An tríú ceann sa tsraith nua de ghearrscéaltaí as Éirinn, as Tír na mBascach, as An Chataloin agus as An Ghailís, urraithe ag belfastmedia.com in Éirinn. Buíochas ar leith le Gráinne Ní Ghilín as a cuidiú. Scéal Gailísise, Gaeilge curtha air ag Réaltán Ní Leannáin.
 
Cad é mar a thig le clocha sneachta titim ar an tríochadú lá de mhí Iúil? Bhuail na céadta teilgeán oighir na tíleanna den díon agus sciúr siad na glasraí i ngairdín thigh Mhamó. Chíor Alma a cuid gruaige taise os comhair an scátháin sa seomra folctha. Rug an stoirm uirthi ar a bealach ar ais ón trá. Tá an íomhá den déagóir sa scáthán chomh difriúil ón té a bhí inti mí ó shin. An craiceann buí, na súile niamhracha, an ghruaig cuimilte ag an ghrian agus ag an fharraige, saoirse ina féitheoga agus, go dtí cúpla bomaite ó shin, lúcháir. 
 
Alma. Ainm cóir don té a bhí in amhras go minic arbh ann di féin. Ón chistin, cluineann sí an gáire ag méadú. Tá siad ar nós dlúthchairde anois, cé nach bhfuil siad ach i ndiaidh
aithne a chur ar a chéile tá cúpla bomaite ó shin. Mothaíonn sí faoi léigear.
 
Cóiríonn sí an cachtas ar an mballa. Is maith léi cachtais. Maireann siad i dtimpeallachtaí naimhdeacha agus diúltaíonn siad do dhuilleoga, sásta iad sin a mhalartú ar dhiasa ar mhaithe le iad féin a chosaint. Cuireann sí a lámh thart air. Fáisceann é lena méara. Déanann na spící an craiceann a tholladh, ag polladh na feola. Cuireann na céadta críochnú néaróg comharthaí péine chuig a hinchinn. Tagann aoibh ar a haghaidh is an sailpítear ag sileadh síos a leicne. 
 
Taobh amuigh, maolaíonn ar an stoirm. 
 
Tá tigh Mhamó suite i mbaile beag cois abhann, áit a gcuireann mná oinniúin agus gairleog san ithir sna páirceanna, áit a dtógann siad breallaigh agus ruacain ón láib sa ghaoth farraige. Tá Alma ag caitheamh an tsamhraidh ann ó bhí sí an-óg.
 
Mí ó shin, in aice leis an traein, lig sí uirthi féin go raibh lúcháir uirthi agus í ag fágáil slán. Chuir sí aoibh an gháire ar a haghaidh, cúramach nach bhfeicfeadh a máthair, a hathair, ná Andrea, a deirfiúr a bhí ceithre bliana níos sine, go raibh faoiseamh uirthi imeacht óna radharc. D’amharc sí ar scáil an teaghlaigh i ngloine an charráiste ar an ardán: ceithre aghaidh liatha, dhorcha, cuma thuirseach orthu. Aontaithe ina bpian níos mó ná ina ngéinte. 
 
Bhí siad ina gcónaí in árasán, ar cóimhéid leis na céadta árasán eile, i gcomharsanacht iar-eisimirceach a tháinig ar ais. San árasán, rothlaigh an saol thart timpeall an fhéilire a bhí ar crochadh de dhoras na cistine. Rialaigh sé sin am Andrea, agus dá réir sin, am achan duine eile. Ba chuma cén lá, cén tseachtain ná cén mhí a bhí ann. Roinneadh an saol ina thimthriallta - teiripí, ag ullmhú d’obráidí, tréimhsí iar-obráide agus tréimhsí téarnaimh.
 
I gceann de na timthriallta seo, d’fhoghlaim Alma siúl, ag cloí le leaba a deirféar. I lár ceann de na timthriallta nach raibh cúrsaí ag gabháil go maith ann, thuig sí gurbh é an rud ba mhó a d’fhéadfadh sí a thairiscint don teaghlach ná gan aon rud a bheith de dhíth uirthi, gan aon rud a iarraidh orthu, gan tuisliú ar a cosa. Sheas sí ar a dhá cos, d’ith sí an méid a tugadh di, choinnigh sí siar a deora, agus rinne sí staidéar. Ní raibh sé doiligh, ná ní raibh spás fá choinne rud ar bith eile taobh istigh den seachtó méadar cearnógach a bhí acu. 
 
Chuir sí a cuid gruaige i bhfolach le caipíní le bheith cosúil le Andrea.
 
Gach lá breithe, nuair a dhéanadh a tuismitheoirí dearmad air, thochail Alma stumpa de choinneal as bun tarraiceáin, shéid sí ina seomra é agus rinne sí guí go dtiocfadh tinneas inteacht uirthi. Thaitin na cinn sin a chríochnaigh in -íteas léi. Ansin, luíodh a máthair síos in aice léi agus théadh a hathair trí shiopaí na cathrach ar thóir bronntanais chun aoibh an gháire a chur ar ais ar a haghaidh. Ach an t-aon uair amháin a tháinig sí ar ais ón scoil le fiabhras, sheol siad chuig aintín í a chónaigh in aice láimhe. Bhí sí róchontúirteach dá deirfiúr.
 
Rinne Andrea iarracht an tinneas a throid. Ach chaill sí í féin ann. Ghreamaigh an tinneas le achan rud ina saol: le himeacht an ama agus fiú leis an aer féin, lena lasta de bholaithe leighis, urlacain agus insiltí de luibheanna lofa.
 
