Ó am go chéile, castar ort guth úrnua a thugann ort suí suas go díreach is aird a thabhairt air.

Is annaimhe sin anois ná riamh as siocair oiread calláin amuigh ansin idir shléibhte aineolais an idirlín agus chainéil iomadúla físe, ar líne agus ar an bhocsa. Ach in 'Béal na Péiste', an chéad úrscéal ó pheann Fhionntáin de Brún, tá glór againn a sheasann amach ó ghlagaireacht Thúr Bháibil mar a sheasfadh cócaire Réalt Michelin amach i sceallóglann Raffo.

Ní ábhar iontais é ag an léitheoir seo gur bhain an scríbhneoir Feirsteach an chéad duais d'úrscéal i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 as feabhas an tsaothair seo. Thuillfeadh sé moladh na moltóirí as suíomh stairiúil an scéil – gan a bheith ag trácht ar chor ar bith ar dhea-chumadóireacht an údair.

Leanann an leabhar beoga seo beatha Réamainn Prút, mairnéalach óg as Béal Feiste a imíonn chun na mór-roinne sula mbriseann an Dara Cogadh Domhanda amach agus é ar thóir iontaisí meallacacha an domhain mhóir. Faigheann sé sin agus tuilleadh nuair a bhaineann sé amach monarchana na Gearmáine, áit a bhfuil siad ag ullmhú don apacailipsis atá le theacht. 

Agus nuair a fhaigheann sé seans an tógáil tancanna a fhágáil ar leataobh le triail as bhaint as obair bholscaireachta, ní dhéanann Prút moilleadóireacht. Seo ceann de shuáilcí an scéil seo — an léargas a thugann an t-údar dúinn ar an Rundfunkhus, áit a mbíodh an seoinín William Joyce (Lord Haw Haw) agus a mhacasamhail, an scríbhneoir Gaeilge agus Naitsíoch déanta Róisín Ní Mheara ina measc. 

Éiríonn thar barr le de Brún (thíos), Joyce, Francis Stuart agus a gcomrádaithe, a bhí go dtí an dá ascaill i bhfealsúnacht nimhiúil an tsárchine, a chur inár láthair go healaíonta. Táimid inár suí ina gcuideachta, fealltóirí arbh é an mórpheaca acu i súile Éireannacha nár leor acu 'is é namhaid mo namhad mo chara' ach gur shantaigh siad soiscéal Hitler. Tá Lord Haw Haw ann ina steillbheatha, a bhuí le dea-scríbhneoireacht de Brún:

"Chuir an Sasanach a chorrmhéar le barr a shróine, á cuimilt go mall machnamhach. Faoi sholas na gréine, bhí an colm mór a thug mé faoi deara ar maidin níos doimhne ná roimhe. Shílfeá gur léarscáil a bhí ar a leiceann, an Afraic nó an India b'fhéidir, agus gurbh é an colm domhain sin an cósta. D'fhéadfá a rá nárbh olc an tsamhail é nó bhí an domhan mór le fáil sa Rundfunkhaus."

Fionntán1.jpg
3Gallery

Fionntán1.jpg

Leanamid eachtraí Phrút i mBeirlín agus a chaidreamh le Rúiseach, Elena, atá ag taobhú leis na Naitsithe. Agus de réir a chéile, go háirithe i ndiaidh go mbuaileann sé leis an réabhlóidí phoblachtach Frank Ryan, atá gafa faoi chúram na Naitsíoch, músclaíonn amhras ann fá chúis an mháistirchine.

Ar ndóigh, bhí go leor de phoblachtóirí na hÉireann a thaobhaigh leis na Naitsithe, ag súil go dtabharfadh siad bascadh do na Sasanaigh agus go bhfaigheadh Éire a saoirse dá bharr. Is cuimhin leis an scríbhneoir seo amhrán ragairne i gCumann Chluain Árd as aimsir an Dara Cogadh Domhanda agus a chríochnaigh leis an mhana 'Heil Hitler'. Seo sna 70idí malla!

Déanann Prút comhairle Ryan – "in ainm Dé, a luaithe a thig leat, faigh bealach éigin amach as an áit seo" – ach ar shlí neamhghnách. Pilleann sé ar a chontae dúchais i mí na Nollag 1942 de léim pharaisiúit as eitleán de chuid na Gearmáine. Is é an rún atá aige na Naistithe a fhágáil agus a ngéarleanúint ar na Giúdaigh a fhágáil taobh thiar de. Ach i ndiaidh tamaill ar a sheachnadh, cuirtear faoi ghlas sa Crum é go dtí go dtagann deireadh leis an chogadh.

Mar sin féin, tá scéinséir den scoth sa chuid seo den leabhar agus cur síos ar thréimhse eile staire a d'fhág an pobal náisiúnaíoch ó thuaidh briste, brónach.

Sin mar a chríochnaíonn cuid a haon de scéal Phrút. Osclaíonn an dara mír in 1988 nuair a thagann sé ar ais go dtí Béal Feirste, atá anois ina láthair chogaíochta, mar léachtóir le Fraincis agus a chúlra, don chuid is mó, dearmadta ag an domhan mhór. Is mór idir an dá shuíomh scéil seo agus glacann sé scileanna uile de Brún leis an léitheoir a choinneáil taobh leis don aistear nua seo. Ach éiríonn leis.

Baintear truisle as an údar ar uairibh, go háirithe nuair a bhaineann sé taca as seanchleas de chuid 'Mháire' – is é sin go n-aithníonn Prút, i measc mhic léinn na hollscoile, iníon le seanchomrádaí dá chuid: "comhchosúlacht a bhain an anáil de".

Mar sin féin, tá scéinséir den scoth sa chuid seo den leabhar agus cur síos ar thréimhse eile staire a d'fhág an pobal náisiúnach ó thuaidh briste brónach. Is ceardaí géarshúileach é de Brún agus éiríonn leis cruatan agus teannas – eagla, abraimis – an ama sin a thabhairt ar ais chugainn. 

AR COSA IN AIRDE: Béal na Péiste
3Gallery

AR COSA IN AIRDE: Béal na Péiste

Bogann an scéal ar cosa in airde chuig críoch fhuilteach ach tá casadh ann fosta a bhuail bob ar an léitheoir seo. 

Cead ag an léitheoir osna a ligint ag an deireadh mar tá úrscéal anseo a thrasnaíonn tíortha, tréimhsí cinniúnacha staire agus glúnta. Osna áthais chan osna faoisimh mar is pléisiúr é caibidlí uile an leabhair seo a shiúl agus de Brún mar threoraí. Tá mór-údár nua inár láthair. Bímis ag súil go mbeidh a thuilleadh seod uaidh amach anseo. 

'Béal na Péiste' le Fionntán de Brún. Cló Iar-Chonnacht €15. Ar fáil ón Ceathrú Póilí