"Cá raibh tusa i 1969?" an cheist tharcaisneach a chuirtí fán dúiche seo ag gníomhaithe sotalacha lá dá raibh.
Agus ar ndóigh, dá mb'fhíor don dreama a mhaígh go raibh siad 'amuigh' i 1969 i mBéal Feirste, bheadh an tsean-Sráid Bombay ina seasamh léi.
Ach bhí gluaiseacht eile agus streachailt eile a bhí lán chomh tábhachtach leis an troid ar leac an dorais s'againn féin thiar, cé é gur cath cirt gan iomrá a bhí ann don chuid is mó - go dtí ar na mallaibh, nuair a foilsíodh an leabhar tráthúil, toirteach, téagartha 'An Ghuaiseacht - Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta' le Rónán Mac Con Iomaire.
B'am an athraithe é na seascaidí ar fud an domhain, plátaí na cruinne á mbogadh, seantraidisiúin á n-athmheas, réimís na cóilíneachta á n-ionsaí, éilimh ar son cothromais á n-ardú. Sa Tuaisceart, níorbh fhéidir leis an bhunaíocht stálaithe an rabharta réabhlóideach a smachtú agus, ceal comhréitigh, seo chugainn cogadh 30 bliain.
AGÓID: Colm Ó Donnchadha ag craoladh ó charbhán Saor-Raidió Chonamara le linn na Cásca, 1970
Ach i nGaeltacht Chonamara, an ceantar is mó ina raibh mórtas cine de dhlúth agus d'inneach sa phobal, d'imir an claochlú domhanda tionchar ar an cheist is cóngaraí agus is práinní: ceist na Gaeilge.
Gráthóirí teaaga a bhí sa mhuintir a bhunaigh an ghluaiseacht thiar i 1969 ach thuig siad fosta gurb í an Ghaeilge an tseoid ba luachmhaire dá raibh acu mar phobal. Dá gcaillfí an Ghaeilge, b'amhlaidh ba laige a bheadh an mhuintir sin a raibh droim láimhe faighte acu ó na húdaráis ó bunaíodh an Stát ó dheas. Stát, a déarfadh an Seanadóir Pádraig O Céidigh idir sin is tráthas, a chaith le Conamara mar a bheadh "Indian Reservation" ann. Má b'fhíor sin, ní comhtharlú é go raibh an American Indian Movement faoi lán seoil ag an am chéanna.
Ach b'aisteach an t-imeacht a chuir an lasair sa bharrach - craoladh seó de chuid RTÉ, Quicksilver, in óstán sna Forbacha, roinnt mílte amach as Cathair na Gaillimhe. Ghlac dream de dhaoine óga olc do phlean RTÉ clár Béarla a thaifeadadh sa Ghaeltacht nuair nach raibh seirbhís náisiúnta teilifíse ná raidió i nGaeilge ar fáil ón chraoltóir chéanna. Ar 18 Márta 1969, cuireadh picéad ar an taifeadadh ag Teach Furbo agus taobh istigh chuir baicle de ghníomhaithe isteach ar an chraoladh féin. "The people of Irish-speaking Ireland must change from objects into subjects...the first sign of this happening was in the anger of the young men who objected to the Teach Furbo affair," a scríobh an fealsamh polaitiúil agus údar Deasún Fennell, a raibh tionchar nach beag aige ar fheallsúnacht na gluaiseachta úire.
Ag seasamh Peadar Mac an Iomaire mar iarrthóir neamhspleách i dtoghchán ginearálta '69 a thuill aird ar leith dona reibiliúnaithe óga - agus a theagasc ceacht dóibh fá láidreacht na bhfórsaí a bhí i mbun an stáit.
Is i ndiaidh na hagóide a bunaíodh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta go foirmeálta, a mhíníonn Mac Con Iomaire, comhartha gur eagras gníomhaíochta seachas eagras a bhí srianta ag miontuairiscí is fo-rialacha é. An é Dan Breen féin a dúirt, 'Caith péas is lig don namhaid sinn a eagrú'?
Cibé, is de réir a chéile a cuireadh slacht ar an eagras nua agus feachtas gníomhaíochtaí aige dá réir ach ón chéad chruinniú sin le céad duine ba léir béim a bheith ar chlár oibre a bhain le dínit an duine, dínit na fostaíochta ina measc. Bhí leagan amach sóisialach ar na 10 n-aidhmeanna a aontaíodh ag an chéad chruinniú sin - ina measc 'Daoine saibhir ag fáil níos saibhre, Daoine bochta mar a chéile.'
Ar ball, bheadh an soiscéal réabhlóideach sin, faoi anáil an iomad éirí amach ar fud an domhain - saoirse na mban, Bealtaine '68 i bParis, an feachtas in aghaidh an chogaidh i Vítneam, an cath in éadan na cinedheighilte san Afraic Theas - bheadh sé ag teacht salach ar ghreim docht, daingean Fhianna Fáil ar Chonamara.
