TÁ Tionól Amhránaíochta Bhéal Feirste á reáchtáil ag An Droichead agus Trad Fest Bhéal Feirste ar an 21-22 Aibreán. Beidh ceol agus liricí Gaelacha le cluinstin i dtithe tábhairne éagsúla i lár na cathrach mar chuid den cheiliúradh mhór ar amhráin agus traidisiún saibhir na hamhránaíochta i gCúige Uladh.  

Tá oirfidigh óga a fuair an ceol le hoidhreacht ina measc siúd a bheas ar ardáin an bhaile mhóir. Cuirfear tús leis an Tionól oíche Dé hAoine, an 21 Aibreán ar 9pm i Seomra Lucan i dTigh McHugh cois Loch Lao agus is í Miadhachlughain O’Donnell an t-aoi speisialta. Sheol Miadhachlughain a EP nua ag deireadh mhí Eanáir sa Chultúrlann. Is duine de chlann cheolmhar McSherry as Baile Andarsain í, cé gur fhás sí féin aníos i gCaisleán Uidhilín. Tíona McSherry, ar amhránaí agus fliútadóir den scoth í féin, a máthair.

Bean eile a bhí timpeallaithe ag an cheol ó bhí sí sa chliabhán is ea Róise Ní Mhurchú, iníon Mharcais Uí Mhurchú a bhfuil aithne mhaith air i measc Ghaeil Bhéal Feirste mar shárfhliútadóir agus mar gheall ar a cheangal le Cumann Chluain Árd. Is é Marcas a chuir grianghraif ar fáil do An tUltach ar feadh tréimhse mhaith de bhlianta san hochtóidí agus sna nóchaidí agus tá bailiúchán de cheol a thaifead sé thar na blianta ar fud na tíre i dTaisce Cheol Dúchais Éireann. Chuir Marcas eagrán nua den leabhar ‘Abair Amhrán’ le chéile agus tá sé ar díol anois. Aon duine a d’fhreastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht, Coláiste Mhuire i Loch an Iúir, mar shampla, beidh cuimhne mhaith agaibh ar na ranganna amhránaíochta i ndiaidh am lóin agus ar na leabhair bheaga ghorma. Beidh caint á déanamh ag Marcas Dé Sathairn, an 22 Aibreán sa Seomra Glas sa Dubhlann (Black Box) i gCeathrú na hArdeaglaise ar 1pm. Beidh sé féin agus Róise ar an ardán sa Deer’s Head ar 8pm an oíche sin agus gach seans go mbeidh Róise le cluinstin ag dul don phortaireacht bhéil. Ina measc siúd a bheidh ag glacadh páirte san imeacht áirithe sin tá Trú, Mairead Walls, Ella agus Deirdre McGrory agus Gabriel McArdle.

Tá máistreacht ag Caitríona Ní Ghribín as Gaoth Dobhair ar bheith ag teagasc ceoil do pháistí agus beidh sí i mbun ceardlainne do dhaoine óga agus do theaghlaigh Dé Sathairn, an 22 Aibreán ar 11am sa Seomra Glas sa Dubhlann. Bíonn ráchairt mhór ar ranganna Chaitríona, atá ag cur fúithi anois i mBéal Feirste. Beidh seisiún amhránaíochta ar siúl 3.30pm i Lus na Gréine (Sunflower) agus Joshua Burnside a bheas mar aoi speisialta. Seachas oíche Dé Sathairn sa Deer’s Head, tá na himeachtaí seo uilig saor in aisce. Féasta iontach!

Comhghairdeas leis an Ollamh Fhionntáin de Brún ar fhoilsiú a úrscéil nua, ‘Béal na Péiste’. Sheol a chomhghleacaí ó Ollscoil Mhá Nuad, an Dr Caitlín Nic Íomhair, an leabhar Dé Sathairn seo caite sa Chultúrlann ag imeacht a d’eagraigh An Ceathrú Póilí agus ar a raibh trí scór duine i láthair. Bronnadh duais ar fhear Bhóthar Aontroma as an úrscéal is fearr ag Comórtais Liteartha an Oireachtais. Díoladh achan chóip den úrscéal ar lá a sheolta, ach foighde ort óir tá tuilleadh ar an bhealach ó stóras Chló Iar-Chonnacht ar an Spidéal i gConamara.