Tá mí  Lúnasa beagnach buailte linn agus ciallaíonn sin aimsir na Féile, Féile an Phobail. Tá clár lán go béal arís le himeachtaí difriúla éagsúla ó na cainteanna polaitiúla agus imeachtaí teaghlaigh, ó cheolchoirmeacha móra agus ceolchoirmeacha beaga agus fiú coisirí sráide, siúlóidí, drámaí agus neart neart eile!

Tóg clár nó féach ar líne! Is fiú a rá go bhfuil rud ann do gach duine.
 
I mo bharúil féin, tá faoiseamh orm go mbeidh seo an bhliain dheireanach go mbeidh na Wolfetones ag seinm. Tá a ré thart.  Á bport seinnte! Maith iad, ach mothaím go bhfuil bannaí eile ceoil amuigh ansin a bhfuil an deis tuillte acu bheith ar an ardán mhór os comhair an phobail. 
 
Ach, caithfidh go bhfuil ráchairt orthu, ar an ábhar go mbeidh dhá cheolchoirm acu, dhá oíche i ndiaidh a chéile. Is beatha duine a thoil.
 
Ar na mallaibh, tá méadú beag ar imeachtaí Gaeilge le linn na Féile. Ní hionann Gaeilge sa chlár agus imeacht trí mheán na Gaeilge!
 
Tá comhpháirtíocht ann le Conradh na Gaeilge agus leis na heagraíochtaí áitiúla Gaeilge macasamhail Ionad Uíbh Eachach, Glór na Móna, An Chultúrlann, Craobh Uí Thuama agus Cumann Chluain Ard. Measaim leis na heagraíochtaí teanga seo ar bord agus Fís an Phobail mar cheann-eagras, an bhfuil sé in am d’Fhéile Ghaeilge neamhspleách?

IONSPIORÁID: Mary Ellen agus Stephen Burns thiar i 2008 ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain - an seo an t-am le hollfhéile a thoiseacht?
2Gallery

IONSPIORÁID: Mary Ellen agus Stephen Burns thiar i 2008 ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain - an seo an t-am le hollfhéile a thoiseacht?

Ollfhéile na nGael. Macasamhail Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Féile na Carraige, Liú Lúnasa nó Léargas? Sin ráite, ní bheadh go leor Gaeilgeoirí le freastal ar na himeachtaí! Chomh maith le sin, is maith le grúpaí neamhspleáchas s’acu féin!
 
Ábhar plé agus ábhar machnaimh cibé ar bith, cuimhnigí go mbeidh Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste 2025 agus iarratas istigh le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Béal Feirste cois cuain sa bhliain 2026.
 
Tá trí himeacht de mo chuid féin mar chuid d’Fhéile an Phobail i mbliana. Tá mé buíoch as an chuidiú,  as an tacaíocht agus as an ardán go bunúsach a thugann Féile mhór idirnáisiúnta a bhfuil clú agus cáil domhanda uirthi, do mhuintir na háite fosta. Go raibh maith agaibh!
 
D’oibrigh mé le cúpla bliain anuas ar thionscadal ceannrodaíoch staire agus teanga leis an staraí iomráiteach, Tom Hartley. D’éisigh mé leabhar a bhain le stair Cheiltigh Bhéal Feirste, an fhoireann sacair a d’imigh in éag sa bhliain 1949 agus leabhair a bhain le stair na reiligí móra ar Bhóthar na bhFál agus na carachtair stairiúla atá curtha faoi chré na cille iontu.

Téamaí coitianta staire 

Maidir leis na reiligí, roghnaigh mé téamaí coitianta staire don dá reilig mhóra in iarthar Bhéal Feirste,  Reilig Chathair Bhéal Feirste agus Reilig Bhaile an Mhuilinn, mar shampla,  Titanic, Éirí Amach na Cásca, Fás na Cathrach agus Tionsclaíocht, na Cogaí Domhanda, Stailceanna Ocrais, Spórt, Oideachas, Pobal agus an Ghaeilge gan amhras.
 