'JOHN HUME NA GAELTACHTA'
Thuig duine de na bunaitheoirí Peadar Mac an Iomaire, 'John Hume na Gaeltachta', sin go rímhaith. "Bhí meoin eile ag cuid eile a bhí ag iarraidh an córas a athrú ar fad, ó thus go deireadh," arsa Seosamh Ó Cuaig, iriseoir óg a bhí go neamheaglach ar thús cadhnaiochta sa Ghluaiseacht.
Mhairseáil an ghluaiseacht nua, bhí 'sit-ins' agus 'fish-ins' acu, picéidí i mBaile Átha Cliath agus agóidí aon áit a raibh an t-Aire Ghaeltachta a mhóradh. Thuill siad poiblíocht sna nuachtáin náisiúnta, go háirithe san Irish Times, agus ar RTÉ. Leoga an t-am sin, léifí na hirisí Ghaeilge fosta lena gcur síos ar an feachtais éagsúla Ghaeilge a leanstan. Mór a d'athraigh cúrsaí.
STREACHAILT: 'An Ghluaiseacht' ag amharc siar ar an chath ar son cearta Gaeilge
Ba é Peadar Mac an Iomaire a chur chun tosaigh mar iarrthóir neamhspleách i dtoghchán ginearálta '69 a thuill aird ar leith dona reibiliúnaithe óga - agus a theagasc ceacht dóibh fá láidreacht na bhfórsaí a bhí i mbun an stáit. Tá gach polaiteoir páirtí ar son feachtais phobail go dtí go seasann lucht agóide mar iarrthóir; is ansin a thagann na miodóga amach. Rinne Mac an Iomaire go maith ach bhí sé i bhfad ó bheith tofa - cé gur chaill sé a éarlais, bhain sé croitheadh as na mórpháirtithe.
Níl a dhath cosúil le toghchán le crot a chur ar ghluaiseacht agus b'amhlaidh an scéal anseo. Bhí a gcuid éileamh leagtha amach go soiléir. Ina measc: "Obair sa mbaile; Tithe do chuile dhuine; Cearta Uisce agus Talamh".
Agus an eagraíocht 'Bánú' ag troid ar son tithe sa Ghaeltacht do chainteoirí dúchasacha Gaeilge agus an t-iar TD Éamon Ó Cuív ag mairgní fá ghúin d'Éireannaigh a bheith ag Gaeilgeoireacht leo ar Bondi Beach nó Banff, Alberta, nach oscailt súl é an dul chun cinn, nó a mhalairt, le 50 bliain anuas.
Ach bheadh buanna suntasacha ag an dream beag seo de dhaoine nach nglacfadh leis an status quo - bhunaigh siad raidió bradach as ar eascair Raidió na Gaeltachta, d'ardaigh said bratach na seirbhíse teilifíse a réitigh an bealach do TG4 agus cé nach raibh siad féin soiléir fán leagan amach a bheadh ar fhéinriail don Ghaeltacht, tionóladh Údarás Gaeltachta, 'daonlathach' fosta, mar fhreagra díreach ar fheachtasaíocht na Gluaiseachta. Agus cé gur beag tagairt don oideachas a bhí sna héilimh a d'fhoilsigh an Ghluaiseacht, stop siad pleananna an rialtais le scoileanna beaga Gaeltachta a dhruidim.
SOLÉITE, SÁRSCRÍOFA
Is cur síos cuimsitheach, so-léite, sár-scríofa é 'An Ghluaiseacht'. Cuireann stíl Mhic Con Iomaire Sebastian Junger, udár an 'A Perfect Storm', nó stábla scríbhneoirí a New Yorker i gcuimhne domh. Is aoibhinn liom mar éiríonn leis an údar sinn a chur i lár an aicsin agus é ag cur síos ar tharlúintí na linne. Pléisiúr (fada, 400+ leathanach) 'An Ghluaiseacht' á léamh.
Iadsan a ghlac an seasamh i '69, cúis acu a bheith chomh sásta leis an dream chéanna a sheas suas an bhliain cheanna níos cóngaraí don bhaile s'againn fein, fiú má bhí módhanna éagsúla troda acu. Is beannaithe an ghlúin iad, glúin '69 - ar fud an domhain mhóir - fiú má táthar ar an chos deiridh faoi láthair. Áthas orm go dtugann 'An Ghluaiseacht' aitheantas don dream sin d'idéalaithe a choinnigh an spiorad beo ionainn uile. Maith iad as a bheith 'amuigh' i 1969.
'An Ghluaiseacht Scéal Cearta Sibhialta na Gaeltachta'. Rónán Mac Con Iomaire. Cló Iar Chonnacht. £18. Ar fáil ó An Ceathrú Póilí, An Chultúrlann, Br. na bhFál, Béal Feirste. Buíochas le fo-eagarthóireacht Áine Nic Gearailt.