Tá Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge ag iarraidh go dtabharfaí deiseanna eile do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.
Bhí Conall Ó Máirtín ag caint i gcomhthéacs na dtorthaí A-Leibhéil, nuair a d'ardaigh líon na ndaoine a rinne an Ghaeilge ag an A-Leibhéal ó 836 in 2025 go 1047 i 2026.
"Ar ndóigh, an rud atá ann le figiúirí mar seo ná deiseanna eile a chur leis. Is léiriú é seo go bhfuil muid ag iarraidh go mbeidh deiseanna eile tugtha do dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim."
Mhol sé obair na n-eagraíochtaí Gaeilge eile a chuireann deiseanna foghlama ar fáil don phobal.
"Caithfidh mé a rá, an obair ar fad atá déanta ag na ceanneagraíochtaí leis an Ghaeilge a chur chun cinn, ag Comhairle na Gaelscolaíochta, ag Conradh na Gaeilge, ag Gael Linn, agus iad ag cur go mór leis na deiseanna atá ann do dhaoine óga taobh amuigh den chóras oideachais."
Chuir an tUasal Ó Máirtín béim ar chórais taobh amuigh den chóras A-Leibhéal maidir le foghlaim na Gaeilge, agus dúirt sé go dtiocfadh measúnaithe eile a thabhairt isteach.
"Ní hamháin ag Ard-Leibhéal agus daoine ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh mar scrúdú, ach caithfidh anois deiseanna a bheith ann do pháistí an Ghaeilge a fhoghlaim taobh amuigh den chóras A-Leibhéal, agus iad níos sine ná aois a 16.
"Agus mar an gcéanna leis na tuairimí atá ann ó dheas, gur cheart go mbeadh Teastas Eorpach na Gaeilge nó go mbeadh an Fráma Tagartha Comónta Eorpach i bhfeidhm sna scoileanna, le ligean do dhaoine deis eile a bheith acu an Ghaeilge a fhoghlaim.
Ar seisean, "Tá an rud amhlaidh sna sé chontae agus ó thuaidh, gur cheart deiseanna eile a thabhairt do pháistí an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil taobh amuigh den chóras A-Leibhéal."



