2Gallery
An oíche sular ordaíodh do ghnónna sna 26 chontae druidim síos ar mhaithe lena gcustaiméirí agus a bhfostaithe a choinneáil slán ón choróinvíreas, d’ordaigh mé leabhar ó Kennys i nGaillimh, gnólacht teaghlaigh atá ceithre scór bliain ar an fhód i mbliana. Bhí mé díreach rómhall le go gcuirfí mo leabhar nua isteach leis an bheart dheireanach a bhí á chur sa phost acu, mar sin tá mé go fóill ag fanacht, ocht seachtaine ar aghaidh, le cnag bhean an phoist ar an doras go mbronnfaidh sí beartán ó Chathair na dTreabh orm.

Ní miste liom, áfach. Tá cúinsí eisceachtúla ann agus choinnigh lucht an tsiopa i dteagmháil trí ríomhphost leis an scéal a mhíniú.

Déanann siad gnó trí mheán na Gaeilge fosta, mar sin cén chúis ghearáin a bheadh agam.

‘Manufacturing Happy Citizens’ an teideal atá ar an leabhar a d’ordaigh mé agus is beirt acadóirí iad na húdair, Edgar Cabanas agus Eva Illouz. Mhol bean atá ina teiripeoir dom é a léamh. “Níl aon éalú ó thíorántacht an áthais,” atá scríofa ar chúl an leabhair. Sin smaoineamh a cheap m’aird.

De ghnáth, ní shamhlóinn cos ar bolg leis an áthas, ach de réir mar a dhéanaim mo mhachnamh air, bíonn síorbhrú orainn ó lucht na lúcháire agus tionchairí an tsonais a bheith sásta. Tá mangairí áthais ar fud na háite, ar fhógraí teilifíse, ar chlúdach irisí agus ar na meáin shóisialta. De réir an leabhair seo, tá éirithe le saineolaithe na sástachta a ndearcadh a bhrú isteach i bpolasaithe poiblí rialtais, fiú amháin.

Ritheann sé liom go bhfuil ceangal idir an smaoineamh seo i dtaca le brúidiúlacht an áthais agus leithéidí na seomraí folláine agus na seomraí cluichíochta agus na neadacha beaga codlata a chuireann comhlachtaí ollmhóra ilnáisiúnta ar fáil dá bhfostaithe.

‘Ní gá duit dul abhaile ar chor ar bith mar tá gach áis ar fáil duit anseo, ar láthair na hoibre’ an teachtaireacht atá siad ag craobhscaoileadh i measc na n-oibrithe. ‘Féach an seomra deas lán le leabhair inspioráideacha, ceol suaimhneach agus lampaí salainn ó na Himiléithe a chuir muid ar fáil duit.

Má tá tú go fóill faoi strus, ní orainne atá an locht, ach ort féin. Nach soiniciúil an beart é. Tá mé ag dúil go mór le tuilleadh a léamh faoi seo.

UALACH TROM


Seachtain na Meabhairshláinte atá ann agus níl duine ar bith inár measc nár fhulaing ualach trom ag pointe éigin. Tá eagraitheoirí na seachtaine feasachta ag díriú airde i mbliana ar an chineáltas mar straitéis leis an mheabhairshláinte a fheabhsú.

Sílim gur cleachtadh an-éifeachtach é agus gur féidir leis muid a tharraingt as an duibheagán. Tá a fhios againn uilig go mbíonn an giúmar níos fearr nuair a dhéanaimid rud éigin fá chroí mór maith a théann chun sochair do dhuine eile.

Tá samplaí go leor feicthe againn den chineáltas i measc an phobail go háirithe le cúpla mí anuas agus tá neart deiseanna ar fáil dúinn anois an cineáltas a chleachtadh lenár ngaolta agus lenár gcomharsana.

Níor mhaith liom a bheith cosúil leis na saineolaithe áthais a cháin mé thuas, ach ná déan dearmad ort féin agus an cineáltas á chleachtadh agat. In amanna, is muid féin is mó a bhíonn anuas orainn féin. Thig leis an chriticeoir istigh a bheith gránna, géar.

Ní bheifeá chomh crua sin ar dhaoine eile, mar sin cad chuige a ndéanfá ort féin é? Déan rud éigin deas duit féin inniu.

Sonas ort.

Pictiúr clúdaigh: CINEÁLTAS: Oibrithe dheonach sa Bhán Mhór ag cuidiú le Banc Bia