Tá súile cearnógacha ar na stocairí stuama a chaith lá iomlán os comhair an scáileáin i gcruinnithe Zoom an tseachtain seo ag iarraidh a chur ina luí ar pholaiteoirí gur gá gníomhú go gasta lena chinntiú go mbeidh cearta teanga á gcosaint agus seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge don phobal sna sé chontae.
 
Is é Conradh na Gaeilge a d’eagraigh an lá stocaireachta fíorúil, SEAS, agus ba shnasta, dhea-eagraithe mar oibríocht é. Cuireadh tús le sraith de chruinnithe Zoom ar a hocht ar maidin agus lean siad ar aghaidh go dtí beagnach a sé a chlog tráthnóna. Ar an drochuair, chaill Comhaltaí Tionóil aontachtacha amach ar an deis tuiscint níos fearr a chur ar riachtanais phobal na Gaeilge nuair nár ghlac siad páirt in imeachtaí an lae, ach bhí Claire Sugden, Comhalta neamhspleách toilteanach bualadh linn.

Chaith ionadaithe ó Shinn Féin, SDLP, Pobal Seachas Brabús, Alliance agus ón Chomhaontas Ghlas seal ag éisteacht lenár mianta agus lenár n-éilimh, agus ar ndóigh, bhí reachtaíocht ar bharr an liosta.
 
Cé gur comhaontaíodh in Ré Nua, Cur Chuige Nua i mí Eanáir na bliana seo go dtabharfaí Acht Gaeilge fríd an Tionól taobh istigh de thrí mhí, níl sé sin déanta fós. Tá bliain iomlán eile chóir a bheith caite, a chairde, gan dlíthe againn lenár gcearta a chosaint orthu siúd a léiríonn beagmheas orthu. D’éiligh na stocairí ar na polaiteoirí gealltanas a thabhairt go gcuirfidh siad an beart i gcrích fán 8 Eanáir 2021. Táimid tinn tuirseach leis an fhanacht thart. Agus tá mé cinnte gur scríobh mé an t-alt seo cheana féin ar na leathanaigh seo.
 
Slán le MTS
 
Tá duine de na craoltóirí is aitheanta ar Raidió na Gaeltachta, Máirtín Tom Sheáinín, imithe ar scor i ndiaidh dó 31 bliain a chaitheamh ar na haerthonnta. Cé nach bhfuil aithne chomh forleathan sin sna bólaí seo air, seans, tá clú mór air sa Ghaeltacht agus ina measc siúd a fhreastalaíonn ar Oireachtas na Gaeilge mar is é a chuireann Comórtas Chorn Uí Riada i láthair gach bliain. Bíonn sé le feiceáil ar scáileán TG4 chomh maith ag cur ‘Comhrá’ i láthair. Taitníonn an clár seo go mór le daoine do mo mhuintir féin nach bhfuil Gaeilge acu mar tugann sé guth agus ardán do dhaoine atá díreach cosúil leo féin.
 
Chaith MTS, arb as Leitir Móir dó, na blianta mar láithreoir, taighdeoir agus léiritheoir ar an chlár ‘Ardtráthnóna’, a craoladh ar an raidió i ndiaidh a dó a chlog gach Luan go Déardaoin. Is gnáthdhaoine as Conamara agus Gaeltacht Mhaigh Eo seachas daoine mór le rá a bhíodh mar aíonna aige. Bhí blas áitiúil, paróistiúil féin in amanna, ar an chlár, ach thug sé léargas ar leith nach raibh le fáil áit ar bith eile ar phobal an cheantair agus mar gheall air sin bhí sé uathúil, eisceachtúil. Ar aon nós, is minic scéal pearsanta uilíoch agus thiocfadh le daoine i ngach cearn den tír sult agus tairbhe a bhaint as.

Bhí neart míreanna éadroma ann chomh maith fosta. Seasann eagrán amháin amach i mo chuimhne a chuala mé thart fá dheich mbliana ó shin agus mé ag tiomáint ar chúlbhóithre Inis Eoghain i lár an lae. Bhí comórtas prátaí ann, nó ‘fataí’, mar a déarfadh MTS féin. Bhí sé simplí go leor mar choincheap. Sheoladh daoine fud fad na tíre a gcuid fataí sa phost go dtí an stiúideo i gCasla agus bhronntaí duais ar an té ar leis nó léi an fata ba mhó. Cá háit eile a bhfaighfeá a leithéid?
 
Bhí comórtas eile ann le hainm a roghnú d’asal Pheadair Mhóir in Inis Meáin. Bhí Peadar Mór ar an líne ón oileán thar sáile agus léigh MTS na moltaí uilig amach dó a bhí tagtha isteach ó na héisteoirí. Roghnaigh Peadar Mór an t-ainm Popaí dá asal agus bronnadh duais iontach ar an té a mhol é, cúpla oíche i gceann de na hóstáin is galánta agus is daoire in Éirinn. Mar bhean chathrach nach raibh i ngaireacht scread asail d’asal go rómhinic, shíl mé a mhór den bhua a bhí ag MTS siamsaíocht a tharraingt as scéalta a déarfainn féin a bhí neamhshuntasach.
 
Anois go bhfuil sé éirithe as an raidió, beidh MTS i mbun ceird úr, mar atá an adhlacóireacht. Gach rath air. Ní bheidh sé díomhaoin.