Tosaíonn ceann de na scoileanna teanga agus cultúir is mó sa tír Dé Domhnaigh 19 Iúil i dTuaisceart Bhéal Feirste.
Bíonn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain á réachtáil ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma, agus bíonn scoth na n-imeachtaí ar fáil achan bhliain do Ghaeilgeoirí ag achan leibhéal.
I mbliana beidh imeachtaí ar nós siúlóidí treoraithe i gcuideachta Chormaic Uí hÁdhmaill, a rachaidh ó Chaisleán Bhéal Feirste go Dún Mhic Airt, siúlóid staire Bhéal Feirste le Fionntan de Brún, cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta ag achan leibhéal, séisiúin cheoil, ranganna damhsa le Tura Artura agus ranganna amhránaíochta le Róisín Chambers agus Róise Ní Mhurchú.

Beidh plé suimiúil ó scoth na scríbhneoirí Gaeilge mar a bheidh Caitríona Ní Chleirchín, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus an tOllamh Fionntán de Brún i mbun comhrá ar an 22 Iúil, agus beidh craoltaí raidió beo ó Raidió Fáilte agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Níl aon amhras go mbeidh ceolchoirm ‘Sruth na Maoile’ ar an 29 Iúil mar cheann de bhuaicphointí na féile nuair a bheas Doimnic Mac Giolla Bhríde, Frances Morton, Diane Ní Chanainn, Máirí MacMillan agus Alan Henderson ag ceol sa Chaifé Ceoil. Leanfar sin níos moille sa lá le ‘Oíche Cheoil na mBan’ i gcuideachta Clare Sands, Muireann Ní Shé, Catríona Ní Ghribín, Edel Ní Churraoin agsu Aisling Lyons.
Cuirfear clabhsúr leis an fhéile Dé hAoine an 31 Iúil le hOíche Airnéail i mbarr an tí in Áras Mhic Reachtain le ceol ó leithéidí Brían Danny Minnie Ó Domhnaill, Bláithín Mhic Cana, Naoise Mac Cathmhaoil, agus tuilleadh eile nach iad.
Ag caint leis faoi thábhacht na féile, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhóras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go bhfuil cathair Bhéal Feirste ag fás agus ag forbairt ó thaobh na Gaeilge de.
“Tá cathair Bhéal Feirste ar thús cadhnaíochta sa ghluaiseacht phobail forbartha Gaeilge, agus níl aon ócáid is fearr a léiríonn sin i bhféilire phobal na Gaeilge ar fud an oileáin ná Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.
“Tugann Scoil Samhraidh Mhic Reachtain bealach do dhaoine fásta – idir fhoghlaimeoirí nua, athfhoghlaimeoirí agus chainteoirí gníomhacha – an Ghaeilge a chleachtadh sa timpeallacht bhríomhar shóisialta thart timpeall ar na ranganna, agus an Ghaeilge a úsáid mar mheán nádúrtha cumarsáide sóisialta.”
Tacaíonn Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann leis an scoil, agus ag caint léi faoin fhéile dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, go bhfuil siad an-sásta le bheith ag tacú leis.
“Tá Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann thar a bheith bródúil go bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta, trí Chistí an Chrannchuir Náisiúnta, do na himeachtaí den chéad scoth a bheidh mar chuid de chlár Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2026.
Ar sise, “De réir gach cosúlachta beidh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain 2026 i lár an aonaigh an samhradh seo, samhradh ina mbeidh na healaíona á gceiliúradh fud fad Bhéal Feirste agus Thuaisceart na hÉireann.”
Tá clár na féile le fáil ar líne agus beidh uasdátaithe ar mheáin shóisialta na féile le linn an imeachta.