Roghnaigh mé le comhairle Tom, thart ar fiche duine a d’imir tionchar ar an domhan, ar an tír nó ar an chathair seo le cur sna leabhair. D’éirigh go geal leis an tionscadal. Spreag na leabhair camchuairteanna reilige, arís macasamhail Tom Hartley. Tá mé go mór faoi chomaoin ag Tom, roinn sé a chuid ama liom go fial flaithiúil.
 
Go pearsanta, tá níos mó suime agam i Reilig Bhaile an Mhuilinn, déarfainn mar gheall ar stair na hÉireann agus ar an phoblachtánachas. Ar an chamchuairt i mBaile an Mhuilinn, is féidir stair Gluaiseacht na Poblachta a fhiosrú. 
 
Tá tagairtí ann do Winifred Carney agus Éirí Amach na Cásca, Murtagh McAstocker agus Pograim Bhéal Feirste, Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad le Joe Mc Kelvey, Fir na 1940aidí Tom Williams agus Seán Mac Eochaidh, Na Trioblóidí agus Óglaigh na hÉireann, Joe Mc Cann agus Cath an Mhargaidh, na Stailceanna Ocrais, Danny Lennon, Gibraltar….agus ar an drochuair, ar bhealach, neart eile!
 
Ní bhíonn cúrsaí troma polaitíochta amháin i gceist. Buaileann muid le scéal Charlie Tully, fear na gCeilteach, Béal Feirste agus Glaschú. Jimmy Hasty, imreoir sacair  agus laoch Aontroma Anto Finnegan. Daoine spreagúla.

Scéal grinn

Bíonn cúpla scéal grinn ann go háirithe scéal Albert Sharpe! Beidh ort teacht ar an chamchuairt le fáil amach.
 
I Reilig Chathair Bhéal Feirste, bíonn an cur chuige céanna agam, stair, seanchas, beathaisnéis a insint agus muid ag béal na huaighe an té atá faoi chré na cille. Is stair bheo ar bhealach, stair bheo sa reilig. Creid uaim, oibríonn sé!
 
Bhí conspóid le comharthaíocht Ghaeilge nó easpa comharthaíocht Ghaeilge i Reilig Chathair Bhéal Feirste ag cur isteach ar Ghaeil Bhéal Feirste ar na mallaibh. Is fiú cuimhneamh go bhfuil an reilig suite sa Cheathrú Ghaeltachta agus trí ghaelscoil in aice láimhe agus Coláiste Feirste faoi scréad asail na ngeataí fosta!

I dtosach báire, is le Comhairle Chathair Bhéal Feirste Reilig na Cathrach (is leis an Eaglais Chaitliceach, Reilig Bhaile an Mhuilinn) agus níor chuir siad comharthaí Gaeilge nó eolas Gaeilge in airde in áit ar bith nuair a d’oscail siad Ionad Cuairteoirí ag bun na reilige in aice le Teach an Gheata le déanaí.

Maoiniú suntasach airgid a bhí i gceist. Ghríosaigh an neamart seo na Gaeil agus thosaigh feachtas agus agóidíocht leanúnach in éadan chinneadh na Comhairle. D’éirigh leis an fheachtas. D’éirigh leis an Dream Dearg. D’éirigh liomsa fosta mar oideachasóir aird a tharraingt ar an easpa Gaeilge agus mé ag déanamh camchuairteanna do ghrúpaí scoile. D’éirigh le pobal na Gaeilge. D’éist an Chomhairle. Bua cinniúnach a bhí ann.
 
Is áiseanna foghlama iad ar bhealach na reiligí. Seomra ranga faoin spéir, Stair faoin spéir. 
 
Camchuairteanna le linn Fhéile an Phobail- teacht le chéile ag geataí na reiligí-
 
10 Lúnasa- Reilig Chathair Bhéal Feirste 11-1 £7 an duine
11 Lúnasa- Reilig Bhaile an Mhuilinn 11-1 £7 an duine
15 Lúnasa - Reilig Bhaile an Mhuilinn i gcomhar le Cumann Chluain Ard 3.00- imeacht druidte
 
Leabhair ar díol sa Chultúrlann £10 an ceann

Má tá suim ag grúpa ar bith turas a eagrú, déan teagmháil leis an údar ar r-phost.
Nó más fearr libh ar X nó Twitter mar a thugtaí air trade an phostáil thuas.