Déanfar ceiliúradh ar an chultúr Gaelach in Oirthear Bhéal Feirste mar chuid d'Fhéile Shomhairle Uí Bhriosáin, atá á reáchtáil ag an ionad Gaeilge, Turas. Tosóidh an Fhéile ar an 21 Lúnasa agus críochnóidh sí ar an 30 Lúnasa.

Rugadh Samuel Bryson in Ard Mhic Nasca sa bhliain 1803. Gaeilgeoir go smior a bhí ann a raibh dlúthbhaint aige lena cheantar féin. Dúirt Leas-Bhainisteoir Turas, Niall Páirc, go bhfuil sé ar dóigh go bhfuil féile ar an fhód in Oirthear Bhéal Feirste arís.

"Seo an dara bhliain den Fhéile. Chuir Stiofán Carson tús leis anuraidh. Bhíodh cúpla féile ag Turas roinnt blianta ó shin. Féile Chonn Uí Néill agus cúpla rud eile. Ach chuaigh siad i laige ar bhealach nuair a chaill muid Gordon McCoy. 

"Thosaigh an fhéile seo mar cheiliúradh ginearálta ar athbheochan na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste."

Beidh clár lán imeachtaí le linn na féile, agus tosóidh sé le céiliúradh ar fhoghlaimeoirí Turas. Cuireadh an t-imeacht ar an mhéar fhada mar gheall ar na círéibeacha i mí an Mheithimh. Bronnfar 'Cúpla Focal,' 'Fáinne Airgid' agus 'Fáinne Óir' ar na daoine a d'fhreastail ar ranganna san ionad. 

Ionad Turas
2Gallery

Ionad Turas

Arsa Niall, "Beidh Pól Deeds mar aoi speisialta i mbliana. Déarfaidh sé cúpla focal agus bronnfaidh sé na Fáinní ar na foghlaimeoirí."

Nochtfar saol an tiarna Ghaelaigh dheireanaigh in Oirthear Bhéal Feirste ar thuras bus Dé Sathairn mar chuid den Fhéile. Stiofán Carson a bheas mar threoraí ar an bhus. Deir an t-ionad go bhfuil stair shaibhir Ghaelach bainte le hoirthear Bhéal Feirste. Turas bus i nGaeilge atá ann, ach moltar d'fhoghlaimeoirí ag leibhéal na meánranga freastal air.

Cluinfear scoth na scéalaíochta oíche Dé Sathairn a bhuí le haoíscéalaithe ón phobal.

Ar an 24 Lúnasa, cuirfidh Carmel Duggan a cuid taighde i láthair ar Ghaeilgeoirí as Oirthear Bhéal Feirste a chuaigh chun troda sa Chéad Chogadh Domhanda.

"Rinne Carmel taighde iontach ar na Gaeilgeoirí seo. Tá sí ag dul a dhéanamh cainte agus a thaispeáint cúpla léarscáil agus taifeadtaí daonra. Rud eile agus nasc eile leis an Ghaeilge sa cheantar seo."

Beidh Pop Up Gaeltacht ar siúl idir 8.00-10.00 i.n sa Boundary Taproom ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda.

"Bíonn muid ann go míosúil i rith na bliana ag déanamh Ciorcal Comhrá agus rudaí eile. Cuirfidh an Tob-Ghaeltacht tús leis an bhliain úr sin."

Dé hAoine an 28 Lúnasa, beidh léiriú scannáin, 'Sailm nan Daoine,' ar siúl in ionad Turas. Scannán a phléann an nasc idir Éire agus Albain atá ann, mar a théann Rob MacNeacail ar thuras bóthair le traidisiún amhránaníocht na sailm Ghaelach a phlé. Pléitear cumhacht phobail, teaghlaigh agus an teacht aniar atá de dhíth chun teanga a choinneáil beo.

"Bhí Aodán 'Jaff' Mac Seafraidh, duine d'oibrithe Turas, páirteach sa scannán, agus beidh grúpa ceoil Turas le feiceáil ann chomh maith."

Cuirfear deireadh leis an chéiliúradh le Siúlóid Teaghlaigh is Cairde sa Pháirc, idir 1.00 - 3.00 i.n i bPáirc Victoria, rud a chuideoidh le teaghlaigh úra Scoil na Seolta aithne a chur ar a chéile.

"Tá muid ag iarraidh imeacht a chur ar siúl ionas gur féidir le tuismitheoirí nua Scoil na Seolta teacht le chéile. Tá rang a haon agus naíscoil ag toiseacht i Scoil na Seolta mí Mheán Fómhair. 

"Beidh seachtar i rang a dó i mbliana, agus dáréag i rang a haon, agus slua ollmhór de naíscoláirí.

"Tá a fhios againn go mbíonn sé deacair go leor ag cur tús le scoil, agus b'fhéidir níos deacra arís do scoil Ghaeilge do na tuismitheoirí seo."

Tá clár na Féile le feiceáil ina iomláine ar leathanaigh mheáin shóisialta Turas.