Pilleann féile Liú Lúnasa i mbliana le clár lán d'imeachtaí agus de chainteanna. Tá dianchúrsaí Gaeilge, comórtais filíochta agus painéil chainte ar fáil le linn na seachtaine.
Dúirt Bainisteoir Imeachtaí le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Sinéad McCallum, go bhfuil sí ag dúil go mór leis an ócáid.
"Tá muid thar a bheith tógtha le tús a chur le Liú Lúnasa arís I mbliana," ar sise. "Tá féilire iontach againn i mbliana leis an deichiú Slam Filíochta agus cuid mhór seanchairde agus bunaitheoirí ag teacht ar ais le himeachtaí a chur ar fáil."
Bíonn freastal mór achan bhliain ar an Slam Filíochta de chuid na féile, agus dar le Sinéad tá sé ar cheann de na himeachtaí is fearr san fhéile.
"Mothaímse féin go bhfuil an Slam Filíochta ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí atá againn. Tá sé galánta. Bíonn ealaíontóirí ag taisteal ó gach cearn den tír le páirt a ghlacadh. Tá cuid daoine anseo don deichiú uair."
Bhain Pádraig De Cléir an comórtas Slam anuraidh, agus míníonn Sinéad nach ar an fhilíocht amháin a thugtar marcanna do rannpháirtithe.
"An difear atá ann idir Slam Filíochta agus gnáthchomórtas filíochta ná go bhfuil an léiriú ag croílár an taispeántais chomh maith. Cuirtear go leor béime ar an léiriú agus ar na mothúcháin."
Ar sise, "Seo an t-aon imeacht dá leithéid do phobal na Gaeilge áit ar bith ar domhan. Bíonn an oiread sin suime ann achan bhliain, agus bíonn oíche thar a bheith rathúil againn achan bhliain."


