Tháinig scoláirí Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh le chéile i gColáiste Ollscoile Naomh Muire le snas agus blas a chur ar a gcuid Gaeilge, mar chuid den chúrsa TICO faoi stiúir an Dr Seán Mac Corraidh.

Mar chuid den Chúrsa Feabhsúcháin sa Ghaeilge agus sa Ghaelscolaíocht, chuaigh siad ar cuairt chuig mórionaid na Gaeilge ar fud Bhéal Feirste, amhail Raidió Fáilte, Forbairt Feirste, Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus Coláiste Feirste.

Rachaidh na scoláirí ar chúrsa Gaeilge i Rann na Feirste idir 17 agus 26 Lúnasa le blaiseadh Ghaeilge na Gaeltachta a fháil.

Tá meascán de mhúinteoirí faoi oiliúint sa rang, i réimse ábhair amhail Corpoideachas, Bitheolaíocht, Ealaín, Gaeilge, Stair agus Saoránacht.

Tá súil ag na scoláirí na hábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ó Mheán Fómhair 2027 amach nuair a bheas an PGCE acu agus Teastas san Oideachas Dátheangach ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire.