail agus oidhreachta a bhéas ann.

"Tá £1.5 milliún bailithe againn, agus tá thart fá £2 milliún de dhíth. I measc an airgid sin tá cuideanna ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, ón Chiste Infheistíochta. Thóg muid £300,000 muid féin.

"Tháinig muid aníos leis an choincheap, 'Ag tógáil croí 500,' ag iarraidh cúig céad míle punt a bhailiú leis an bhearna a líonadh."

Mhol Fearghal ceolchoirm Kneecap agus an t-airgead a gheobhaidh Glór na Móna uathu sin.