I ndiaidh dóibh a gcéad chluiche a imirt ag an deireadh seachtaine, tá foireann Chumann Sacair na hÉireann ag díriú ar Chorn Domhanda CONIFA 2028 mar an sprioc is mó ar a dturas.
Dúirt Joe Mac an Fhailí as Béal Feirste, a d'imir i lár na páirce do na hÉireannaigh ina gcluiche in éadan na Cálastáine, go raibh fíorbhród air i ndiaidh dó imirt ar son na tíre.
"Mhothaigh mé an chumhacht atá leis an ionadaíocht ar son na tíre. Mhothaigh mé go raibh mé mar chuid de rud éigin speisialta ar fad."
Cé gur chaill na hÉireannaigh 6-0, dúirt Joe go raibh siad sásta teacht le chéile mar fhoireann den chéad uair, agus aithne mhaith a chur ar a chéile.
"Bunaíodh foireann na Cálastáine cúig bliana ó shin go hoifigiúil. Ba é seo a gcéad chluiche idirnáisiúnta a bhí acu, ach tá siad ag traenáil agus ag imirt ar feadh cúig bliana.
"Bhí siad ag rá linn go raibh trialacha acu cúpla uair chomh maith. Bhí aithne mhaith acu ar a chéile, bhí siad gasta agus láidir. "
Níor chuir sé sin isteach ná amach ar fhoireann na hÉireann. Leoga, bhí siad sásta bualadh le chéile den chéad uair, agus sásta nach raibh an bhearna ní ba mhó ná sin.
"Chaill muid 6-0, ach ní hamháin nach raibh seisiún traenála ar bith againn, ní raibh aithne againn ar a chéile go dtí an mhaidin sin fiú! Níl muid ag iarraidh a bheith ró-chrua orainn féin."
Cairdeas a bhí i gcroílár an deireadh seachtaine do Joe, agus rinne siad cuimhní a bheas aige go deo.
"Bhí corn ann i ndiaidh an chluiche, bhí searmanas beag ann agus dúirt Coilín cúpla focal ag an deireadh. Agus maith iad buachaillí na Cálastáine, lig siad dúinn pictiúir a bheith againn leis an chorn!
Ar seisean, "Bhí muid uilig an-bhuíoch as an eispéireas a bheith againn. Bhí na himreoirí ón Chálastain an-deas ar fad, agus iontach cairdiúil. Chuaigh muid uilig fá choinne greim bia agus cúpla deoch an oíche sin."
An dá fhoireann i ndiaidh an chluiche
Tá sprioc agus fís uaillmhianach ag foireann na hÉireann. Ba mhaith leo cúpla seisiún traenála a shocrú, rud ar féidir leis a bheith ina dhúshlán mar gurb as achan chearn den tír iad a gcuid imreoirí. Ach is é an t-imeacht speisialta in 2028 atá a gcuid súl dírithe air.
"Níl barúil againn go fóill cá huair a mbeidh an chéad chluiche eile ann, ach mar gheall ar an eispéireas a bhí againn, tá muid tiomanta go socróidh muid cúpla seisiún traenála. Tá muid ag iarraidh cúpla rud a eagrú atá fóirsteanach do gach duine ar an fhoireann.
"Ach an rud is mó atá ar intinn againn ná an Corn Domhanda i 2028, san Iodáil. Bhí muid ag labhairt faoi dhóigheanna ar féidir linn sin a bhaint amach. Caithfidh tú oiread áirithe cluichí a imirt, ní gá iad a bhaint, rud atá tábhachtach.
"Tá sin ar an fhís fhadtéarmach. Tá jab iontach déanta ag Coilín agus ag Oisín go dtí seo, mar sin tá mé ag dúil go mór le feiceáil cad é a dhéanfaidh siad."