Go dtí gur tháinig an samhradh agus gur thug an traein Alma go domhan nach raibh ach an sáile le brath san aer ann agus nach raibh aon bhéicíl ann lena múscailt seachas scréachaíl na bhfaoileán. Áit ar fháisc lámha a Mamó í. Ní raibh áit níos deise lena cloigeann a chur ná sa bhrollach fairsing úd. Go dtí an samhradh seo.
 
An samhradh seo bhí Louise ann. Louise le o. Loise leis an e deiridh, atá scríofa, ach nach ndeirtear, mar a bheadh litir chosctha, rúnda ann. Louise, aois dheirfiúr Alma, iníon le col ochtar inteacht, i ndiaidh teacht ón Fhrainc cúpla lá roimhe sin. Bheannaigh sí d’Alma le gáire tarraingteach agus, “Haidh, cherie!” Níor dhúirt aon duine “cherie” léi riamh. Níor fhuaimnigh éinne an r mar sin. Ní dhearna duine ar bith gáire mar sin le Alma riamh. Chrith sí nuair a chroith Louise a lámh; leis an lámh eile bhain Louise an caipín di. Saortha, thit folt Alma anuas a droim.

 

Sheas Alma. Mearbhall uirthi. Rith sí síos an mhala. Gan stad, chaith sí a mála droma agus a cuid éadaí ar an ghaineamh. Léim ​​sí isteach san uisce. Sa tsáile, sheiceáil sí an chréacht. 

Bhí Louise ag déanamh staidéir ar an bhitheolaíocht. Laethanta grianmhara, chuaigh siad go Arnela, cuan a bhí faoi chosaint dhá lomán carraige. Luchtaigh siad a málaí droma le púitsí agus prócaí inar choinnigh siad samplaí de ghaineamh, sliogáin, algaí, agus inveirteabraigh bheaga a ghabh siad sna locháin a fágadh ag lag trá. Má bhí sé ag cur báistí, d’fhan siad sa bhaile agus scaip Louise an chreach amach ar bhord an tseomra bia, á scrúdú le gloine mhéadaithe, ag cuartú eolais i leabhair agus ag iarraidh ar Alma na lipéid a scríobh do phrócaí. 
 
“Tá peannaireacht fhíorálainn agat, Alma,” a deireadh Louise. 
 
Rinne Mamó gearán faoin bholadh formalaíne. Thaitin sé go mór le hAlma.
 
Bhí an-chur amach ag Alma ar an trá. Shiúil siad ar fud na háite le chéile, síos na cosáin, chuig na foirnéisí, agus chuig cúinní rúnda nach raibh Alma ariamh iontu le duine ar bith eile roimhe seo. Shnámh siad i gcuasa sábháilte agus sheachain siad áiteanna ina mbíodh sruthanna contúirteacha.
 
Ar maidin, chuaigh siad chun na trá, cé go raibh na scamaill os a gcomhair ag bagairt fearthainne. D'iarr Mamó orthu gan bheith rófhada, mar bheadh “rud inteacht speisialta” ag fanacht leo. Bhí an rud inteacht speisialta i gcónaí blasta.
 
Chuaigh siad ag rásaíocht chuig an trá. Baineadh tuisle as Alma agus thit sí. Thosaigh an fhuil ag stealladh ón ghearradh ar a cos. Ghearr sí a fiacla le chéile leis an phian. Sula raibh seans aici éirí, shuigh Louise síos in aice léi agus chuir sí an chos ghortaithe ar bharr a cuid géaga féin. Chrom sí síos agus d’ól sí a cuid fola. Ligh sí an chréacht. Thosaigh Alma ag crith leis an teagmháil the, thais. Las a haghaidh, las a corp ar fad.
 
"Déanann sé a dhíghalrú agus cuidíonn sé lena leigheas," arsa Louise.
 
Ag an bhomaite sin d’amharc siad isteach i súile a chéile. Sheas Alma. Mearbhall uirthi. Rith sí síos an mhala. Gan stad, chaith sí a mála droma agus a cuid éadaí ar an ghaineamh. Léim ​​sí isteach san uisce. Sa tsáile, sheiceáil sí an chréacht. Shiúil sí isteach níos doimhne. Bhris na tonnta fuara thar a cuid másaí. Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh sí cleachtaithe leis an fhuacht. Bhain sí sult as. Luigh sí siar, ar snámh. Lig sí do na tonnta smacht a thógáil uirthi. Sásta, d'fhan sí le Louise.
 
“Alma!” Ghlaoigh sí uirthi ón trá. “Tá an fhearthainn ag toiseacht! Caithfimid dul ar ais!”
 
D’éirigh an spéir dorcha. Aiféala uirthi, shiúil Alma amach as an fharraige. Ar an toirt, bhris an stoirm. Rith siad san fhearthainn, báite. Bhain siad an teach amach, as anáil.
Chomh luath agus a d’oscail sí an doras, bhuail boladh an insilte de luibheanna lofa a gaosán, gan choinne.
 
“An bhfeiceann tú cé a tháinig? Nach iontach! Agus fanfaidh sí an mhí ar fad!”
 
D’oscail Mamó doras an tseomra suite ag tabhairt cuireadh dóibh dul isteach. Ón tolg, rinne Andrea gáire leo.
 
Agus anois tá an bheirt acu, Andrea agus Louise, ag gáire le chéile. Cairde, dlúthchairde. Agus tá a seanmháthair ag gáire in éineacht leo agus ag tabhairt barróg do Andrea. 
 
Agus fuaimníonn Louise ainm a deirféar tríd an r a rolladh, amhail is go bhfuil sí á blaiseadh, amhail is go bhfuil sí á pógadh nuair a éalaíonn an r amach as a liopaí. Agus níl aon r in Alma.