D'fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do thriúir de na gradaim is mó i ndomhan na foilsitheoireachta Gaeilge.
Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réice Carlo (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile) ag searmanas speisialta Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2026 in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc.
Tá naoi leabhar déag ar na gearrliostaí san iomlán i mbliana, agus deich teach foilsitheoireachta, chomh maith le leabhar amháin atá féinfhoilsithe.
Bronnfar €5000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Uí Shúilleabháin, agus €2500 ar an údar.
Bronnfar €5000 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam Réics Carló, chomh maith le €1250 an duine ar an údar agus ar an mhaisitheoir, agus bronnfar €1500 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe agus €500 ar an aistritheoir.
Ag caint léi faoi na gearrliostaí, dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, go bhfuil siad ina n-eiseamláirí den caighdeán is airde.
"Tréaslaím a saothar leis na foilsitheoirí atá a dtabhairt chun an mhargaidh. Is léir cúram na huibhe a bheith tugtha den uile shaothar ag gach aon chéim, ón eagarthóireacht phointeáilte, an leagan amach ealaíonta agus an cur i láthair snasta - leabhair áille Gaeilge chun léitheoirí nua a mhealladh."
Liosta iomlán de na leabhair atá ar na gearrliostaí:
Gradam Uí Shúilleabháin - Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta

Scéal Muirí Mhuigh Eo le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Book Press
Mainistir na Feola le Laoighseach Ní Choistealbha, foilsithe ag Barzaz
Maith Thú a Mhicí le Micí Sheáin Néill Ó Baoill, foilsithe ag Éabhlóid
Gearóid Willie Ó Fátharta: Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
Tom A' Bhungaló: Tomás Mac Giolla Bhríghde, 1923-2013 le Noel Ó Gallchóir, féinfhoilsithe
An Cláirseoir le Diarmuid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac
Leabhar Sheáin na Cille le Seaghan Mac an tSionnaigh, foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Gradam Réics Carló - Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg

Katie agus an Pacáiste Rúnda le hÉadaoin Ní Dhomhnaill, foilsithe ag LeabhairCOMHAR
An Seol atá Fút le Annemarie Nugent, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
Inis Mara 3 le Tristan Rosenstock agus maisithe ag mark Wickham, foilsithe ag LeabhairCOMHAR
Puisín na mbróg le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy DOnnelly, foilsithe ag Futa Fata
Ná Bróga Peile agus Scéalta Eile le Seosamh Céitinn, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
Gradam de Bhaldraithe - Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile

Heartstopper 3 le Alice Oseman agus aistrithe ag Eoin McAvoy, foilsithe ag Futa Fata
Lúiscín: An Caitín is Craiceáilte ar Domhan le Jamie Smart agus aistrithe ag Fearghal Mac Lochlainn, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
An Saol Sona le David Foenkinos agus aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, foilsithe ag Barzaz
Lia! 1: An Dialann Rúnda le Julien Neel agus aistrithe ag Meadhbh Ní Eabhar, foilsithe ag Dalen Éireann
Gruaig Áine le hEoin Colfer agus aistrithe ag Sadhbh Devlin, foilsithe ag Futa Fata
Scairt na Samhna: Áine sa Neidín le Hazel Mulqueen agus aistrithe ag Catherine Woods, foilsithe ag JM Agency, Publishing & Design
Lúcás Lúfar - Jesse James, Ropaire le Moris & Goscinny agus aistrithe ag Antaine Mac Lochlainn, foilsithe ag Dalen Éireann



